Tá sé fógartha ag an Aire Bonneagair ó thuaidh go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ar na comharthaí ag Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste agus ar na meaisíní ticéad.
Bhí conspóid ann nuair a osclaíodh an lárionaid iompair nua anuraidh mar nach raibh aon chomharthaíocht dhátheangach le feiceáil agus mar gur Weavers Cross amháin a tugadh ar an bhforbairt nua.
Dúirt John O’Dowd, an t-aire iompair ag an am, go raibh súil aige go dtiocfaí ar réiteach chun go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil sa stáisiún agus tá sé deimhnithe anois ag a chomharba, Liz Kimmins, go bhfuil comharthaíocht nua le cur in airde an Ghaeilge le bheith mar rogha ar na meaisíní ticéad.
“̌Is é Mórstáisiún Lárnach an tsaoráid chomhtháite iompair is mó ar oileán na hÉireann. Is teanga bheo faoi bhláth í an Ghaeilge, atá in úsáid ag daoine achan lá ar fud an tuaiscirt. Is cuí go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ag an stáisiún do thaistealaithe a bhfuil Gaeilge acu, agus don lear mór cuairteoirí a thagann go dtí an chathair chomh maith,” a dúirt an an tAire de chuid Shinn Féin.
“Is forbairt dhearfach í seo le tuilleadh feasachta agus tacaíochta a chur chun cinn don Ghaeilge.”
In ainneoin go raibh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus lucht feachtais ag éileamh go mbeadh brandáil agus comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil sa mhórstáisiún nua, cinneadh cur chuige aonteangach a chur i gcrích.
Dúirt lucht feachtais ag an am gurb amhlaidh go raibh pobal na Gaeilge “á bhrú go dtí cúl an bhus” sa chathair ach cuireadh fáilte roimh fhógra nua an aire.
“Is bua thar a bheith suntasach é seo do phobal na Gaeilge,” a dúirt urlabhraí An Dream Dearg, Cuisle Nic Liam.
“Nuair a d’oscail an stáisiún seo anuraidh le comharthaíocht aonteangach Bhéarla, bhí a fhios againn go raibh orainn an fód a sheasamh agus Translink a throid. Is spás comhroinnte é Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste atá ar luach na milliún punt agus é suite i gcroílár Bhéal Feirste i mbéal na Ceathrún Gaeltachta. Beidh seo anois mar eiseamláir chomhionannais ó thaobh chearta teanga de. Cinnteoidh sé go méadófar feiceálacht na Gaeilge, rud a dhéanfas normálú ar an teanga trí chéile,” a dúirt Nic Liam.
“Is céim mhór chun tosaigh é seo ar son an chomhionannais agus leagann sé síos dúshraith shoiléir d’údaráis phoiblí, spásanna comhroinnte eile, ollscoileanna agus comhairlí eile ag dul chun tosaigh.”
‘Cros na bhFíodóirí’ a bhí á mholadh mar leagan Gaeilge do Weavers Cross.
Deir an Roinn Bonneagair go gcuirfear an chomharthaíocht nua i bhfeidhm mar chuid de na hoibreacha leis an stáisiún nua a chríochnú.
Fág freagra ar 'Comharthaíocht i nGaeilge le cur in airde i lárionaid iompair i mBéal Feirste'