Coiste Gaeilge an Oireachtais ‘faoi mhíbhuntáiste mór’ de dheasca easpa seirbhísí Gaeilge

Tá éileamh déanta ag coiste Oireachtais ar Cheann Comhairle na Dála a chinntiú go mbeidh siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh ina rogha teanga

Coiste Gaeilge an Oireachtais ‘faoi mhíbhuntáiste mór’ de dheasca easpa seirbhísí Gaeilge

Tá ráite ag Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais go bhfuiltear ag feidhmiú “faoi mhíbhuntáiste mór” i gcomparáid le coistí eile atá ag obair trí Bhéarla toisc nach bhfuil seirbhísí uile Thithe an Oireachtais ar fáil i nGaeilge.

Tá éileamh déanta ag an gcoiste ar Cheann Comhairle na Dála an “éagothroime” teanga a réiteach agus a chinntiú go mbeidh baill an choiste in ann a gcuid oibre a dhéanamh ina rogha teanga.

Tá míshástacht léirithe ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge nach bhfuil seirbhísí áirithe ar fáil dóibh go dátheangach. Deirtear nach mbíonn seirbhísí leabharlainne agus taighde, seirbhísí comhairle dlí, seirbhísí craoltóireachta agus seirbhísí caidreamh poiblí ar fáil ach i mBéarla amháin.

“Cé go bhfuil Comhaltaí an Chomhchoiste sásta i láthair na huaire le himeachtaí reatha agus cúraimí an Chomhchoiste, nílimid sásta leis na seirbhísí atá ar fáil dúinn ó Sheirbhís Thithe an Oireachtais,” a dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

Dúirt an Teachta de chuid Shinn Féin go bhfeidhmíonn an coiste “go huile agus go hiomlán” trí mheán na Gaeilge ach nach bhfuil seirbhísí iomlána an Oireachtais ar fáil dóibh.

“Táimid den tuairim go bhfuil sé de cheart againn na seirbhísí sin a fháil inár dteanga oibre féin, agus sinn i mbun obair an Chomhchoiste; agus gur chóir go mbeadh na seirbhísí sin ar comhchéim leis na seirbhísí atá ar fáil do na Coistí eile go léir a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Ní hamhlaidh atá an scéal agus, mar sin, feidhmíonn an Comhchoiste faoi mhíbhuntáiste mór, i gcomparáid leis na Coistí eile, agus iad siúd i mbun a gcuid oibre.”

Agus Tuarascáil Bhliantúil an choiste foilsithe le gairid, aontaíodh dul i dteagmháil leis an gCeann Comhairle, an Teachta Seán Ó Fearghaíl, ag éileamh go gcinnteofaí go mbeidh na seirbhísí ar fáil go dátheangach.

Sa litir a cuireadh chuig an gCeann Comhairle, iarradh air na heaspaí “a réiteach chomh luath agus is féidir.”

De réir tuarascáil bhliantúil an choiste a foilsíodh le gairid, tionóladh 42 cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge agus 12 cruinniú eile de Roghchoiste na Gaeilge idir Deireadh Fómhair 2020 agus Nollaig 2021.

Léiríodh sa tuarascáil nár fhreastail ball amháin den choiste, an Teachta Dála Danny Healy Rae, ar bheagnach 95% de na cruinnithe a tionóladh le linn na tréimhse sin.

Fág freagra ar 'Coiste Gaeilge an Oireachtais ‘faoi mhíbhuntáiste mór’ de dheasca easpa seirbhísí Gaeilge'