Tromlach mór den tuairim gur chóir go mbeadh an deis ag páiste freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta – pobalbhreith

I bpobalbhreith nua, tugtar le fios go gceapann 77% den phobal ó dheas agus leath den phobal ó thuaidh gur chóir go dtabharfaí deis do dhaltaí scoile seal a chaitheamh sa Ghaeltacht

Tromlach mór den tuairim gur chóir go mbeadh an deis ag páiste freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta – pobalbhreith

Deir beagnach 80% den phobal ó dheas gur cheart go mbeadh an deis ag daoine óga ar a laghad tréimhse amháin a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge sa Ghaeltacht le linn dóibh a bheith ar scoil.

I bpobalbhreith a rinne an comhlacht taighde margaíochta Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, tugtar le fios go gceapann 77% den phobal ó dheas, nach mór ceathrar as gach cúigear, gur chóir go dtabharfaí deis do dhaltaí scoile seal a chaitheamh sa Ghaeltacht. Níor easaontaigh ach 7% leis an tuairim sin.

I dTuaisceart Éireann, dúirt 50% den phobal gur chóir go mbeadh deis ag gach dalta scoile freastal ar an nGaeltacht ar a laghad uair amháin le linn a dtréimhse scolaíochta. Mheas 36% den phobal sa dlínse sin nár cheart go mbeadh an deis sin ag daltaí.

In 2021, mhol an Seanadóir de chuid an Chomhaontais Ghlais, Róisín Garvey, sa Seanad gur chóir don rialtas ó dheas deontas a thabhairt do gach dalta scoile sa stát chun deis a thabhairt dóibh freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta.

Is minic a luaitear go bhfuil an costas a bhaineann le páiste a chur chuige coláiste samhraidh sa Ghaeltacht ina bhac ar go leor daltaí agus a dteaghlaigh.

Tá tugtha le fios ag Aire na Gaeltachta cheana gur mhaith léi níos mó deiseanna a thabhairt do pháistí freastal ar choláistí samhraidh.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge, gur gá don dá rialtas, thuaidh agus theas, níos mó tacaíochta a chur ar fáil do dhaltaí ar mian leo freastal ar choláistí samhraidh Gaeilge.

“Níl aon iontas orainn go bhfuil tacaíocht mhór ó dheas agus ó thuaidh do na coláistí samhraidh agus is aitheantas é seo ar thábhacht an eispéiris Ghaeltachta dár ndaoine óga,” a dúirt sé.

Tá Ó Tiarnaigh ina Chathaoirleach freisin ar Choláiste Aoidh Mhic Bhricne i dTeileann, nár osclaíodh ó bhí an phaindéim ann ceal lóistín do na daltaí, agus deir sé go bhfuil neart bacanna roimh dhaoine óga a bhíonn ag iarraidh teacht ar áit sna coláistí, de cheal lóistín, brú airgid agus costas.

Ábhar mór buartha do lucht na gcoláistí agus do phobal na Gaeltachta an titim shuntasach atá tagtha le blianta beaga anuas ar líon na dtithe a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí. Laghdaigh líon na mban tí 30% idir 2018-2022.

“Is gá do na ranna Rialtais ó dheas, agus ó thuaidh, tuilleadh tacaíochta i bhfoirm scéim chuimsitheach scoláireachtaí faoi mar atá leagtha amach sa Plean Fáis 2024-29 a chur ar fáil, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil an cumas acu íoc as na cúrsaí seo iad féin,” arsa Ó Tiarnaigh. “Ní mór dóibh fosta gach cuidiú a thabhairt do na coláistí féin agus na mná agus fir tí, go háirithe iad siúd atá sa chóras le fada an lá, agus iad siúd atá ag smaoineamh faoi scoláirí a choinneáil amach anseo.”

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc mar shraith scéalta an tseachtain seo.

I measc na gceisteanna a cíoradh sa taighde bhí dearcadh an phobail ar úsáid na teanga, an Ghaelscolaíocht, seirbhísí stáit trí Ghaeilge, cearta teanga ó thuaidh agus maoiniú na teanga ó dheas.

Roghnaíodh rannpháirtithe don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.0% ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Tromlach mór den tuairim gur chóir go mbeadh an deis ag páiste freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta – pobalbhreith'