Tá lucht ceannais an Aontais Eorpaigh agus margadh na mbannaí araon corraithe i ndiaidh don dá pháirtí fhrith-Eorpacha san Iodáil teacht ar aontú maidir le Rialtas a bhunú sa tír sin.
Ghnóthaigh Gluaiseacht na gCúig Réalta, páirtí a chuireann leas an aicme oibre chun tosaigh, 32% den vóta sa toghchán, agus d’éirigh leis an Lega 18% a fháil. Le chéile tá móramh acu – ach ar éigean é.
Ach is é an rud is spéisiúla ná go bhfuil an Lega ar an eite dheis agus gur srianta ar an inimirce an polasaí is mó aige.
Rinne lucht na gCúig Réalta iarracht comhrialtas a bhunú leis na daonlathaigh shóisialta, ach dhiúltaigh siadsan don iarracht toisc gur theastaigh ó na Cúig Réalta briseadh leis an Euro agus leis an Aontas Eorpach – go háirithe an iarracht filleadh ar chúrsaí mar a bhí roimh Maastricht.
Tá an Lega amhrasach faoin Aontas Eorpach freisin, ach tá imní orthu mar gheall ar shampla na Gréige is teastaíonn uathasan tabhairt faoi athrú a dhéanamh go mall stuama.
Mar chuid den chomhaontú san Iodáil mar sin, tá pleananna le haghaidh reifreann faoin airgeadra Euro curtha ar leataobh go fóill, agus ní rachfar i mbun feachtais le fiacha na hIodáile a chur ar ceal.
Ach ghéill an Lega maidir le tuarastal bunúsach €780 sa mhí a thabhairt do chuile shaoránach agus ghéill siad maidir leis an gcaiteachas poiblí a ardú. Tá lucht na gCúig Réalta sásta tacú leo maidir le hathrú polasaí san Aontas i dtaobh inimirce – polasaí a chuirfeadh an Iodáil ar aon dul leis an Ungáir agus leis an bPolainn.
Beidh an rialtas nua ag iarraidh Alitalia, an aerlíne náisiúnta, a bhunú arís is ní ghlacfar leis na srianta ar chaiteachas atá mar chuid den Chomhaontú Fioscach – agus beidh an rialtas ag iarraidh tuilleadh caiteachais ar chúrsaí sóisialta agus cáin a ísliú ag an am céanna.
Beidh siad ag iarraidh freisin go gcealófar na smachtbhannaí atá ar an Rúis – cé nach ag obair as a stuaim féin a bheidh siad sa chás seo óir bhí cruinniú an-dearfach idir Putin na Rúise agus Merkel na Gearmáine ag an deireadh seachtaine ag ar tugadh droim láimhe le polasaí na Stát Aontaithe i gcoinne na hIaráine agus ag ar moladh dlús a chur le comhfhiontair fuinnimh idir an dá thír.
Fágann polasaithe an rialtais nua go bhfuil iad i gcoimhlint ó thús leis an Aontas Eorpach, nó leis an gCoimisiún ach go háirithe, agus rachaidh an scéal chun donais nuair a fhillfidh na páirtithe ar a bplean maidir le reifreann faoin Euro.
Tá lucht stiúrtha an Aontais an-bhuartha faoi seo ar fad, mar tá an Iodáil rómhór le cur faoi chois, agus is mó an dúshlán a bhaineann leis an rialtas nua seo ná mar a bhain le rud ar bith a dhein na Gréagaigh.
Ar an taobh eile, creideann tráchtairí áirithe gur féidir maorlathas na hIodáile a úsáid le neamhní a dhéanamh de chlár an rialtais nua. Aontaítear go forleathan gur thubaiste a bhí sa Euro don Iodáil agus gur chaill an tír deiseanna móra dul i gcomórtas le tíortha eile nuair a chaill siad smacht ar a gcuid airgeadra féin.
Ach maíonn an Financial Times, mar shampla, go bhfuil an dearcadh Eorpach snite chomh domhain sin in aigne an mhaorlathais go mbeidh sé fíordheacair brú a chur orthu an clár a chur i bhfeidhm. Sin gan trácht ar na difríochtaí idé-eolaíochta sa chomhrialtas ina bhfuil páirtí de chuid na heite deise agus na heite clé ann.
Ach más sólás na hargóintí seo ag lucht stiúrtha an Aontais, níl na margaí chomh réchúiseach céanna faoin scéal. Thit luach na stoc i Milano go dtí an leibhéal ab ísle le roinnt míonna agus thit luach na mbannaí rialtais go leibhéal nach bhfacthas le fada.
Níl mórán plé á dhéanamh faoi na cúrsaí seo in Éirinn ar ndóigh, ach léiríonn pobalbhreith a d’fhoilsigh an Irish Times go bhfuil an pobal an-éiginnte faoi straitéis an rialtais i leith an Bhreatimeachta. Cé go bhfuil móramh suntasach ann i gcónaí ar son fanacht san Aontas, tá 40% ar son stop a chur leis an idirbheartaíocht murar féidir réiteach na teorann a fháil agus gan ach 41% ina choinne sin.
Creideann 45% gurb é an teorainn an cheist is tábhachtaí, ach ní aontaíonn 42% leis an áitiú sin.
Idir an dá linn, ag labhairt dó ag cruinniú in Westminster, dúirt iar-ambasadóir na hÉireann chuig Ceanada, Ray Bassett, nach bhfuil ann ach cur i gcéill a rá go gcuirfí stop le hidirbheartaíocht mura ndéantar dul chun cinn sásúil maidir leis an teorainn mar, dar leis, go ndéanfadh a leithéid níos mó dochair dúinne ná mar a dhéanfadh sé do na Sasanaigh.
Tá na fadhbanna ag teacht go tiubh i gcás an Aontais – ón Iodáil, ón Ungáir, ón bPolainn agus, ar ndóigh, ón mBreatimeacht.
Agus cúrsaí chomh mór sin in aimhréidh is deacair aon bhealach as an tsáinn a fheiceáil, agus ní haon chabhair é nach bhfuil aon phlé á dhéanamh faoi na roghanna. Táimid chomh dílis sin don Aontas nach bhfuilimid sásta glacadh leis fiú gurb ann do na fadhbanna seo, gan trácht ar sheasamh a thógáil ina dtaobh nó faoi rud ar bith a thabharfadh tús áite do leas na hÉireann.
Fág freagra ar 'Comhrialtas nua san Iodáil a chuirfidh le fadhbanna an Aontais Eorpaigh'