Craoltóirí Gaeilge ar buile faoi íocaíochtaí rúnda le Tubridy

Tá fearg mhór ar bhaill foirne i RnaG agus i Nuacht TG4 gur íocadh airgead breise go rúnda le Ryan Tubridy tráth a raibh ciorruithe i réim i seomra nuachta TG4 agus comhionannas pá á shéanadh ar oibrithe an raidió

Craoltóirí Gaeilge ar buile faoi íocaíochtaí rúnda le Tubridy

Ryan Tubridy. Pic: Andres Poveda

Tá craoltóirí na Gaeilge ar buile faoi chonspóid na n-íocaíochtaí rúnda breise a rinne RTÉ le Ryan Tubridy. 

Tá a lorg fágtha ag an gconspóid ar an dearcadh atá ag iriseoirí i Raidió na Gaeltachta agus i Nuacht TG4 i leith an chraoltóra. 

Tá fearg mhór ar bhaill foirne go leor sa dá sheirbhís a shíleann go bhfuil feall ar iontaoibh déanta ag RTÉ orthu tráth a bhfuil ciorruithe i réim i seomra nuachta TG4 agus comhionannas pá á shéanadh ar oibrithe RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Dúirt iriseoirí agus craoltóirí sa dá sheirbhís le Tuairisc go raibh an trealamh a bhíonn á úsáid acu “ag titim as a chéile” agus go mbíonn orthu “troid mhór” a chur suas chun aon rud breise a fháil. 

Tá aird tarraingthe freisin ag Ceardchumann na nIriseoirí ar chás na craoltóireachta Gaeilge i bhfianaise na conspóide. 

Deir Séamus Dooley, Rúnaí NUJ na hÉireann, go bhfuil cúiseanna imní éagsúla acu faoi impleachtaí an scéil do na meáin Ghaeilge. 

“Is é an t-údar imní atá againn gur tharla an idirbheartaíocht seo faoi Ryan Tubridy agus gur deineadh na socruithe speisialta seo tráth a raibh ciorruithe á gcur i bhfeidhm agus feachtas ar siúl ag SIPTU agus NUJ ar mhaithe le comhionannas pá a bhaint amach d’iriseoirí Gaeilge agus gan aon tacaíocht á fáil againn ó RTÉ maidir leis an gceist sin.”  

Tá an NUJ  buartha chomh maith go mbeidh an t-athbhreithniú atá le déanamh ar an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí stoptha fad is atá an t-athbhreithniú ar chultúr RTÉ ar siúl.  

Tá an ceardchumann ag iarraidh go rachadh an Rialtas ar aghaidh leis an athbhreithniú ar an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí agus go mbeadh maoiniú breise do na meáin Ghaeilge mar chuid de sin.  

“Táimid buartha faoi sin mar ní dóigh linn gur cheart pionós a ghearradh ar oibrithe RTÉ mar gheall ar bhotúin a rinne roinnt bheag daoine i dtaobh an rialachais.  

“Ní dóigh liom gur cheart ligean do cheist an phá i Raidió na Gaeltachta dul i léig mar gheall air seo ach oiread, agus tá impleachtaí anseo do mhaoiniú TG4 mar go mbaineann an t-athrú atá le déanamh ar struchtúr na táille ceadúnais le TG4,”  arsa Séamus Dooley.

Deir Rúnaí an NUJ go bhfuil acmhainní breise ag teastáil ó  RnaG agus TG4.  

“Ní féidir linn glacadh leis go mbeadh pairilis in earnáil na craoltóireachta seirbhíse poiblí agus caithfear ligean do Choimisiún na Meán a gcuid oibre a dhéanamh.” 

Dúirt oibrí amháin de chuid Raidió na Gaeltachta a labhair le Tuairisc go bhfuil daoine “an-fheargach agus díomách” faoin scéal.  

“Tá sé go dona, go háirithe agus ceist ann faoi thuarastal oibrithe Raidió na Gaeltachta atá ar phá níos lú ná oibrithe eile in RTÉ a dhéanann go bunúsach an post céanna san eagraíocht chéanna.”  

Tá ceisteanna eile ann chomh maith atá ag cur “frustrachas” ar oibrithe Raidió na Gaeltachta, ina measc an íocaíocht íseal a fhaigheann saor-iriseoirí Raidió na Gaeltachta. “Tá pá na saoririseoirí tubaisteach, bheadh náire ort faoi,” a dúirt an t-oibrí sin.

Luaigh sé chomh maith caighdeán an trealaimh agus dúirt sé nach ndearnadh aon infheistiú ann ná uasdátú air le blianta.  

Dúirt ball foirne de chuid Nuacht TG4 go raibh sé “náireach” go mbeadh ciorruithe á gcur i bhfeidhm ar an tseirbhís nuachta Gaeilge fad is a bhí airgead breise á fháil do chraoltóir. 

Faoi na ciorruithe a tugadh isteach in 2021 ní bhíonn aon cheamara dá gcuid féin ag lucht na seirbhíse Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Chomh maith leis sin bíonn lucht na nuachta Gaeilge i dtaobh le ceamara amháin san ardchathair Dé Máirt.  

Dúirt RTÉ ag an am go raibh na hathruithe á ndéanamh “le bheith níos  éifeachtúla agus le hairgead a shábháil”. 

D’iarr Aire na Meán agus na Gaeltachta Catherine Martin ar RTÉ anuraidh eolas a chur ar fáil faoi conas atá sé i gceist acu deireadh a chur leis an éagsúlacht idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.   

Deir RTÉ go rachfar i ngleic leis an gceist mar chuid d’athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar ghráid na bpost go léir san eagraíocht agus go gcuirfí tuairisc faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí faoin scéal. 

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir i RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu. 

Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire i RnaG, grád nach ann dó aon áit eile i RTÉ, mar a bhfuil 167 grád ar fad. 

Ní dheachaigh sé amú ar chraoltóirí RnaG an tseachtain seo gur lú an tuarastal atá ag clár-reachtaire ag barr an scála ná an íocaíocht bhreise €75,000 a fuair Ryan Tubridy gach bliain ar feadh trí bliana. 

Fág freagra ar 'Craoltóirí Gaeilge ar buile faoi íocaíochtaí rúnda le Tubridy'

  • Seán ÓM

    Bímis raideacach – bímis cruthaíoch:

    Ceist an lae:
    An ceart RnaG a bhaint amach as an struchtúr RTÉ agus grúpa craoltóireachta nua a bhunú le TG4-RnaG? (Stáisiún Cúla4 agus Raidió RíRá náisiúnta ar an mbealach chomh maith – is nascanna níos láidre leis na stáisiúin deonacha RF agus RnaL a thógáil).

    Bheadh Bord TG4 lán-sasta pá d’iriseoirí RnaG a mheaitseáil le pá iriseoirí Béarla RTÉ táim ag ceapadh.

  • Breathnóir1

    ´An ceart RnaG a bhaint amach as an struchtúr RTÉ agus grúpa craoltóireachta nua a bhunú le TG4-RnaG? (Stáisiún Cúla4 agus Raidió RíRá náisiúnta ar an mbealach chomh maith – is nascanna níos láidre leis na stáisiúin deonacha RF agus RnaL a thógáil).´
    Sílim féin gur smaoineamh an-mhaith é seo. Ní dóigh liom go bhfuil sé chun leas RnaG bheith ceangailte le RTÉ a thuilleadh.

  • An Sléibhteoir

    Is iomaí duine a thosnaigh amach i TG4 agus RnaG agus a fuair post ar ball i bpríomhchainéil RTÉ é féin, ba chóir na deiseanna siúd a choinneáil ar fáil d’iriseoirí na Gaeilge, ionas go mbeidh a fhios ag daoinibh nach aon ghairm bheatha cúng teoranta atá i gceist le hiriseoireacht Ghaeilge.

  • An Teanga Bheo

    Cearta daonna is cothrom i gconaí ?