Conradh ag súil le ‘tinreamh maith’ ag Ard-Fheis 2016 in ainneoin an Olltoghcháin

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha go raibh an eagraíocht ag súil le tinreamh maith ag Ard-Fheis na bliana seo, cé go mbeidh an t-olltoghchán agus an comhaireamh ag tarlú ar an deireadh seachtaine céanna

Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.
Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá Cornadh na Gaeilge “ag súil le tinreamh maith” ag Ard-Fheis na heagraíochta i mbliana cé gur ar Lá an Olltoghcháin a bheidh na toscairí ag teacht le chéile i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

D’fhógair an Taoiseach Enda Kenny inné gur Dé hAoine an 26 Feabhra a reáchtálfar an t-olltoghchán i mbliana. Bhí fógartha ag Conradh na Gaeilge i bhfad siar gur ar an deireadh seachtaine sin a bheadh Ard-Fheis 2016 ar siúl san Ardchathair.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, le Tuairsic.ie go raibh an eagraíocht ag súil le tinreamh maith ag an Ard-Fheis agus na himeachtaí eile ar an deireadh seachtaine in ainneoin an olltoghcháin.

Cuirfear tús le hArd-Fheis an Chonartha i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Dé hAoine ag a 7 a chlog, trí uair a chloig sula ndúnfar na hionaid vótála. Beidh imeachtaí na hArd-Fheise ag dul ar aghaidh an lá ina dhiaidh sin freisin a fhad is a bheidh na vótaí á gcomhaireamh.

Is é an tUachtarán Michael D. Higgins a osclóidh an Ard-Fheis agus beidh an chéad seimineár eile sa tsraith atá eagraithe ag an gConradh do Chomóradh an Chéid 1916 ar siúl díreach i ndiaidh óráid an Uachtaráin.

Is iad Peadar Kirby, ollamh emeritus le an bpolaitíocht idirnáisiúnta in Ollscoil Luimnigh; Regina Uí Chollatáin, ó Scoil na gCéimithe in UCD; Colm Ó Néill, Oifigeach Gaeilge AMLÉ; agus Cóilín Ó Cearbhaill, uachtarán an Chonartha a bheidh i mbun díospóireachta ar an ábhar ‘Conradh na Gaeilge agus Saoirse Intinne’.

Pléifear le gnáthimeachtaí na hArd-Fheise: rúin na gcraobhacha, tuairsicí na n-eagras atá faoi scáth an Chonartha, agus toghcháin an Chonartha Dé Sathairn sula dtabharfaidh Ó Cearbhaill óráid an Uachtaráin uaidh.

Tá imeachtaí eile eagraithe do lucht freastail na hArd-Fheise i ndiaidh na ngnóthaí oifigiúla freisin, turais stairiúla agus imeachtaí do theaghlaigh ar fud na cathrach.

Fág freagra ar 'Conradh ag súil le ‘tinreamh maith’ ag Ard-Fheis 2016 in ainneoin an Olltoghcháin'