Cruinniú á lorg le comhairleoirí cathrach faoi chosc ar spóirt uisce ag trá Ghaeltachta

Crochadh comharthaíocht ag an trá Ghaeltachta i gcaitheamh an tsamhraidh inar cuireadh cosc ar an gclársheoltóireacht, an tsurfáil eiteoige, an tsurfáil agus spóirt uisce eile

Cruinniú á lorg le comhairleoirí cathrach faoi chosc ar spóirt uisce ag trá Ghaeltachta

Tá cuireadh tugtha do chomhairleoirí cathrach na Gaillimhe casadh le hionadaithe ón bpobal spóirt uisce as Bearna agus an ceantar máguaird leis an gcosc atá curtha ar an spórt uisce ag Trá na gCeann a phlé.

Crochadh comharthaíocht ag an trá Ghaeltachta i gcaitheamh an tsamhraidh inar cuireadh cosc ar an gclársheoltóireacht, an tsurfáil eiteoige, an tsurfáil agus spóirt uisce eile.

Cuireadh rún chun cinn ag cruinniú de chuid na comhairle cathrach inar éilíodh go mbainfí anuas an chomharthaíocht láithreach bonn agus go ngabhfaí i mbun comhairle leis an bpobal faoin mbainistiú atá le déanamh ar an trá amach anseo.

Maíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe gur cuireadh an cosc i bhfeidhm ar chomhairle ó Shábháilteacht Uisce na hÉireann go gcaithfí a leithéid a dhéanamh le stádas an Bhrait Ghoirm a choinneáil ag an trá.

Ní luaitear a leithéid de chosc sa cháipéisíocht a bhaineann le gradam an Bhrait Ghoirm. Deirtear, áfach, go gcaitear “bainistiú” a dhéanamh ar thránna le “timpistí agus coimhlintí” a sheachaint.

“Ba chóir snámhaithe a chosaint ó gach árthach mara. Nuair is gá, ba chóir zónáil a dhéanamh trí bhaoithe, rabhcán nó comharthaíocht a chur in áit. Caithfear an rud céanna a dhéanamh do cheantair shurfála,” a deirtear sa cháipéisíocht.

Tá comhghuaillíocht de ghrúpaí agus gnólachtaí spóirt uisce a bhíonn ar an bhfarraige i mBearna agus sa cheantar máguaird tar éis teacht le chéile ó crochadh na fógraí nua i gcaitheamh an tsamhraidh. Tá suíomh idirlín cruthaithe ag an ngrúpa lena gcás a chur chun cinn.

Tá cruinniú le reáchtáil ag an ngrúpa an tseachtain seo faoin scéal agus cuireadh tugtha acu do na comhairleoirí cathrach a bheith i láthair. Is é an moladh a chuirfidh an grúpa chun cinn ná go ndéanfaí dhá chuid de Thrá na gCeann – zón snámha agus zón spóirt uisce.

Chuirfí 50m den trá ar leataobh le hárthaigh a chur i bhfarraige agus d’fhágfaí an chuid eile den trá faoi lucht snámha.

Deir an grúpa gur fhág crochadh na bhfógraí “mearbhall agus imní” ar dhaoine a bhíonn ag úsáid na trá go rialta le haghaidh spóirt uisce agus go bhféadfadh sé go gcruthófaí aighneas nó achrann idir snámhaithe agus lucht spóirt uisce.

“Tá tóir mhór ar Thrá na gCeann le leathchéad bliain anuas mar áit do shnámhaithe agus do lucht spóirt uisce, agus tá Brat Gorm ann ó bhí 2006 ann. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe anois ag maíomh go gcaithfear cosc a chur ar an spórt uisce leis an mBrat Gorm a choinneáil.

“Rinneadh an cinneadh seo gan dul i gcomhairle leis an bpobal snámha ná spóirt uisce roimh ré, agus tá ceisteanna le freagairt faoin aird atáthar a thabhairt ar pháirtithe leasmhara agus faoin bpleanáil fhadtéarmach,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh an grúpa.

Maíodh gurb í Comhairle Cathrach na Gaillimhe an t-aon údarás áitiúil ar an gcósta thiar nach mbíonn córas zónála i bhfeidhm ar a cuid tránna agus gur iomaí trá eile ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a bhfuil an Brat Gorm ar foluain ann agus fáilte ann roimh shnámhaithe agus lucht spóirt uisce araon.

Fág freagra ar 'Cruinniú á lorg le comhairleoirí cathrach faoi chosc ar spóirt uisce ag trá Ghaeltachta'