COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA: Na himreoirí ab fhearr, an cúl ab fhearr agus foireann shinsir an chomórtais

Cérbh iad buaicphointí an deireadh seachtaine ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018 sna Dúnaibh? Seo rogha Tuairisc.ie. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA: Na himreoirí ab fhearr, an cúl ab fhearr agus foireann shinsir an chomórtais
Captaen Bhulf Tón Niall Mac Locháin leis an gcorn

Imreoir Chraobh Shinsir na bhFear – Niall McLoughlin (Bhulf Tón)

Bhí sé feiliúnach gurbh é McLoughlin a d’ardaigh Corn an Aire tráthnóna Dé Luain mar níl aon amhras ach go raibh sé ar dhuine de na himreoirí ab fhearr i rith an chomórtais uile. Cé go raibh uimhir a ceathair ar a dhroim aige, bhí McLoughlin le feiceáil fud fad na páirce.

D’aimsigh an cosantóir dhá phointe bhreátha sa chluiche leathcheannais in aghaidh Naomh Columba agus rinne sé an t-éacht céanna inné in aghaidh na Ceathrún Rua. Ba é a d’aimsigh an chéad scór sa chluiche ceannais le hiarracht den scoth ón gcliathán agus fuair sé cúilín eile ag tús an dara leath.

Ní hamháin go raibh gaiscí McLoughlin le feiceáil ar chlár na scór ach i rith an chomórtais ar fad ba mhór an spreagadh do Bhulf Tón an díocas agus an cheannaireacht a léirigh sé.

Tá moladh ar leith tuillte freisin ag cosantóir eile de chuid Bhulf Tón, an lánchúlaí Eoghan Harrington. Thug Harrington seacht mbliana ag imirt don chontae agus ba léir an mianach atá ann i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Arís agus arís eile, lena lámh nó lena chos, d’érigh leis iarrachtaí ar scóranna ón bhfreasúra a stopadh agus murach é, is cinnte nach ag ceiliúradh a bheadh fir na Mí inné.

 

Alan Pasoma, Laoch na himeartha

Imreoir Chraobh Shóisir na bhFear – Allen Pasoma

Bhí 60 nóiméad caite sular fhág Allen Pasoma a lorg ar chluiche ceannais na sóisear inné ach ní dhéanfar dearmad go deo sna Dúnaibh ar a chúl sa chluiche. Ní hamháin gur chinntigh sé go mbeadh an bua ag a  fhoireann baile ar a bhfód féin ach chinntigh sé leis nárbh iad a gcomharsana, Gaeil Fhánada, a bheadh ag ceiliúradh.

Gary Bán Mac Laifeartaigh agus Lorcan Connor a chruthaigh an deis do Pasoma ach bhí obair fós le déanamh aige. Chuir sé de an cúl báire, Brendan Friel, roghnaigh sé a spota agus bháigh an pheil san eangach.

D’imir Pasoma, arb as an gCosaiv dá athair, an-mhaith do na Dúnaibh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Na Gaeil Óga sa chluiche leathcheannais. Dhá chúilín a fuair sé sa chluiche sin ach ba é cúl sin na cinniúna sa chluiche ceannais a d’fhág ina laoch é.

 

Colleen McGrath (12) Gleann Fhinne

Imreoir Chraobh Shinsir na mBan – Colleen McGrath (Gleann Fhinne)

Seacht gcúl a d’aimsigh Gleann Fhinne nuair a bhuaigh siar ar Mhaigh Cuilinn i gcluiche ceannais na sinsear inné agus ba í Colleen McGrath a d’aimsigh péire acu sin. Tá luas iontach sa leath-thosach ar chlé, rud a léirigh sí arís agus arís eile agus í ag gearradh tríd an gcosaint.

Fuair McGrath a cuid scóranna ag pointí cinniúnacha sa chluiche chomh maith. Bhí Maigh Cuilinn díreach ag socrú isteach san imirt nuair a d’aimsigh sí a céad chúl le hurchar ceart tar éis ceathrú uaire. Ansin, agus Maigh Cuilinn ag teacht ar ais sa choimhlint arís, McGrath a d’aimsigh cúilín den 1-2 a d’aimsigh Gleann Fhinne roimh leath ama. D’éirigh léi cúl deas eile a fháil sa dara leath.

 

Megan Ryan, Baile na nGallóglach

Imreoir Chraobh Idirmheánach na mBan – Megan Ryan (Baile na nGallóglach)

Bhí Baile na nGallóglach róláidir d’fhoireann Naomh Anna Leitir Móir, sa chluiche ceannais Idirmheánach Dé Domhnaigh agus ba é taispeántas Megan Ryan i lár na páirce ceann de na príomchúiseanna gur éirigh leis na Conallaigh an lá a thabhairt leo. Ní hí is mó a rinne an scóráil do Bhaile na nGallóglach, cé gur aimsigh sí  1-1, ach bhí Ryan, atá ar fhoireann Faoi-16 Dhún na nGall, ar fheabhas ó thús deireadh agus rinne sí an rud ceart gach uair a raibh seilbh na liathróide aici.

 

Rachel Coyle, Na Dúnaibh

Imreoir Chraobh Shóisir na mBan – Rachel Coyle (Na Dúnaibh)

Bhí an cluiche idir Na Dúnaibh agus Cill Chomáin i gcluiche ceannais sóisir na mban ar cheann de na cluichí ab fhearr a imríodh le linn an deireadh seachtaine. Is iad an fhoireann baile a thug an lá leo i ndiaidh am breise, a bhuíochas de thaispeántas dochreidte óna lántosach, Rachel Coyle.

Den 1-17 a d’aimsigh na Dúnaibh san 80 nóiméad a imríodh, scóráil Coyle 0-13. Tháinig seacht bpointe díobh sin ón imirt agus scóranna den chéad scoth ina measc. D’fhéadfadh níos mó fós a bheith aimsithe ag Coyle murach roinnt iarrachtaí a chur sí amú agus sábháil iontach a rinne cúl báire Chill Chomáin, Sorcha Ní Mhurchú.

Tá moladh tuillte freisin ag Síle Ní Threartaigh, a bhí ar fheabhas do na Dúnaibh sa chluiche ceannais agus a chruthaigh cuid mhaith de na deiseanna ar chuir Coyle críoch leo.

 

Pádraig Ó Sé

Cúl an Chomórtais – Pádraig Óg Ó Sé (An Ghaeltacht)

Ba é cúl Allen Pasoma an ceann ba thábhachtaí a scóráladh, ach is trua nach raibh lucht na gceamaraí ag TG4 i láthair don chúl is gleoite a scóráladh sna Dúnaibh. Níl aon amhras ach go bhfuil an gradam don chúl is fearr tuillte ag Pádraig Óg Ó Sé na Gaeltachta a scóráil ceann dochreidte ar fad i gcoinne na Ceathrún Rua Dé Sathairn.

Bhí An Ghaeltacht cúig phointe chun deiridh agus gan ach cúig nóiméad fágtha nuair a fuair Ó Sé seilbh na liathróide 25m ach ón gcúl. Agus fios aige go raibh cúl ag teastáil, phreab sé an liathróid ó chos go lámh, chuir sé an cosantóir de go tobann agus bhuail sé raspar trasna an chúil agus isteach i gcoirnéal na heangaí. Laghdaigh sé sin an bhearna idir na foirne go dtí dhá phointe ach, níorbh leor é do sheaimpíní na bliana seo caite. Bhí an lá leis an gCeathrú Rua ar éirigh leo seaimpíní 2015 agus 2016 a chloí chomh maith le linn an chomórtais.

 

Comórtas na dTeaghlach

Bhí ceathrar de dheartháireacha Uí Fhrighil ag imirt do Ghaeil Fhánada i gcluiche ceannais na sóisear inné, ach ní minic go mbíonn athair agus mac nó máthair agus iníon ag imirt lena chéile. Faoi dhó a tharla sé an deireadh seachtaine seo áfach.

Dé Sathairn, nuair a thug Bearna aghaidh ar Chill Chomáin, ba é Gearóid Butler a bhí sa chúl d’fhir na Gaillimhe. Bhí a mhac, Rhys mar leaththosach ar dheis acu.

Ar a laghad bhí taithí ag an mbeirt Bhuitléarach a bheith ag imirt lena chéile. I gcomórtas sinsir na mban, ní raibh ach ceathrar déag imreoirí ag Maigh Cuilinn sna Dúnaibh de bharr gortuithe agus scrúduithe. Mar gheall air sin, bhí ar Sharon Conneely, nár imir riamh cheana, imirt sa línelántosach don chluiche leathcheannais in aghaidh An Tearmainn. Bhí a hiníon, Taylor Walsh sa líne leathchúil sa chluiche céanna. Ní hamháin gur imir siad le chéile den chéad uair, ach bhuaigh Maigh Cuilinn an cluiche, 1-13 in aghaidh 1-7.

 

Foireann Shinsir an Chomórtais

 

  1. Seán Ó Gadhra (Naomh Columba)
  2. Conor Sheppard (Bhulf Tón)
  3. Eoghan Harrington (Bhulf Tón)
  4. Seán Enda Ó Flatharta (An Cheathrú Rua)
  5. Niall McLoughlin (Bhulf Tón)
  6. Jimmy Coyle (Gaeil Fhánada)
  7. Colin Ó Domhnaill (An Cheathrú Rua)
  8. Paddy Byrne (Naomh Columba)
  9. Oisín Shiels (Gaeil Fhánada)
  10. Niall O’Reilly (Bhulf Tón)
  11. Cian Ward (Bhulf Tón)
  12. Aaron Doherty (Naomh Columba)
  13. Maitiú Ó Domhnaill (An Cheathrú Rua)
  14. Fiachra Ward (Bhulf Tón)
  15. Oisín Boyce (Na Dúnaibh)

Fág freagra ar 'COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA: Na himreoirí ab fhearr, an cúl ab fhearr agus foireann shinsir an chomórtais'