Comhairle faighte ag breis is 1,000 seirbhíseach poiblí faoina ndualgais reachtúla teanga nua 

D’eagraigh Roinn na Gaeltachta seimineáir chun labhairt leis na seirbhísigh phoiblí maidir leis na hathruithe atá le teacht i bhfeidhm agus Acht na dTeangacha Oifigiúla leasaithe

Comhairle faighte ag breis is 1,000 seirbhíseach poiblí faoina ndualgais reachtúla teanga nua 

D’fhreastail os cionn 1,000 seirbhíseach poiblí ar sheimineár le déanaí chun foghlaim faoi na dualgais nua a bheidh orthu faoin reachtaíocht teanga.

Roinn na Gaeltachta a d’eagraigh an dá sheimineár agus labhair oifigigh de chuid na Roinne leis na seirbhísigh phoiblí ar na hathruithe atá le teacht i bhfeidhm agus Acht na dTeangacha Oifigiúla leasaithe.

Labhair an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag na seimineáir freisin faoin monatóireacht a bheidh ar bun ag a oifig féin i leith na ndualgas nua. Beidh feidhmeanna breise faireacháin ag an gCoimisinéir Teanga faoin acht leasaithe agus deis aige monatóireacht a dhéanamh ar achtanna eile.

I measc na leasuithe a ritheadh ar an Acht Teanga ag deireadh na bliana seo caite, tá deireadh le cur le córas na scéimeanna teanga. Bhí ar gach comhlacht poiblí a bhí ainmnithe faoin Acht scéim a ullmhú ina leagfaí amach na seirbhísí a raibh dualgas orthu iad a chur ar fáil i nGaeilge. Bhí an córas imithe chomh mór sin in aimhréidh sa deireadh gur éirigh an Coimisinéir Teanga as a bheith ag déanamh monatóireachta uirthi.

Córas bunaithe ar chaighdeáin a thabharfar isteach in áit chóras na scéimeanna teanga. Faoin gcóras nua, leagfar síos dualgais chomónta maidir le seirbhísí Gaeilge do chineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal. Mar shampla, bheadh níos mó dualgas ar an nGarda Síochána agus ar na Coimisinéirí Ioncaim ná mar a bheadh ar Oifig an Ard-Aighne nó Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, ar beag an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Tá sprioc agus spriocam maidir le hearcú Gaeilgeoirí sa státchóras agus dualgas reachtúil seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht anois leagtha síos san Acht Teanga chomh maith.

Bhí a gcéad chruinniú an tseachtain seo caite ag an gcoiste náisiúnta nua a bunaíodh le plean a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Roimh dheireadh mhí Lúnasa a fhógrófar go bhfuil tairiscintí á lorg ó ghrúpaí a mbeadh suim acu taighde a dhéanamh faoi staid na Gaeilge sa státchóras, taighde a bheidh mar chuid den phlean náisiúnta earcaíochta.

I measc na gcéad chéimeanna eile atá beartaithe i dtaobh na reachtaíochta nua, tá Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, le feidhm a thabhairt don fhoráil san acht a bhaineann le cúrsaí fógraíochta.

Faoin reachtaíocht leasaithe beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí feasta céatadáin áirithe dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge.

Tá sé i gceist go dtiocfaidh an chuid sin den dlí i bhfeidhm san fhómhar.

San fhómhar chomh maith a thabharfaidh an tAire Stáit feidhm d’fhoráil a chinnteoidh go gcaithfidh an ghairm a fhaigheann duine le dul ar ghiúiré a bheith i nGaeilge agus i mBéarla.

Roimhe seo ní raibh aon dualgas dlí ann go mbeadh gairm dá leithéid dátheangach.

Dúirt an tAire Stáit Chambers sa Dáil le déanaí go dtabharfaí feidhm den bhille de réir a chéile agus gur “plean fadtéarmach” a bhí i gceist nach dtarlódh “thar oíche”.

Fág freagra ar 'Comhairle faighte ag breis is 1,000 seirbhíseach poiblí faoina ndualgais reachtúla teanga nua '

  • Dónall Mac Billing(s)

    **********************************************************************************
    **********************************************************************************

    ” Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de reir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. Ní raibh na hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Cóiriúil’ (Polaitiúil) faoi lán seoil ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    Fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Ach, ach, mo léan is mo trua agus bhrón,
    is cuimhin liom na sean-laethanta agus
    mise os comhair na Cúirte Polaitiúla Speisialta
    mar a bheadh ‘An duine deireadh de na Mochains (sic)’
    nó Oisín i ndiaidh na bhFéinne’
    ag crá croí faoin ‘cheap magaidh’
    a bhídís ag déanamh fúmsa ag labhairt
    is ag iarraidh caipéisí Gaeilge, ach mo léan géar.

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Bloc E