Comharthaíocht dhátheangach ar bhusanna Dhoire ‘namhaideach’

Tá cáineadh déanta ag an gComhairleoir Hilary McClintock (DUP) ar iarrachtaí an chomhairleora Kevin Campbell (SF) comharthaíocht dhátheangach a thabhairt isteach ar bhusanna Chathair Dhoire

bus

Tá cáineadh láidir déanta ag comhairleoir de chuid an DUP ar fhógra an Chomhairleora Kevin Campbell (SF) gur chas sé le lucht sinsear bainistíochta Translink i gCathair Dhoire chun comharthaíocht dhátheangach ar bhusanna a bhrú chun cinn.

Dúirt an Comhairleoir Hilary McClintock (DUP) le Tuairisc.ie nach raibh aon ghá an chomharthaíocht a thabhairt isteach agus gur beag duine sa chathair a thuigfeadh í.

“Níl an t-airgead againn an féar a lomadh sa chathair gan chaint ar rudaí mar seo. Níl aon mheastacháin déanta againne ar an bpraghas ach is cinnte go mbeadh costas leis.

“Tagann sé seo cúpla seachtain i ndiaidh an vóta faoin athrú ainm ó Londonderry go Derry, agus fuarthas réiteach ar an scéal sin blianta ó shin ach táthar á tharraingt anuas arís. Tá an dá rud naimhdeach,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Dúirt an Comhairleoir Campbell go raibh an cruinniú a bhí aige an tseachtain seo caite ‘an-dearfach’ agus gur beag an costas a bheadh ar an athrú.
“Creidim gur féidir é seo a dhéanamh ar chostas an-íseal. Tá comharthaíocht Bhéarla agus Ghaeilge ar sheirbhísí bus Translink in Iarthar Bhéal Feirste ó 2011 i leith. Tá eolas dátheangach do phaisinéirí ag stopanna áirithe bus freisin.

“Téann na céadta dalta chuig scoileanna atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge agus na céadta eile, idir óg agus aosta, ag freastal ar ranganna Gaeilge ar fud na cathrach agus ag glacadh páirte in imeachtaí cultúrtha agus spóirt trí Ghaeilge. Ba dhearfach agus forásach an beart é comharthaíocht dhátheangach a chur ar roinnt bealaí bus sa chathair seo,” a dúirt Campbell.

Ach dúirt an Comhairleoir McClintock le Tuairisc.ie nach raibh san iarracht ach ‘smoke screen’ chun laigeachtaí Shinn Féin i réimse eile a cheilt. Dúirt bean an DUP gur é seoladh an philibín óna nead ag Sinn Féin a bheith ag caint ar chomharthaíocht agus ag seachaint ceisteanna faoi easpa fostaíochta agus fadhbanna tithíochta.

Hilary McClintock
An Comhairleoir Hilary McClintock (DUP)

“Ní dóigh liom go bhfuiltear á iarraidh ar mhaithe le grá don Ghaeilge ach ar chúinsí polaitíochta amháin. Táimid ag iarraidh a bheith aibí agus forásach ach tá ceisteanna mar seo ár dtarraingt siar.

“Ní bheadh ann sa deireadh ach costas eile orainn. Chaithfí aistritheoirí a fhostú agus an córas taispeána ar na busanna a athrú. Bheadh imní orm go mbeadh cuid de na busanna ag tiomáint trí cheantair a gcuirfeadh comharthaíocht Ghaeilge isteach ar an bpobal fosta,” a dúirt sí.

Níl an Comhairleoir McClintock den tuairim go gcabhródh postanna in earnáil an aistriúcháin le fadhbanna fostaíochta i dTuaisceart Éireann.