Conradh do sheirbhís ardluais ar chostas €3 bhilliún aontaithe ag an Rialtas tar éis seacht mbliana

Beidh leathanbhanda ardluais ar fáil do 540,000 teach agus gnó, a bhformhór faoin tuath  

Conradh do sheirbhís ardluais ar chostas €3 bhilliún aontaithe ag an Rialtas tar éis seacht mbliana

Tá conradh le seirbhís ardluais leathanbhanda a chur ar fáil a chosnóidh suas le €3 bhilliún sna 25 bliana romhainn le síniú ag an Rialtas leis an chomhlacht infheistíochta Granahan McCourt as Meiriceá a bhfuil an Gael-Mheiriceánach David McCourt ina bhun.

Cuirfear seirbhís ardluais leathanbhanda ar fáil do suas le 540,000 teach agus gnó, an mhórchuid acu faoin tuath ar fud na tíre.

Ghlac an chomh-aireacht le cinneadh dul chun cinn leis an gconradh conspóideach ag cruinniú Rialtais a thosaigh ag 7.30am ar maidin inniu.

In iarthar agus i lár-iarthar na tíre a thosófar ar an obair ó tharla an conradh a bheith sínithe anois.

Táthar ag súil go mbeidh an tseirbhís nua ardluais ag an gceathrú cuid díobh siúd a bhfuil sí uathu faoi cheann bliana agus go mbeidh sé ag 95% den phobal laistigh de chúig bliana. Beidh fáil ar an tseirbhís leathanbhanda seo don phobal ar fad laistigh de sheacht mbliana.

Luas 30Mps ar a laghad a bhí iarrtha ag an Rialtas don tseirbhís nua ach tá sé geallta ag an ngrúpa a fuair an conradh go mbeadh ar a laghad luas 150Mbs ar fáil uathu do gach custaiméir agus ráta luais níos airde, suas le 1Gbs ar fáil dóibh siúd atá sásta tuilleadh a íoc as an tseirbhís sin.

Tá grúpa comhlachtaí i dteannta le Granahan McCourt sa chomhghuaillíocht a chuirfidh an tseirbhís nua ar fáil, ina measc enet, Actavo, KN Group, Nokia agus an fear gnó Walter Scott.

Bhain conspóid mhór leis an gconradh nua le seacht mbliana anuas agus cuireadh moill go minic ar an bpróiseas de bharr dúshláin dhlíthiúla, agus aighnis eile.

D’éirigh na comhlachtaí Eir agus Siro as an iomaíocht don chonradh agus ar deireadh ní raibh fágtha ar a thóir ach an grúpa a bhfuil an conradh faighte anois acu – grúpa infheistíochta Granahan McCourt agus iad ag feidhmiú faoin mbranda National Broadband Ireland.

Bhí ar an iarAire Cumarsáide Denis Naughten éirí as a phost anuraidh de bharr conspóid faoi chruinnithe príobháideacha a bhí aige le David McCourt. Tugadh le fios i dtuarascáil a choimisiúnaigh an Rialtas níos deireanaí nach raibh aon tionchar ag na cruinnithe a bhí ag an bheirt fhear ar an bpróiseas tairisceana agus go bhféadfaí dul chun cinn leis.

€500 milliún a bhí luaite leis an gconradh ar dtús ach beidh €3 bhilliún i gceist leis anois, sé oiread an chostais a bhí measta ar dtús.

Fág freagra ar 'Conradh do sheirbhís ardluais ar chostas €3 bhilliún aontaithe ag an Rialtas tar éis seacht mbliana'