Costais scoile
D’fhoilsigh an charthanacht do pháistí Barnardos tuairisc an tseachtain seo ag breathnú ar na costais a bhaineann leis an scoil. Suirbhé bliantúil a dhéanann siad ag an am seo den bhliain ag breathnú ar na costais scoile agus na dúshláin a bhíonn le sárú an t-am seo den bhliain ag teaghlaigh go leor. Cé go bhfuil leabhair scoile á gcur ar fáil anois ag leibhéal na bunscoile agus na meánscoile, tá costais arda fós ag baint leis an am seo den bhliain le páistí agus daoine óga a réiteach don scoil.
Gach bliain, déanann Barnardos suirbhé ar líne le tuismitheoirí le fáil amach céard iad na costais a bhíonn orthu lena gcuid páistí a fheistiú agus iad ag filleadh ar an scoil i mí Mheán Fómhair. I mbliana, cuireadh an suirbhé ar líne i rith mhí Iúil agus fuair siad 830 freagra. Bhain na freagraí leis na costais a bhaineann le 497 dalta bunscoile agus 333 dalta meánscoile. Is iad na costais a bhreathnaigh siad orthu ná na bunrudaí a mheastar a bheith ag teastáil le dul ar ais ar scoil, ar nós leabhair scoile, éadaí scoile, acmhainní ranga, teicneolaíocht dhigiteach, síntiúis dheonacha agus turais scoile.
Léiríonn torthaí an tsuirbhé go bhfuil imní ar riar maith tuismitheoirí faoi na costais sin i mbliana. Dúirt leath de na tuismitheoirí bunscoile agus 60% de na tuismitheoirí meánscoile go bhfuil imní orthu faoin gcostas a bhaineann lena gclann a bheith ag filleadh ar scoil. I measc na gcostas is mó a bhí ag déanamh imní do thuismitheoirí, bhí éadaí scoile speisialta, síntiúis dheonacha, agus airgead ar theicneolaíocht dhigiteach.
Tá Barnardos ag éileamh ar an rialtas breathnú ar leathnú amach a dhéanamh ar na tacaíochtaí atá ar fáil le costais scoile a laghdú tuilleadh. D’fháiltigh an eagraíocht roimh an méadú a rinneadh ar ráta an deontais chaipitíochta a fhaigheann scoileanna i mbuiséad na bliana seo caite agus tá siad ag iarraidh ar an rialtas méadú eile a chur leis i mbliana.
An fómhar ag teannadh linn
Níl aon amhras ach go bhfuil athrach ar an aimsir le seachtain anuas agus blaiseadh den fhómhar ag teannadh linn go réidh. Chonaic mé na héin ag bailiú le chéile sna tráthnóntaí agus iad ag cleachtadh don eitilt mhór atá rompu. Anseo is ansiúd, feicfidh tú sméara dubha móra lonracha ar na driseacha, is tá leathdhath buí ag teacht ar dhuilleoga na gcrann.
Is dóigh má tá na héin á réiteach féin don fhómhar, go bhfuil sé in am don duine déanamh amhlaidh. Níl na leabhair scoile le ceannacht níos mó, buíochas mór le Dia, ach tá go leor eile le réiteach sula dtosóidh an rírá is an ruaille buaille arís.
Tharraing muid amach na málaí scoile a bhí caite sna tarraiceáin istigh faoin staighre ón leathlá scoile ag deireadh mhí an Mheithimh. Shílfeá faoin am seo go mbeadh sé foghlamtha agam gur chóir nóiméad nó dhó a thógáil agus na boscaí lóin a fholmhú amach, ach is deacair nósanna nua a fhoghlaim.
Chuir mé an cailín beag amach ar dtús lena tarraiceán a fholmhú agus a mála scoile a thabhairt dom le níochán. “Ó No! Tá sé lofa!” an chéad rud a chuala isteach ón halla. “Ná tarraing aon anáil!” a d’fhógair sí orm agus í ag pinseáil a sróine le lámh amháin is an mála i ngreim aici sa lámh eile agus é sínte amach uaithi aici.
“Caith isteach sa mheaisín é go beo!” a dúirt mé léi. Chaith muid slám éadaí a bhí in íochtar an tarraiceáin i ngan fhios dúinn le dhá mhí isteach freisin agus dhún an doras de léim.
An gadhairín beag ag fanacht i Ros Muc
Ní dheachaigh Poipín go Sligeach ar deireadh agus ní bheidh sí ag dul in aon áit de réir cosúlachta. Bhí an gadhairín beag in ainm is a ghabháil ag a baile nua an deireadh seachtaine seo caite, is bhí na socruithe ar fad déanta, ach de réir mar a bhí an lá mór ag fáil níos gaire di, fuair mo mháthair amach nach raibh sí in ann scaoileadh léi.
Tá sí i ngar a bheith sé mhí d’aois anois agus é in am ag gadhairíní beaga a bheith ag déanamh a mbealaigh amach faoin saol.
“Breathnaigh ar an éadainín sin,” a deir sí nuair a cuireadh ceist uirthi cén fáth go raibh an gadhairín beag fós i Ros Muc nuair a bhí sí in ainm is a bheith imithe ó thuaidh go dtí na snaganna breaca.
“An bhfuil muid á coinneáil mar sin?” a d’fhiafraigh m’athair agus iontas air. Ní raibh aon réamhfhógra faighte aige faoin bplean nua. Is dóigh nach raibh a fhios ag mo mháthair féin go dtí gur tháinig an t-am le Poipín beag a scaoileadh uaithi.
“Ara, níl trioblóid ar bith inti,” a d’fhreagair mo mháthair. “Ní bheidh a fhios agat an bhfuil sí ann ar chor ar bith.”
***
Ag breathnú ar…
Na Féilte Tine
Craoladh an t-eagrán deireanach sa tsraith seo Dé Luain seo caite agus tá sé fós ar fáil ar sheinnteoir RTÉ. Breathnaíonn an tsraith ar fhéilte traidisiúnta na hÉireann a bhaineann leis na séasúir. San eagrán deireanach den tsraith breathnaítear ar na traidisiúin a bhaineann le ceiliúradh Lúnasa.
Fág freagra ar 'Costais scoile, an fómhar ag teannadh linn, an gadhairín beag ag fanacht i Ros Muc'