Cosán an chroí agus na cuisle – Foster and Allen 50 bliain ar bóthar

Tugann rath Foster and Allen léargas dúinn ar an tábhacht atá le bealach nádúrtha dúchasach gan cleasaíocht ná cur i gcéill

Cosán an chroí agus na cuisle – Foster and Allen 50 bliain ar bóthar

Bóthar fada.  Aistear as an gClochán Liath i nDún na nGall ó dheas go Tuaim i gcontae na Gaillimhe, máthair agus a hiníon. Bhí Foster agus Allen feicthe agus cloiste acu go minic cheana.  Ach turas ar leith a bhí sa gceann seo.  Tá an bheirt cheolmhar as contae na hIarmhí ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an mbóthar.

Ag siúl i dtreo na scuaine in Óstán an Ard-Rí bhí an bheirt ag caint ar an solamar a bhaineann siad as ceol agus amhráin Foster agus Allen. ‘Amhrán  an Róis Dheirg’ ab fhearr uilig leo – ‘Red is the Rose’.  “Ach cuireann na hamhráin cumha orm scaití,” a deir an mháthair.  “Sin é an saol.”

Líonadh halla an óstáin go doras, 360 suíochán.

Bhí na daoine óga gann.  An dream is mó a shantaíonn na ceolchoirmeacha seo anois, tá na blianta greanta ar a gceannaghaidh acu.   Chuirfeadh sé na línte i gceann d’amhráin mhóra Foster agus Allen i gcuimhne duit:

‘My face is a well written page, Maggie,

But time all alone was the pen.’

Ach ní locht é sin ar dhuine ar bith; níl ann ach go bhfuil go leor talún treafa, agus go leor bóithre siúlta.

Ach más ag cuimhneamh ar mhaoithneachas a bhí an slua i dtús na hoíche, athraíodh port dóibh.   Ba é Mick Foster ba mhó a bhí ar an stiúir i dtús na ceolchoirme. “Casaigí uilig na hamhráin in éineacht linn,” arsa Foster.  “Bheadh muid buíoch as cúnamh ar bith a thabharfaí dúinn san aois a bhfuil muid ann.”

B’éigean dó an t-aguisín “i gcead an chomhluadair” a chur le cuid dá chuid scéalta.  D’aithris sé féin agus a bhean chéile, Moira Fraser (a bhí ar an stáitse mar cheoltóir cúnta) agallamh beirte ar mhúnla amhránaíochta, agus bhaineadar scairteanna gáirí as an slua. Ach ní ceart a ligean i ndearmad gur boscadóir cumasach é Mick Foster.  Bhuaigh sé craobh na hÉireann, agus é gan mórán le cois a bheith ina sheanghasúr, i bhfad siar.  Tá scléip agus suantraí ina chuid méaracha.

Ba mhó a chonaiceamar de Tony Allen sa dara cuid den cheolchoirm.  Fonnadóir ábalta é Allen agus é paiteanta ar na hamhráin mhalla.  Ar ndóigh, ní fhéadfaí ceolchoirm de chuid Foster agus Allen a chur ar stáitse gan an seanamhrán ‘Maggie’ a bheith fite fuaite ann.

Is iontach an scéal é seo faoin gcaoi a ndeachaigh an t-amhrán sin, casta go deas simplí ar na seanbhealaí, isteach sna cairteacha in Éirinn, sa mBreatain, san Astráil, sa Nua-Shéalainn (ceithre seachtaine ag uimhir a haon), san Afraic Theas agus i dtíortha eile.   B’fhéidir go dtugann sé, aríst eile. léargas dúinn ar an tábhacht atá le bealach nádúrtha dúchasach gan cleasaíocht ná cur i gcéill. “We’re two lads from Westmeath,” a deir Mick Foster.

Leaid as an Iarmhí nach raibh uisce reatha ná leictreachas ina theach ag éirí aníos dó, a deir Foster, agus é ag tabhairt léargas ar cheann de na scéilíní a bhí aige.  “Ní raibh aon fhoscadh againn ach a dtiocfadh cruóg orainn san oíche ach sceacha lár tíre.”

An t-amhrán ‘A Bunch of Thyme’ a chuir gaoth ina gcuid seolta.  Chuireadar an caiséad amach sna 1970idí ach deamhan cor a bhí as.  Mhínigh Mick Foster an cás:  “Bhíomar sa tóir ar amhráin éigin eile ina dhiaidh sin, agus é ag cinnt orainn a theacht ar cheann.  Shocraigh muid go dtabharfadh muid iarraidh eile faoi ‘A Bunch of Thyme’ agus ní raibh stopadh ar bith leis an geábh seo, nó go ndeachaigh sé ar an runga ab airde i Sasana.”  Sin é a thug Foster and Allen go dtí an clár mór teilifíse Top of the Pops agus iad réitithe amach ina gcultacha uaine, rud a tharraing caint san am.  Ach, a deir Mick Foster, “tá Top of the Pops imithe le fada an lá, ach tá muide anseo fós.”

Bhí glór binn Tony Allen ag cur cogarnaíl agus cuimhní cinn i gcluasa an lucht éisteachta, agus an oíche ag sleamhnú léi. D’aithneofá ar bhean an Chlocháin Léith go raibh sí i saol eile anois.  Cén áit, cén uair, cá bhfios?

Ach tá a fhios ag beirt leaideanna na hIarmhí, cá bhfuil an croí, agus cá bhfuil an chuisle.

Fág freagra ar 'Cosán an chroí agus na cuisle – Foster and Allen 50 bliain ar bóthar'