Coiste oireachtais chun athbhreithniú a dhéanamh ar Straitéis 20 Bliain na Gaeilge geallta ag na Daonlathaigh Shóisialacha

Maíonn na Daonlathaigh Shóisialacha go ndéanfaidís tuilleadh infheistíochta in oiliúint múinteoirí Gaeilge ‘to equip them to inspire students to continue their language journey beyond school’

15/7/2015 New Political Venture called Social Democrats with (L TO R) Roisin Shortall, Catherine Murphy and Stephen Donnelly at their launch in the Wood Quay Venue, Civic Offices, Wood Quay, Dublin. Photo: RollingNews.ie
Na Teachtaí Dála Roisin Shortall, Catherine Murphy agus Stephen Donnelly. Pictiúr: RollingNews.ie

Bhunódh na Daonlathaigh Shóisialacha coiste oireachtais chun ‘athbhreithniú cuimsitheach’ a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, de réir a bhforógra toghcháin a foilsíodh ar maidin.

Deirtear sa bhforógra céanna go bhfuil éileamh níos mó ná mar a bhí ag an bpobal ar an nGaeloideachas, agus go ndéanfaí soláthar don éileamh sin mar chuid d’athstruchtúrú ar ‘mhúnlaí pátrúnachta na scoileanna’. Dá mbeidís i gcumhacht chinnteodh an páirtí nuabhunaithe, a deir siad, go mbeadh an luathoideachas ar fáil i nGaeilge, ‘go háirithe sa Ghaeltacht agus i mbailte móra’.

Ach deis acu a bheith i rialtas, dhéanfadh an páirtí athbhreithniú chomh maith ar a éifeachtaí is atá na hiarrachtaí atá ar bun borradh a chur faoi gheilleagar na Gaeltachta.

Maíonn na Daonlathaigh Shóisialacha go ndéanfaidís tuilleadh infheistíochta in oiliúint múinteoirí Gaeilge ‘to equip them to inspire students to continue their language journey beyond school’.

Seoladh a bhforógra toghcháin Building a Better Future 2016-2026 agus gealltar ann go gcuirfeadh an páirtí deireadh le bochtanas i measc páistí agus go gcruthófaí 100,000 post mar thoradh ar an gcóras baincéireachta nua a chuirfidís ar bun.

Bunaíodh na Daonlathaigh Shóisialacha i mí Iúil na bliana seo agus 14 iarrthóir atá ag seasamh dóibh san olltoghchán. Tá cúram na ceannaireachta á roinnt idir triúr de na hiarrthóirí sin; na Teachtaí Dála Catherine Murphy, Róisín Shortall agus Stephen Donnelly.

 

Fág freagra ar 'Coiste oireachtais chun athbhreithniú a dhéanamh ar Straitéis 20 Bliain na Gaeilge geallta ag na Daonlathaigh Shóisialacha'