Comhlacht taiscéalaíochta dóchasach go bhfuil ola ar fáil amach ó Dhún Chaoin

Deir an comhlacht Providence go bhféadfadh an láthair ‘Dún Chaoin Theas’ a bheith ina láthair chomh maith is atá sa domhan ó thaobh ola de

Comhlacht taiscéalaíochta dóchasach go bhfuil ola ar fáil amach ó Dhún Chaoin

D’fhéadfadh go bhfuil stór mór ola ar fáil ar ghrinneall na farraige amach ó chósta Ghaeltacht Chiarraí, dar leis an gcomhlacht taiscéalaíochta ola Providence Resources.

Tá Providence Resources, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ar cheann de na comhlachtaí atá i mbun suirbhéireachta le tamall amach ó Dhún Chaoin i limistéar farraige a bhfuil achar 25,000 ciliméadar cearnach ann.

Tá beagnach 27% den cheadúnas sirtheoireachta don áit a mheastar ola a bheith ann, ‘Dún Chaoin Theas’, ag Providence agus is iad Eni as an Iodáil, Repsol as an Spáinn agus Sosina Exploration as Sasana na comhlachtaí eile a bhfuil sciar den cheadúnas acu.

Deir Providence go léiríonn an suirbhé seismeach tríthoiseach is déanaí atá déanta i ‘Dún Chaoin Theas’ nach mbaineann an fhadhb chéanna leis an láthair sin is a bhain leis an láthair eile in aice láimhe, ‘Dún Chaoin Thuaidh’, áit ar measadh gan aon luach a bheith leis an ola ann toisc í a bheith uiscealach.

Deirtear chomh maith go léiríonn na híomhánna suirbhéireachta is déanaí gur de bhunús dríodair ‘Droim Dhún Chaoin’, atá 700 ciliméadar cearnach ar fhad.

“Tá Dún Chaoin Theas go mór sa treis arís agus creidimid go bhféadfadh sé a bheith ina láthair chomh maith is atá sa domhan, a dúirt John O’Sullivan, Stiúrthóir Teicniúil an chomhlachta Providence.

Fág freagra ar 'Comhlacht taiscéalaíochta dóchasach go bhfuil ola ar fáil amach ó Dhún Chaoin'

  • Eoghan

    Níl iontu ach súmairí

  • Críostóir

    Más rud é go bhfuil ola ann, fág ann é.

  • Díomá

    Ach, thar rud ar bith eile, ní chun ár leasa é stór mór ola eile a aimsiú, ab ea?

  • Des O Murchu

    An mbeidh an maoin a thagann uaidh curtha I bpocai Cain Iocoiri na hEireann?