‘Colmcille 1500’ á cheiliúradh ar líne an mhí seo

‘Colmcille 1500’ atá ar an chomóradh agus míle go leith bliain caite ó rugadh an naomh i nGartán, i gcontae Dhún na nGall 

‘Colmcille 1500’ á cheiliúradh ar líne an mhí seo

Tá imeachtaí ceoil, ealaíne agus cultúrtha ar siúl ar líne an mhí seo mar chuid den chomóradh atá á dhéanamh ar Naomh Colmcille.

‘Colmcille 1500’ atá ar an chomóradh agus míle go leith bliain caite ó rugadh an naomh i nGartán, i gcontae Dhún na nGall.

Tá suíomh nua trítheangach colmcille.org á sheoladh ag Foras na Gaeilge don chomóradh agus beidh léarscáileanna idirghníomhacha, ábhar físe nua agus eolas ar chonairí an naoimh ar fáil ann i nGaeilge, Gaeilge na hAlban agus i mBéarla.

Tá seacht saothar nua ealaíne coimisiúnaithe do chomóradh na bliana seo ag Acadamh Ríoga na hÉireann, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus fógraíodh dhá cheann acu inné.

Ceann acu ná píosa ceoil bunaithe ar phíosa as bailiúchán Carmina Gadelica le Alexander Carmichael, a bailíodh i nGaeltacht na hAlban breis agus céad bliain ó shin.

Julie Fowlis, Éamon Doorley, Zoë Conway agus John McIntyre na ceoltóirí mór le rá a chum an píosa ceoil, atá le cloisteáil ar fhíseán nua.

Saothar leis an máistirchallagrafaí Timothy O’Neill atá sa phíosa ealaíne eile, dar teideal Cruinne Cholm Cille. Tá línte ó dhán Sean-Ghaeilge faoi Cholm Cille ina cheartlár agus íomhánna ó na lámhscríbhinní ba mhó a shamhlaítear leis an naomh le feiceáil sa phictiúr: An CathachLeabhar DharúLeabhar Cheanannais agus an cuntas a scríobh Maghnas ó Domhnaill sa 16ú haois déag, Betha Colaim Chille.

Idir an dá linn, anocht ag a 7pm, tabharfaidh an tOllamh Lillis Ó Laoire caint sa tSean-Bheairic ar an Fhál Carrach faoin amhránaíocht dhiaga ‘Colmcille i gComhthéacs – Iomainn Bheannaithe’ agus Diane Ní Chanainn, Niamh Ní Dhubhgáin agus Conall Ó Gallachóir ag gabháil cheoil.

Taispeánfar den chéad uair an mhí seo freisin ábhar físe a léirigh Ligid Léiriúcháin le Sonia Nic Giolla Easpaig. Cloisfear scéalaíocht Ghearóidín Bhreathnach sa saothar seo agus beidh radharc an ar na láithreacha a raibh baint ag Colmcille leo in Éirinn agus in Albain.

Beidh an taispeántas ‘Colmcille – Man and Myths’ ar siúl i Músaem an Túir i nDoire go dtí Meán Fómhair, sula mbogfaidh sé go Músaem Chontae Dhún na nGall.

Seachtain na hOidhreachta, ón 25 Lúnasa, eagróidh Acadamh Ríoga na hÉireann sraith léachtaí ar líne, i nGaeilge agus i mBéarla, ‘Colmcille 1500: Texts and Tradition’.

Tá gach eolas maidir leis na himeachtaí a bheidh á reáchtáil in Éirinn agus in Albain ar fáil anseo.

Fág freagra ar '‘Colmcille 1500’ á cheiliúradh ar líne an mhí seo'