COVID-19: An vacsaín faighte ag 1.9% den phobal agus tús á chur le dáileadh an dara dáileog 

Táthar ag súil go mbeidh 140,000 vacsaín curtha ar fáil faoi dheireadh na seachtaine seo chugainn

COVID-19: An vacsaín faighte ag 1.9% den phobal agus tús á chur le dáileadh an dara dáileog 

Annie Lynch. Pictiúr: Marc O'Sullivan / RollingNews.ie

Tá vacsaín faighte ag 1.9% den phobal agus táthar réidh leis an dara dáileog a thabhairt do na chéad daoine a fuair í, a deir an tAire Sláinte Stephen Donnelly.

“Tá vacsaín tugtha againn anois do 1.9% den daonra. Níl ár n-aistear ó thaobh an vacsaínithe ach ina thús agus beidh corrdhúshlán le sárú ar an mbóthar, ach tá an-chreidiúint ag dul do Paul Reid [Príomhfheidhmeannach an HSE] agus a fhoireann as an méid atá bainte amach acu tráth a bhfuil aire á tabhairt acu chomh maith do go leor othar sna hospidéil a bhfuil Covid-19 orthu,” arsa an tAire Sláinte ar Twitter. 

Thug sé le fios go raibh an tsnáthaid faighte ag 94,000 duine faoi oíche Dé Domhnaigh, 71,000 oibrí sláinte sa líne thosaigh agus 23,000 duine in ionaid altranais. 

“An tseachtain seo beidh an dara dáileog á fáil ag daoine – mar sin beidh Annie Lynch agus iad siúd a bhí ar an gcéad dream sa chlár ag fáil an dara vacsaín,” arsa Donnelly. 

Ba í Annie Lynch, bean 79 bliain as Baile Átha Cliath, an chéad duine a fuair an vacsaín Pfizer-BioNTech sa stát ó dheas.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse na Seirbhíse Sláinte Paul Reid go mbeadh 140,000 curtha ar fáil faoi dheireadh na seachtaine seo chugainn.

Tá ceisteanna á gcur faoin gclár vacsaínithe ó tháinig sé chun solais go bhfuair 16 gaol le baill foirne in Ospidéal an Choim an vacsaín.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh dochar déanta don mhuinín a bhí ag daoine as an gclár vacsaínithe. 

Bhí géarghá, a dúirt sí, le treoirlínte soiléire faoi cad ba cheart a dhéanamh sa chás go mbíonn dáileog bhreise den vacsaín ann.

Tabharfaidh an Rialtas a mbeannacht inniu do chomhaontú a fhágfaidh go mbeidh an vacsaín á tabhairt do dhaoine ag dochtúirí agus poitigéirí.

Cuirfidh an Rialtas €91 milliún ar fáil ón státchiste chun an vacsaín a thabhairt do 1.5 milliún duine.

Fág freagra ar 'COVID-19: An vacsaín faighte ag 1.9% den phobal agus tús á chur le dáileadh an dara dáileog '