Meas tú an ndiúltódh an maistín leis an mbuama peitril ina ghlaic do chóir leighis san ospidéal in aice láimhe dá ndófadh sé é féin lena ghaireas loiscneach?
Is féidir talamh slán a dhéanamh de gur inimirceach a bheadh san dochtúir, radagrafaí nó altra a thabharfadh aire dó. Seans gur inimircigh a bheadh iontu uilig. Sin mar atá sa tseirbhís sláinte agus an pobal buíoch beannachtach as a gcúram.
Tá a fhios ag gach duine a leag cos in ospidéal i dTuaisceart Éireann le scór bliain go bhfuil seans maith gur daoine ón iasacht beirt nó triúr as ceathrar den fhoireann leighis.
Tá siad ag obair sna ranna ar fad agus ag gach grád nach mór. Tugtar faoi deara na daoine nach den chine geal iad, daoine a bhfuil údar mór imní acu i bhfianaise na gcíréibeacha ciníocha i mBéal Feirste agus áiteacha eile.
Bhí daoine as na hOileáin Fhilipíneacha i measc na n-oibrithe sláinte le fada an lá, ardmheas orthu as feabhas a gcuid oibre agus a gcineáltas. Díol suime ab ea é i gcónaí go raibh a muintir sa bhaile ag brath ar na puint a sheolfaidís abhaile, iad chomh beo bocht leis na hothair dhífhostaithe, nó níos boichte, seans.
Bhí comhbhá ag go leor de bhunadh an Tuaiscirt leo, thuigeadar cruatan, deoraíocht agus díláithriú. Ní hé sin le rá nár fhulaing siad maslaí agus ciníochas ach ní raibh scéin chomh forleathan is atá faoi láthair.
Le tamall de bhlianta tá líon mór altraí agus dochtúirí as an India ag obair sna hospidéil, ionaid chúraim agus i gclinicí na ndochtúirí teaghlaigh. Rith na hiontaobhais sláinte feachtas earcaíochta thar lear i ngeall ar an nganntanas foirne baile.
I measc na réigiún san India a raibh spéis ar leith acu ann bhí Kerala mar a bhfuil coláistí leighis ar ardchaighdeán; tháinig lear mór oibrithe as an stát sin anoir. Tá siad féin, na Filipínigh, daoine ón tSúdáin agus eachtrannaigh eile mar chloch choirnéil ag an tseirbhís sláinte abhus.
Deir othair chomh maith le ceardchumainn agus lucht bainistíochta na seirbhísí sláinte agus cúraim nárbh fhéidir déanamh d’uireasa na n-oibrithe ón iasacht. ‘Má théimid uilig abhaile,’ arsa altra as an nGuáin ‘cé a choinneos an córas ag imeacht?’ Sin ceist a bhí ar bharr a dteanga ag an-chuid daoine.
Tá Ospidéal na Cathrach i mBéal Feirste buailte le Sandy Row agus Bóthar Dhún na nGall, an chomharsanacht inar bhris na círéibeacha amach seachtain is an lá inné agus lean réabadh oícheanta eile. Loisceadh siopaí agus deineadh iarracht a n-úinéirí a ionsaí mar gur inimircigh neamhgheala iad, Moslamaigh.
Bíonn ar go leor d’fhoireann an ospidéil ag taisteal tríd an gceantar sin, bheadh sé deacair é a sheachaint. Nuair is leor dath do chraicinn chun lucht an fhuatha a tharraingt ort, cén t-iontas go ndeir siad go bhfuil faitíos orthu a dhul ar bhus nó tacsaí chuig an obair nó abhaile? Tá a thuilleadh scanraithe go n-ionsófar a dtithe agus go mbeidh a bpáistí i mbaol chomh maith leo féin.
Cháin eagraíochtaí na n-oibrithe sláinte na hionsaithe ar lucht gnó. Bhí an foréigean do-ghlactha as féin, ar siad agus b’uafás an ní é gur chothaigh sé scéin i measc altraí. Tá an córas sláinte agus cúram sóisialta ag brath go hiomlán ar a fhoireann ó mhionlaigh eitneacha, a dúirt NICON, scátheagraíocht na seirbhíse. Tá an eagraíocht ar a dícheall ag tacú le hoibrithe atá scanraithe ach d’admhaigh urlabhraí go raibh daoine ag caint ar Thuaisceart Éireann a fhágáil mar nár airigh siad sábháilte.
Contúirt don tsochaí ar fad is ea an foréigean ciníoch seo agus má ruaigeann sé oibrithe riachtanacha amach as an Tuaisceart beidh gach duine thíos leis. Ní bheifear in ann an tseirbhís sláinte a choinneáil ag imeacht d’uireasa na foirne ón iasacht atá mar dhlúth agus inneach inti le fada.
Pádraig O'hEipicín
Tá síocháin de dhíth ar fud an Domhain. In Ainm Dé.