Comhaontú Stormont: margadh nó leathmhargadh?

Níl aon chaint ar Acht na Gaeilge a gealladh i gCill Rímhinn seachs in alt leamh amháin den chomhaontú

 

Pictiúr: Photocall Ireland
Pictiúr: Photocall Ireland

Bíodh sé ina mhargadh nó ina leathmhargadh tá socrú déanta sna cainteanna i Stormont. Údar iontais; bhíothas faoi réir cúig lá roimhe sin chun a fhógairt go raibh teipthe ar an iarracht seo, díreach mar a tharla ag an trath céanna anuraidh.

Is béas leis na páirtithe  a dhul go bruach na haille leis an sáraíocht ach bhí a fhios acu an t-am seo go raibh muinín an phobail ídithe acu. Bhí sé soiléir go mbeadh gá le margadh dearfach agus clár oibre inscrúdaithe chun an Feidhmeannas agus an Tionól dílaraithe a choinneáil beo, nó ba chirte a rá, chun iad a athbheochan.

Faoi théarmaí Chomhaontú Theach Stormont, gheobhfaidh an Feidhmeannas suas le dhá mhíle milliún punt sterling sna deich mbliana seo romhainn. Deontas ó státchiste na Breataine is ea timpeall an tríú cuid de sin agus is i bhfoirm iasachtaí a bheidh teacht ar an gcuid eile.

Beidh airgead le haisíoc gach bliain ach d’fhuascail an maoiniú an fhadhb faoi chiorraithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Beidh Stormont in ann ciste speisialta a chur ar fáil chun cuidiú leo sin a bheidh ar an ngannchuid i  ngeall ar na ciorraithe – céim a shásaigh Sinn Féin agus an SDLP.

Aontóidh Stormont buiséad i mí Eanáir agus déanfar dílárú ar cháin chorparáideach i 2017.

Tá airgead  sa phota freisin d’eagraíochtaí a bhunófar chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí agus a mhairfidh ar feadh cúig bliain. Tá seacht gcéad milliún punt d’iasacht ar fáil d’íocaíochtaí iomarcaíochta – chun an tseirbhís phoiblí a chúngú agus leath-bhilliún le haghaidh oideachas imeasctha nó comhroinnte.

Beidh fáil ar £350 milliún le haghaidh tograí infrastruchtúir agus caithfear acmhainní a dhíol – ar nós calaphort Bhéal Feirste.

Déanfar socruithe faoi Mhárta seo chugainn chun freasúra a cheadú más mian le páirtí atá i dteideal aireachtaí  an rogha sin a dhéanamh. Laghdófar líon na n-aireachtaí go naoi gcinn i 2016 agus líon na dteachtaí Tionóil ó 108 go 90 sa bhliain 2021.

Níl na freagraí chomh beacht sin ar na cruacheisteanna – paráidí, bratacha agus cultúir. Bunófar coimisiún faoi dheireadh an Mheithimh seo chugainn chun déileáil le bratacha agus ceist na féiniúlachta agus chun tuairisc a sholáthar faoi cheann bliain go leith. Tabharfar freagracht as  paráidí don bhFeidhmeannas a chaithfidh modh a aontú chun déileáil leo.

Níl aon chaint ar Acht na Gaeilge a gealladh i gCill Rímhinn (dúirt an DUP i gcónaí nar ghlac siadsan leis; gurb é rialtas na Breataine a gheall é).

In alt leamh – uimhir 68 –  den Chomhaontú nua deirtear:

“Ós fios do Rialtas na Ríochta Aontaithe agus Rialtas na hÉireann gur tugadh geallúintí i gcomhaontaithe cheana, ag aithint an tábhacht a bhaineann le tuiscint, caoinfhulaingt agus meas ar ilchineálacht  tacaímid leis an ngá le meas agus aitheantas don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann comhsheasmhach le Cairt Chomhairle na hEorpa um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.”

Níl trácht ar phíonós muna bhfaigheann an teanga an t-aitheantas sin.

Go ginearálta níl trácht ar phíonós faoi aon ní, ach den chéad uair tá clár monatóireachta ar fheidhmiú an réitigh leagtha amach sa chomhaontú seo.

Tá a leithéid fíor-riachtanach mar braitheann dul chun cinn ar dhea-thoil, ar pháirtithe a bheith ag comhoibriú lena chéile, ag seasamh lena bhfocal agus ag cloí le coinníollacha agus clár ama.

Tréithe iad sin a bhí fíor-ghann i Stormont go dtí seo, rud a chinntigh go raibh droch-chaidreamh idir an DUP agus Sinn Féin agus a chinntigh parailís i Stormont

Má mhaolaigh an margadh seo  soiniciúlacht an phobail  faoi na polaiteoirí  is de bheagan é. “Tháinig said ar réiteach nuair a bhí a bpostanna féin agus a gcuid  costaisí i mbaol” an port a bhí ag roinnt mhaith.

Beifear ag faire go géar féachaint an dtiocfaidh an pholaitíocht nua ar thagair Peter Robinson di agus an t-athrú céime a d’éiligh Martin McGuinness.

Thar éinne eile, is faoin mbeirt acusan an dea-shampla a thabhairt agus féachaint chuige nach nglacfar le maslú agus dímheas.

Má dhéantar an méid sin b’fhéidir go mbeadh seans  na forálacha sa gcomhaontú a chur i gcrích d’ainnneoin stocaireacht  do thoghchán na Bealtaine a bheith tosaithe.

Fág freagra ar 'Comhaontú Stormont: margadh nó leathmhargadh?'