Tá imní mhór léirithe ag polaiteoirí agus eagraíochtaí teanga faoi na figiúirí is déanaí maidir le líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge.
Léirigh figiúirí a foilsíodh ar Tuairisc an tseachtain seo go raibh an líon is mó riamh daltaí sa chóras oideachais a raibh díolúine acu ó staidéar na Gaeilge anuraidh.
Breis is 73,000 dalta bunscoile agus iarbhunscoile a raibh díolúine acu ón nGaeilge, de réir na bhfigiúirí is déanaí. B’ionann sin agus 7.5% den 977,527 dalta a bhí ar scoil sa stát in 2024/25.
Deir príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin, go bhfuil siad “thar a bheith buartha” faoi chóras na ndíolúintí agus gurb é córas na ndíolúintí “an bata is mó atá chun an teanga a bhualadh chun báis”.
Ag labhairt di ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inné, dúirt sí go bhfuil “neamhaird iomlán” á déanamh ar cheist na ndíolúintí agus nach bhfuil an “plé domhain” ná na moltaí ón chomhchoiste “á dtógáil san áireamh” ar chor ar bith.
Dúirt sí go gcreideann sí go bhfuil “gníomh práinneach” de dhíth chun dul i ngleic le fadhb na ndíolúintí agus nach gcuideoidh an Plean Gnímh don Ghaeilge i scoileanna Béarla atá le foilsiú ar an Déardaoin leis na fadhbanna seo a réiteach.
“Níl [An Plean Gnímh] chun réiteach a aimsiú ar na fadhbanna suntasacha, córasacha atá ann. Má tá muid ag déanamh tairiscint ghníomhach ar dhíolúintí do pháistí ar feadh an ama ag ráta dochreidte, tá muid i bponc i gceart leis an teanga seo,” a dúirt sí.
Deir an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Shónagh Ní Raghallaigh go bhfuil córas na ndíolúintí “as smacht go hiomlán” agus nach bhfuil “aon phráinn” á léiriú ag an Aire chun rud ar bith a dhéanamh faoin bhfadhb.
Dúirt Ní Raghallaigh, atá ina ball de Choiste Oireachtais na Gaeilge, go bhfuil sé “scannalach” go raibh oifigigh de chuid na Roinne Oideachais agus Óige os comhair an choiste an tseachtain a chuaigh thart agus nach raibh siad ábalta “a admháil go raibh fadhb leis an chóras”.
Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt sí go bhfuil “a lán bealaí” ina bhféadfaí an cás a fheabhsú, amhail an bonnleibhéal a thabhairt ar ais ag an Teastas Sóisearach, “rud nár chóir a bheith bainte sa chéad áit”.
Deir an Teachta Dála de chuid Shinn Féin go bhfuil deis á séanadh ar pháistí páirt a ghlacadh “inár gcultúr náisiúnta” agus gur ceist “comhionannais” í sin.
Bhí an dearcadh céanna ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, a dúirt go bhfuil an rialtas sásta go mbeadh “meascán de dhaoine againn sa tír seo” ach nuair a thagann sé go dtí cúrsaí teanga gur é an teachtaireacht atá acu ná “nach mbaineann an teanga libh”.
Deir sé go bhfuil “neamhaird á déanamh ar cheist na ndíolúintí” ag an Roinn agus gur cheart “mórpholasaí do mhúineadh na Gaeilge” a fhorbairt bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach.
Deir sé go gcinnteodh sin “córas solúbtha” a d’fhéadfadh freastal ar dhaltaí le riachtanais speisialta agus ar dhaltaí a bhíonn ag teacht isteach deireanach sa chóras scolaíochta.
Rinneadh athrú ar chóras na ndíolúintí in 2019 agus é fágtha anois faoi phríomhoidí an cinneadh a dhéanamh díolúine a bhronnadh ar dhalta.
Deir an Roinn Oideachais nach mbronntar díolúintí ach i gcásanna “eisceachtúla” ach is léir ó na figiúirí go bhfuil ardú mór tagtha orthu le roinnt blianta anuas.
Fág freagra ar '‘Córas na ndíolúintí an bata is mó atá chun an teanga a bhualadh chun báis’'