‘Comrádaíocht, caife, comhrá’ – Caifé Gaelach nua in iarthar Bhéal Feirste

Beidh spás ‘sábháilte, spreagúil agus tacúil’ ar fáil i gcaifé nua Ghlór na Móna do Ghaeil an cheantair

‘Comrádaíocht, caife, comhrá’ – Caifé Gaelach nua in iarthar Bhéal Feirste

Tá caifé nua Gaelach oscailte in Uachtar Chluanaí in Iarthar Bhéal Feirste.

‘Comrádaíocht, Caife, Comhrá’ mana an chaifé nua ‘Anam – Caifé na Carraige’ tionscadal de chuid Ghlór na Móna, a bhfuil mar aidhm aige an Ghaeilge a neartú sa cheantar.

Dúirt Stiúrthóir Ghlór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh, go mbeidh spás “sábháilte, spreagúil agus tacúil” ar fáil do Ghaeil an cheantair.

“Áit é ina mbeidh daoine, idir óg agus aosta, ábalta teacht le chéile, foghlaim, agus fás le chéile.

“Tá sé de rún againn an spás seo a úsáid mar fhiontar sóisialta atá á stiúradh ag daoine óga sa cheantar agus mar chaifé oidhreachta ina bhfuil stair agus scéal an Uachtar Chluanaí á léiriú don phobal agus do chuairteoirí i gcoitinne,” a dúirt Mac Ionnrachtaigh.

Tá an caifé lonnaithe i bhfoirgneamh sealadach faoi láthair ach tá sé i gceist go mbeidh sé ag feidhmiú san ionad Gaelach atá beartaithe don cheantar amach anseo.

Dúirt Mac Ionnrachtaigh gur tionscadal sóisialta atá sa chaifé atá “tiomanta” do dheiseanna breisoideachais, oiliúna agus fostaíochta a chur ar fáil do dhaoine óga.

“Cuirfidh an fiontar seo deiseanna iontacha ar fáil do dhaoine óga maidir le

cúrsaí traenála, scileanna oibre agus foghlaim fad saoil a thabharfadh

cumhachtú agus muinín dóibh ag bogadh chun cinn,” a dúirt sé.

Dúirt Bainisteoir ‘ANAM’, Léann Ní Chonluain, go gcuirfear béim ar leith sa chaifé nua ar “inbhuanaitheacht”, “féin-inmharthanacht” agus “ar tháirgí áitiúla”.

“Trí thimpeallacht fháilteach agus spreagúil a chruthú, tá muid ag obair chun tionchar dearfach a imirt ar shaol daoine óga inár bpobal, agus cuireann muid fáilte roimh gach duine a bheith páirteach inár dturas chun difríocht shuntasach a dhéanamh i gceantar an Uachtar Chluanaí,” a dúirt Ní Chonluain.

Beidh ‘ANAM’ oscailte gach Aoine ó 9am – 3pm agus gach Satharn ó 8am-3pm.

Fág freagra ar '‘Comrádaíocht, caife, comhrá’ – Caifé Gaelach nua in iarthar Bhéal Feirste'