Creid é nó ná creid, ach is féidir le saothar litríochta a bheith róshaothraithe

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Nuair a chuirtear an iomarca snasa ar théacs, seasann an scríbhneoir idir an scéal agus an léitheoir

Creid é nó ná creid, ach is féidir le saothar litríochta a bheith róshaothraithe

Tá dúil ag mo dheirfiúr mhór in úrscéalta troma intleachtúla. Ba cheart go dtuigfinn céard a bhí romham, mar sin, nuair a thug sí cóip de Lost Children Archive le Valeria Luiselli dom agus go ndúirt sí liom gurb é sin an t-úrscéal ba mhó a chuaigh i bhfeidhm uirthi le fada an lá.

Ba thuar dóchais dom go ndúirt mo dheirfiúr, leis, go raibh a hiníon atá i lár na bhfichidí faoi dhraíocht ag leabhar Luiselli freisin. Is beag daoine atá ar m’aithne a bhfuil tuiscint níos géarchúisí acu ar a bhfuil i bhfaisean ó thaobh na litríochta comhaimseartha de ná mar atá ag mo neacht.

Cinnte, tá cuma thar a bheith nua-aimseartha ar Lost Children Archive, a foilsíodh anuraidh. Cé go bhfuil nach mór 400 leathanach sa leabhar níl mórán de na míreanna ina bhfuil an insint roinnte níos faide ná leathanach ar fhad agus tá grianghraif fite fuaite tríd an téacs. Is léir tionchar na meán sóisialta ar an scríbhneoireacht; nílim ag dul thar fóir ach beagán má deirim go bhfuil cosúlacht idir an saothar seo agus snáithe tvuíteanna.

Tá an t-ábhar tráthúil, leis. Insíonn Luiselli, a rugadh i Meicsiceo ach a bhfuil cónaí uirthi i Nua-Eabhrac, scéal lánúin óg agus a mbeirt chlainne a théann ar thuras bóthair go hiardheisceart na Stát Aontaithe. Agus géarchéim na bpáistí inimirceacha as Meiriceá Láir agus Theas sna ceannlínte ar raidió an chairr gan stad gan staonadh, tá pósadh na dtuismitheoirí ag titim as a chéile.

Thug mé faoin leabhar go fonnmhar, ach ní raibh ach cúpla leathanach léite agam nuair a thug mé faoi deara go raibh rud éigin faoin téacs ag cur isteach orm. Ní raibh mé in ann mo mhéar a leagan air ar dtús, ach tar éis tamaill rith sé liom céard a bhí ag teacht idir mé agus pléisiúr na léitheoireachta: bhí an téacs róshaothraithe. I bhfad róshaothraithe. An chuma ar chuile abairt gur chaith an scríbhneoir uaireanta fada an chloig ag cur snas uirthi.

Ach a Alex, a deir tú, nach mbíonn tú féin de shíor ag seanmóireacht faoi thábhacht na heagarthóireachta?

Bíonn, cinnte. Agus níl rud ar bith mícheart leis má chaitheann údar ceithre nó cúig uair an chloig, nó ceithre nó cúig lá, ag cur snas ar abairt aonair nó dhó. Ach nuair a chuirtear snas ar chuile abairt beo tagann loinnir chomh geal sin ar an téacs trí chéile go ndallann sé na súile. Nuair a tharlaíonn sin, seasann an scríbhneoir idir an léitheoir agus an scéal. Ba é sin an taithí léitheoireachta a bhí agam agus Lost Children Archive á léamh agam: chuaigh an leabhar i bhfeidhm ar m’intinn ach theip air scun scan dul i bhfeidhm ar mo chroí.

Tá coincheap suimiúil in ealaín na Seapáine ar a dtugtar ‘wabi-sabi’ dearcadh saoil aeistéitiúil ina bhfuil meas mór ar an neamhfhoirfeacht; más fíor, fágann potadóirí na Seapáine máchailí beaga ar a n-earraí d’aon ghnó ionas nach mbeidh cuma rófhoirfe orthu. Ní rachainn chomh fada lena mholadh do scríbhneoirí lochtanna a fhágáil ina gcuid saothar d’aon ghnó, ach chuir leabhar Valeria Luiselli ar mo shúile dom go bhfuil a leithéid ann agus saothar atá róshnasta.

Fág freagra ar 'Creid é nó ná creid, ach is féidir le saothar litríochta a bheith róshaothraithe'