‘Coinnímis in Éirinn é’ – feachtas ar bun chun an chéad aistriúchán Gaeilge ar an Sean-Tiomna a cheannach

€5,000 atá ag teastáil ó choimeádaí The Cotton Library, leabharlann deoise Leasa Móire, chun an bíobla Gaeilge a foilsíodh i 1685 a cheannach agus a choimeád mar chuid dá mbailiúchán leabhar agus lámhscríbhinní

‘Coinnímis in Éirinn é’ – feachtas ar bun chun an chéad aistriúchán Gaeilge ar an Sean-Tiomna a cheannach

Tá feachtas bailithe airgid ar líne ar bun ag coimeádaí leabharlainne i bPort Láirge chun ‘an chéad Bhíobla Gaeilge’, Bíobla Bedell, a cheannach.

€5,000 atá ag teastáil ó choimeádaí The Cotton Library, leabharlann deoise Leasa Móire, chun an bíobla Gaeilge a foilsíodh i 1685 a cheannach agus a choimeád mar chuid dá  mbailiúchán leabhar agus lámhscríbhinní.

An Gaeilgeoir William Bedell, Easpag Chill Mhór agus Ardach, a d’aistrigh an bíobla go Gaeilge le cuidiú ó bheirt chainteoirí dúchais a rinne an saothar a phrofléamh.

Sasanach, agus scoláire Eabhraise ab ea Bedell, a tháinig go hÉirinn ina phropast ar Choláiste na Tríonóide i 1637, cúpla bliain sular coisriceadh é ina easpag de chuid Eaglais na hÉireann.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Daniel Fleming, coimeádaí na leabharlainne agus an té atá i mbun an fheachtais, gur “cor cinniúnach i stair na tíre agus na Gaeilge” ab ea foilsiú Shean-Tiomna Bedell agus go bhfuil deis anois ag The Cotton Library an bíobla a cheannach.

“Mhair an lámhscríbhinn sin trí thinte, cogaí agus eachtraí eile sular tháinig an t-eolaí, an fealsúnaí agus an diagaire aitheanta Robert Boyle uirthi i 1681. Ba le hairgead Boyle a foilsíodh an chéad leagan Gaeilge den tSean-Tiomna i 1685.

“Foilsíodh 500 cóip de Shean-Tiomna Bedell, agus tháinig 420 de na cóipeanna sin go hÉirinn, cé gur scriosadh formhór na mbíoblaí sna blianta ina dhiaidh sin,” a dúirt coimeádaí The Cotton Library.

Cé gur Bíobla Bedell a thugtar air, tá aistriúcháin den Tiomna Nua, a rinne Ardeaspag Thuama, William Daniel, tríocha bliain roimhe sin ar fáil ann. Ba é an t-aon aistriúchán Gaeilge a rinneadh ar an Bhíobla go ceann 300 bliain eile.

Bhain conspóid mhór le foilsiú an tSean-Tiomna i nGaeilge i lár an 17ú haois, tráth nár cheadaigh an eaglais Chaitliceach aistriúcháin ón Laidin ar an Bhíobla agus ar cheap Eaglais na hÉireann gur cheart gur i mBéarla seachas i nGaeilge ba chóir paidreacha na hEaglaise Protastúnaí a bheith á léamh ag muintir na hÉireann.

William Bedell. Íomhá: Emmanuel College, Cambridge

Dúirt Fleming gur “daonnachaí ceart” ab ea William Bedell, a thuill meas an phobail Phrotastúnaigh agus an phobail Chaitlicigh. Nuair a bhásaigh Bedell i 1642, bhronn na reibiliúnaithe Gaelacha “gach onóir” a d’fhéadfaidís a bhronnadh ar William Bedell.

Dúirt coimeádaí The Cotton Library go raibh sé “tábhachtach” go gcoinneofaí Bíobla Bedell in Éirinn agus go mbeadh “fáil ag an bpobal air”.

“Is mian linn go mbeadh fáil ag daoine ar an mbailiúchán leabhar agus lámhscríbhinní atá againn anseo, bailiúchán a bhfuil luach oideachais an-mhór i gceist leis.”

Bunaíodh The Cotton Library in eaglais Leasa Móir in 1851 agus tá níos mó ná 2,000 leabhar agus sean-lámhscríbhinn in dhá theanga dhéag i seilbh na leabharlainne.

Tá feachtas gofundme bunaithe ag The Cotton Library agus deir Daniel Fleming go mbeadh sé buíoch dá mbeadh daoine sásta “luach cupán caife fiú” a thabhairt don fheachtas.

Fág freagra ar '‘Coinnímis in Éirinn é’ – feachtas ar bun chun an chéad aistriúchán Gaeilge ar an Sean-Tiomna a cheannach'

  • Breandán Ó Caollaí

    Cén áit is féidir síntiús a thabhairt?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Scéal spéisiúil a léiríonn an iarracht a rinne an cuid is fearr de na Protastúnaigh usáid a bhaint as an nGaeilge le teagasc Luther a chraobhscaoileadh in Éirinn. Fairíor d’fhan na Gael in Éirinn dílis don Róimh!

    Dá mba rud é gur ghlac ár sinsear leis an Protastúnachas agus mar a rinne na Gael in Albain agus muintir na Breataine Bige, seans maith go mbeadh staid na teanga i bhfad níos fearr ná mar atá.

    Dála an scéil níl leath a dhóthain creidiúint tugtha do na iarrachtaí fónta a rinne na Protastúnaigh léamh na Gaeilge a theagasc do cainteoirí dúchasacha Gaeilge in áiteacha mar Corcha Dhuibhne, Conamara agus Acaill sa 19ú aois, ag usáid Bíobla Bedell. Ceiltear an stair sin orainn le caint faoi ‘soupers’ etc. Misinéireacht a bhí ar bun mar a bhíodh ar bun ag an Eaglais Rómánach san Afraic, san Ind, sa tSin agus in áiteacha eile.

  • Pól Ó Collata

    @BreandánÓCallaoí Tá an nasc don fheachtas anseo:

    https://www.gofundme.com/f/keep-the-bedell-irish-language-bible-in-ireland

  • Larry Phelan
  • margarita anne nohilly

    Tá sé iontach an scéal sin a léiriú ar lá na n-aistritheoirí.