Infheistíocht bhreise €220 milliún á lorg ag Conradh na Gaeilge chun 9,000 post a chruthú agus ‘cothrom na Féinne’ a fháil

Tá plean infheistíochta nua seolta ag Conradh na Gaeilge agus iad ag éileamh go dtiocfadh ardú ollmhór ar an airgead a chuirtear ar fáil do leithéidí Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus TG4 sna blianta amach romhainn

Infheistíocht bhreise €220 milliún á lorg ag Conradh na Gaeilge chun 9,000 post a chruthú agus ‘cothrom na Féinne’ a fháil

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcuirfí €223 milliúin breise d’infheistíocht ar fáil do na scéimeanna Gaeilge a ndéanann na rialtais ó dheas agus ó thuaidh maoiniú orthu faoin mbliain 2029.

Tá plean infheistíochta nua seolta ag an eagraíocht teanga inniu agus éileamh déanta ar ardú ollmhór ar an airgead a chuirtear ar fáil do leithéidí Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus TG4 sna blianta amach romhainn.

Deir Conradh na Gaeilge nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an dá rialtas in Éirinn le fada agus gur chóir deireadh a chur leis an bhfaillí atá déanta sa teanga.

Deirtear sa phlean, An Plean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029, go bhféadfaí breis is 9,000 post a chruthú in Éirinn dá dtacófaí leis na moltaí atá ann.

De réir na bhfigiúirí atá tiomsaithe ag Conradh na Gaeilge, níl ach idir 0.13% agus 0.17% de chaiteachas an Stáit ó dheas á chaitheamh ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta agus idir 0.02% agus 0.08% atá i gceist ó thuaidh.

Tá an Conradh ag éileamh go n-ardófaí sin go dtí 0.4% ó dheas agus 0.1% ó thuaidh faoin mbliain 2029 chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus do phobal na teanga.

I measc na moltaí is suntasaí sa phlean, tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcuirfí €50 milliún sa bhliain ar fháil do chiste infreastruchtúir Ghaeltachta a bheadh faoi stiúir na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobal. Bhíodh a leithéid de chiste ann cheana ach cuireadh deireadh leis agus deir Conradh na Gaeilge go bhfuil sé deacair ar bhailte agus ar cheantair Ghaeltachta dul i gcomórtas le haghaidh maoinithe ó chistí caipitil eile mar go mbíonn an daonra níos ísle go minic ná bailte agus ceantair eile lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá éileamh déanta freisin ar €50 milliún breise sa bhliain do TG4, a chuirfeadh an stáisiún ar comhchéim le S4C na Breataine Bige i dtaobh maoinithe de, éileamh atá déanta freisin ag Ardstiúrthóir TG4. Deir Conradh na Gaeilge go bhféadfadh an maoiniú seo suas le 1,900 post nua a chruthú.

Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge; Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge; Michaeline Donnelly, Tánaiste Chonradh na Gaeilge.

Deirtear sa phlean infheistíochta nua freisin go dteastaíonn ardú mór ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Ó thaobh an Údaráis, deirtear go ndearnadh “slad” ar bhuiséad caipitil na heagraíochta in 2008 agus go bhfuil buiséad caipitil reatha an Údaráis 43% níos lú ná mar a bhí an uair sin. Ardaíodh buiséad an IDA 66% agus buiséad Fhiontraíocht Éireann 30% sa tréimhse chéanna, a deir Conradh na Gaeilge.

Mar chuid den airgead breise atá á éileamh ag an gConradh don Údarás, tá €20 milliún breise sa bhliain do chistí caipitil – €10 milliún a bheadh dírithe ar uasghrádú agus athchóiriú ar fhoirgnimh reatha na heagraíochta agus €10.5 milliún eile a rachadh i dtreo fostaíocht nua a chruthú.

Maidir le Foras na Gaeilge, deir an Conradh nár tháinig aon ardú suntasach ar bhuiséad an Fhorais le 20 bliain anuas agus go bhfuil sé “scriosta” ag an mboilsciú.

Cuirtear an eagraíocht trasteorann teanga i gcomparáid leis an gComhairle Ealaíon, “áisíneacht eile a dhéanann obair chomhchosúil leis,” a deirtear. Tá buiséad Fhoras na Gaeilge íslithe ó €17.18 milliún in 2003 go €16.265 milliún anois. Sa tréimhse chéanna, tá buiséad na Comhairle Ealaíon ó dheas ardaithe ó €44.1 milliún go €130 milliúin, ocht n-uaire níos mó ná buiséad an Fhorais.

I measc na n-éileamh eile a dhéantar ar airgead breise sa phlean, tá thart ar €16 milliún sa bhreis gach bliain á lorg don phleanáil teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, €7.5 milliún chun Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais sa Ghaeltacht agus €1 milliún breise chun a leithéid a chur ar bun lasmuigh den Ghaeltacht, €9 milliún do scoláireachtaí go dtí na Coláistí Samhraidh Gaeilge,€6 milliún chun tuilleadh ban tí a mhealladh agus an deontas dóibh a ardú, €5 milliún do Chiste Caipitil le haghaidh lárionad Gaeilge ó dheas agus €5 milliún sa bhliain chun cabhrú le daoine tithe a thógáil sa Ghaeltacht

Fág freagra ar 'Infheistíocht bhreise €220 milliún á lorg ag Conradh na Gaeilge chun 9,000 post a chruthú agus ‘cothrom na Féinne’ a fháil'

  • Dónall Mór Mac Billings

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    SUIM

    220 Milliún nó 440 Milliún is cuma sa tsioc gan Suim a bheith ann !!!

    Níl an talamh réidh leis an Phobal a chur ag caint na Gaeilge agus ag iarraidh í a fhoghlaim !!!

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    SEO AN REITEACH —-

    Cothaigh ‘Suim’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Réabhlóid Pholaitiúil Shoisialta Chultúrtha atá a dhíth le teanga ar bith a neartú a thagann as mheon agus suim an Phobail. Ní thiocfaidh an t-athbheochan as saol caipitileach meán-aicmeach a bhfuil a rialtas ag iarraidh boilsciú a bhainistiú.

    Focal Scoir :——-

    Is olc an ghaoth nach séideann ………….b’fhéidir !!!!.

    Seans ann anois go bhfaighidh mé deontas ó Roinn na Gaeltachta le mo chuid thaispeántas féin a chur ar siúil ar thug mé —–‘ Taispeántas Ealaíne Easaontach’ —– air ( cnag ar an nasc thíos luaite) —- agus mé ag iarraidh an Ghaeilge, Ealaí0n ar an imeall, agus cúis cheart phoblachtach a chur chun tosaigh.

    Ach mo léan géar cloisim na drumaí méan-aicmeacha caipitleacha, caitliceacha ag bualadh sa ghaoth sa Saorstát agus an druma ba mhó acu ag ‘Sinn Féin’ leis an chomhbhualadh ‘cuir bac ar sin’ is easaontach é .

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Chime Poblachtach (ach Saor anois agus cead mo chinn agam )
    sa Ghaeltacht/Jailteach,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E
    Éire.

    An Darna focal scoir :——

    Beidh ‘Ciorcail Chainte/Chomhra’ ar siúil i Longfort gach Aoine san Óstán Armais nó sa teach tabhairne ‘Eascabar ?’ nó i dTeach Tabhairne ‘Valentine’ amach anseo ag 1.30 i.n. Labhair í agus mairfidh sí .

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************