Craobh an chontae buaite ag Naomh Anna agus Maigh Cuilinn ag prapáil do chluiche ceannais

I nDún na nGall, briseadh croí a bhí i ndán do Chloich Cheann Fhaola agus an cluiche ceannais idirmheánach caillte acu don dara bliain as a chéile agus Daingean Uí Chúis buacach ar an nGaeltacht i gCraobh Chiarrai Thiar

Craobh an chontae buaite ag Naomh Anna agus Maigh Cuilinn ag prapáil do chluiche ceannais

Craobh an chontae tugtha leo ag mná Naomh Anna

Tá mná Naomh Anna, Leitir Móir ag ceiliúradh a mbua i gcraobh an chontae agus cluiche ceannais Idirmheánach na Gaillimhe buaite acu Dé Sathairn. Bua ceithre phointe a bhí ag cailíní na Gaeltachta in aghaidh Mhionlaigh-na Sceachánaí in Uachtar Ard, 3-8 in aghaidh 1-10.

Thosaigh Mionlach-An Sceachánach go láidir agus bhí siad dhá phointe chun tosaigh luath sa chluiche ach d’aimsigh Sarah agus Mairéad Ní Loinsigh ceithre scór as a chéile do Naomh Anna chun iad a chur chun cinn leath bealaigh tríd an gcéad leath.

Tháinig Mionlach-An Sceachánach ar ais ar comhscór ach d’aimsigh Naomh Anna dhá chúl i dtréimhse chinniúnach díreach roimh leath ama. Ciara Ní Ógáin agus Clíodhna Ní Cheallaigh a rinne an beart.

D’fhág sé sin go raibh an fhoireann Ghaeltachta sé phointe chun tosaigh ag leath ama, 2-4 in aghaidh 0-4, ach tháinig Mionlach-An Sceachánach ar ais sa dara leath.

Ní raibh ach dhá phointe idir na foirne leath bealaigh tríd an dara leath ach nuair a d’aimsigh Ríona Ní Fhlatharta cúl den scoth do Naomh Anna in am cúitimh, chinntigh sí go mbeadh an lá le mná Naomh Anna. Scóráil Tessa Mullins cic éirice do Mhionlach-An Sceachánach agus an t-am nach mór caite ach bhí an rás rite faoin tráth sin.

Imreoidh Naomh Anna anois i ngrád na sinsear an bhliain seo chugainn agus ardú céime bainte amach acu don dara huair le cúpla bliain anuas. In 2018 a d’éirigh leo an Chraobh Shóisir a bhuachan.

Roimhe sin, beidh deis acu craobh an chúige a thabhairt leo agus iad anois san iomaíocht do Chraobh Idirmheánach Chonnacht.

Peileadóirí Mhaigh Cuilinn i gcluiche ceannais an chontae den chéad uair ó 1977

Tá áit bainte amach ag peileadóirí Mhaigh Cuilinn i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe den chéad uair le breis agus dhá scór bliain tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Réalta Thuama inné.

Farasbarr cúig phointe a bhí ag Maigh Cuilinn, 3-14 in aghaidh 1-15, i gcluiche den scoth i Staid an Phiarsaigh.

Chuir an fhoireann Ghaeltachta tús iontach leis an gcluiche nuair a fuair Owen Gallagher agus Dessie Conneely cúil sa chéad sé nóiméad. Bearna seacht bpointe a bhí idir na foirne ag leath ama agus Maigh Cuilinn chun tosaigh 2-9 in aghaidh 0-8.

Neartaigh fir Thuama sa dara leath, áfach, agus d’aimsigh siad 1-2 sa chéad chúpla nóiméad i ndiaidh an bhrisidh. Bhí siad ar ais ar comhscór agus gan ach deich nóiméad fágtha ach scóráil Paul Kelly cúl tábhachtach do Mhaigh Cuilinn. Laghdaigh Réalta Thuama an bhearna arís ach scóráil Maigh Cuilinn ceithre scór as a chéile roimh dheireadh an chluiche chun a gcéilí comhraic a chur de dhroim seoil.

An Creagán-Maigh Locha a bheidh sa chluiche ceannais le Maigh Cuilinn agus an ceann is fearr faighte acusan ar Chora Finne, seaimpíní na hÉireann le trí bliana anuas. Ba é cluiche an lae inné, a chríochnaigh ar scór 2-13 in aghaidh 0-12, an chéad cheann a chaill Cora Finne i gCraobh Shinsir na Gaillimhe ó 2012 agus seacht gcraobh as a chéile buaite acu ó shin.

Briseadh croí do Chloich Cheann Fhaola i gCraobh Idirmheánach Dhún na nGall

Crá croí a bhí ann arís do Chloich Cheann Fhaola agus cluiche ceannais Idirmheánach Dhún na nGall caillte acu don dara bhliain as a chéile. Naomh Náille a fuair an ceann is fearr orthu anuraidh agus ba é cumann Bhéal Átha Seanaidh, Aodh Ruadh, a sháraigh i mbliana iad, 2-14 in aghaidh 1-12.

Bhí na foirne ar comhscór leath bealaigh tríd an dara leath, 0-11 in aghaidh 1-8, ach d’aimsigh Aodh Ruadh dhá chúl chun go mbeadh an lá leo.

Cé gur chuir siad cic éirice amú tar éis 12 nóiméad, scóráil Paul Sweeney Chloich Cheann Fhaola an chéad cúl sa chluiche. Bhí an fhoireann ón bhFál Carrach pointe chun tosaigh ag leath ama, 1-6 in aghaidh 0-8, ach rinne na cúil a d’aimsigh Aodh Ruadh sa cheathrú uaire dheireanach scrios orthu.

Ócáid stairiúil a bhí sa chluiche agus bean ag réiteoireacht ar an gcluiche ceannais den chéad uair. Is í Siobhán Coyle ó chumann Ghaeil Fhánada a bhí i bhfeighil an chluiche.

Cearta gaisce i gCorca Dhuibhne ag fir an Daingin

Bhí an lá le Daingean Uí Chúis i Clásico Chorca Dhuibhne ag an deireadh seachtaine agus an ceann is fearr faighte acu ar Chumann Caide na Gaeltachta i gcluiche ceannais Chiarraí Thiar.

D’aimsigh Éanna Ó Conchúir trí phointe d’fhir na Gaeltachta sa chéad 15 nóiméad chun iad a fhágáil 0-4 in aghaidh 0-2 chun cinn leath bealaigh tríd an gcéad leath. Scóráil Ruadhán McCarthy agus Dylan Geaney pointí don Daingean idir sin agus leath ama, áfach, agus bhí na foirne ar comhscór, 0-5 an taobh ag an mbriseadh.

Ghlac an Daingean ceannas ar an imirt sa dara leath. Bhí siad trí phointe chun cinn, 0-10 in aghaidh 0-7, nuair a fuair Barry O’Sullivan cúl sa 51ú nóiméad chun buille maraithe na muice a bhualadh ar an nGaeltacht.

Seacht bpointe a bhí idir na foirne ar deireadh, 1-13 in aghaidh 0-9, agus Craobh Chiarraí Thiar tugtha leo ag Daingean Uí Chúis don tríú bliain as a chéile.

Fág freagra ar 'Craobh an chontae buaite ag Naomh Anna agus Maigh Cuilinn ag prapáil do chluiche ceannais'