Comhartha ‘dímheasa’ é go bhfuil cathaoirleach gan Ghaeilge ar choiste Oireachtais

Deir iarchathaoirleach ar choiste Oireachtais go bhfuil sé ‘dochreidte’ nach mbeidh daoine ón Ghaeltacht in ann a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge gan a bheith ag brath ar chóras ateangaireachta

Comhartha ‘dímheasa’ é go bhfuil cathaoirleach gan Ghaeilge ar choiste Oireachtais

Niamh Smyth. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Deir iarchathaoirleach choiste cultúir an Oireachtais, Peadar Tóibín, nár chóir go gceapfaí duine gan Ghaeilge mar chathaoirleach ar an Choiste Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spórt agus Gaeltachta.

Fógraíodh an tseachtain seo caite gurb í Niamh Smyth, urlabhraí cultúir agus ealaíon Fhianna Fáil, a bheas ina cathaoireach ar an choiste Oireachtais nua a mbeidh cúraimí na Gaeltachta air.

Dúirt ceannaire Aontú, a bhí ina chathaoireach ar an choiste céanna in 2018 sular fhág sé Sinn Féin, go raibh sé “dochreidte” nach mbeadh daoine ón Ghaeltacht a thagann os comhair an Choiste in ann a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge.

“I dtithe an Oireachtais, i bpríomhchathair na tíre, beidh ar mhuintir na Gaeltachta a ngnó a dhéanamh i mBéarla nó brath ar chóras ateangaireachta, córas a mbíonn go leor fadhbanna ag baint leis,” a dúirt sé.

Dúirt Peadar Tóibín gur léiriú eile é an ceapachán ar an “dímheas” atá ag Fianna Fáil ar an Ghaeilge.

“Dá mbeadh meas agat ar an teanga bheifeá ag iarraidh í a neartú, agus is léir gurb é a mhalairt atá i gceist ag an rialtas seo.

“Is rud imeallach ar fad í an Ghaeilge i meon Fhianna Fáil. Nuair a bhí mé i mo mhac léinn, bhí ballraíocht agam sa pháirtí agus is cuimhin liom gurb é an dara cuspóir a bhí ann ‘tír le Gaeilge a thógáil’ ach ní fhéadfá sin a rá sa lá inniu,” a dúirt sé.

Dúirt Tóibín gurb é “an easpa seirbhísí” atá ar fáil i nGaeilge an bac is mó atá roimh phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus go bhfuil an bac céanna sin le feiceáil ag an leibhéal is airde sa stát.

“Tá muid ag feiceáil an chaighdeáin uafásaigh chéanna ag an leibhéal is airde sa Stát agus airí i mbun cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge nach féidir leo déileáil le daoine i nGaeilge,” a dúirt Peadar Tóibín.

Dúirt Mairéad Farrell le Tuairisc.ie go bhfuil sé “tubaisteach” nach bhfuil Gaeilge ag an chathaoirleach ar an choiste nua a bhfuil cúraimí na Roinne Cultúir air.

“Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an gcathaoirleach chun a chinntiú go bpléifear ábhar a bhaineann leis an Ghaeilge i nGaeilge,” a dúirt sí.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go mbeifeá “ag súil” go mbeadh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta á bplé i nGaeilge ag aon choiste ar bith a bhfuil cúraimí na Gaeltachta orthu.

Idir an dá linn, is cosúil go gcuirfear rún maidir le bunú an choiste Gaeilge agus Gaeltachta eile i dTithe an Oireachtais faoi bhráid na Dála an tseachtain seo chugainn.

Maíodh sa Dáil an tseachtain seo caite gur “céim síos aisteach” don teanga é nach raibh Coiste Oireachtais na Gaeilge ar an liosta 17 coiste a cuireadh faoi bhráid na Dála.

Dúirt an té atá ainmnithe mar Chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Aengus Ó Snodaigh, go raibh gá le míniú maidir leis an moill i dtaobh bhunú an choiste.

Nuair a chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin a imní faoin scéal in iúl sa Dáil, mhaígh an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, nárbh amhlaidh go raibh an coiste Gaeilge á bhrú “ar leataobh” agus go raibh “tábhacht faoi leith” leis.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil téarmaí tagartha an choiste sin socraithe anois.

Beidh cúram na n-oileán Gaeltachta ar an gcoiste i gcónaí.

Fág freagra ar 'Comhartha ‘dímheasa’ é go bhfuil cathaoirleach gan Ghaeilge ar choiste Oireachtais'

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Seán Mac Aodhagáin

    Cuireann sé sin in úil dúinn nach bhfuil suim dá laghad ag an Rialtas inár dteanga duchais. Scannalach!!

  • Cluain Sceach

    Fear maith é an Tóibíneach