Coinnigh súil ar Tiger Woods agus Tiger Roll i mBliain Nua an Tíogair

Beidh go leor ócáidí móra spóirt ar siúl i mbliana, cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i mBéising agus Corn Sacair an Domhain i gCatar

Coinnigh súil ar Tiger Woods agus Tiger Roll i mBliain Nua an Tíogair

Faoi cheann cúpla seachtain déanfaidh Sínigh ceiliúradh ar Bhliain Nua an Tíogair, bliain a bhfuil athruithe dearfacha luaite léi. Tá dosaen ainmhithe ar an liosta as a ndéantar an roghnú bliantúil – an damh a bhí anuraidh ann agus an francach in 2020 – is é an tíogar is cróga agus bítear ag súil i gcónaí le dea-bhliain uaidh.

Is leor nod don eolach – i mo chuid cearrbhachais, b’fhearr liom riamh an leid is fánaí ná a bheith ag brath ar leabhar taifead na rásaí a bhfuil tiús an Bhíobla ann. Glacaim leis anois ón scéal atá tagtha anoir chugam gur fiú geall a chur ar Mhac Con Coille san Augusta Masters agus ar Tiger Roll san Aintree Grand National – ach iad a bheith san iomaíocht iontu.

An deireadh seachtaine céanna a bheas siad ar bun in 2022 – an dara ceann de mhí an Aibreáin. Tá 33-1 le fáil as an gcapall agus 50-1 as Woods. Níor chóir go gcuirfeadh sin aon ionadh ort. Cúig huaire atá na Máistrí buaite ag an ngalfaire, ach níor imir sé anuraidh siocair cos dá chuid a bheith briste.

Faoi dhó atá an Grand National buaite ag Tiger Roll – bhí sé ag cuartú an tríú ceann as a chéile nuair a cuireadh ar athló an rás in 2020 agus d’fhág easaontas idir a chuid úinéirí agus an Turf Club faoin meáchan a bheadh le n-iompar aige nár rith sé anuraidh.

Tháinig tuilleadh de mhéadú ar a phraghas le gairid nuair nár chríochnaigh sé rás in Aintree ag tús na míosa seo caite, ach cé go bhfuil sé 12 bliain d’aois agus nár bhuaigh capall chomh sean sin le beagnach scór bliain (Amberleigh House 2004). Fós seo each a bhfuil beagnach €1.5 milliún buaite aige.

Mura dtaitníonn na tíogair leat céard faoi Bryson de Chambeau (16-1) agus Cloth Cap (33-1), capall John Joe O’ Neill? Sin dhá ainm eile a thagann le chéile go deas!

Ag tús na míosa seo chugainn reáchtálfar Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i mBéising (an 4-20 Feabhra), agus idir a bheith teanntaithe agus an seans a bheith ann go mbeidh níos mó ag iomaíocht ar son na tíre seo ná a bhí riamh, tabharfar aird níos mó anseo orthu ná mar a tugadh cheana.

Faoi cheann seachtaine nó mar sin a ainmneofar foireann iomlán na hÉireann, ach orthu siúd a bhfuil cáilíocht bainte amach cheana acu tá Thomas Moloney-Westgaard (sciáil trastíre) a saolaíodh san Iorua agus an clársciálaí a rugadh in San Diego, Seamus O’Connor.

Tá suas le deichniúr eile ag súil ainmniúchán agus cáilíocht a bhaint amach agus faoi mar a bheifeá ag súil, fearacht na beirte thuas, is lúthchleasaithe de bhunadh Éireannach a rugadh i gcéin a mbunáite.  

Is é Brendan Doyle an t-eisceacht agus is é an skeleton nó an bolgshleamhnán a spórt siúd – ceann ina mbíonn luas suas le 130km/u faoin iomaitheoir – a shrón buailte ar an oighear agus é ag sleamhnú anuas ar a bholg ar chláirín tanaí.

Ball den Gharda Síochána ab ea an Rianach ar bhain gortú dó agus é i mbun a chuid dualgas roinnt blianta ó shin. Ní bhíonn sé in acmhainn taisteal chuig na háiteacha sin ar domhan ina bhfuil na hionaid traenála tógtha go speisialta sa sneachta agus dá bharr is sa lárionad i mBaile an Aba a dhéanann seisean a chuid féin – ar thraic miotail a rinne gabha dó agus atá leagtha ar an urlár.

Níl aon mhaoiniú le fáil ó Spórt Éireann don bholgshleamhnán agus dá réir tá sé ag brath ar thacaíocht an phobail.

An lá deireanach de mhí an Mheithimh a thosós Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann i gCnoc Juliet in aice Bhaile Mhic Andáin. Cúrsa é a bhfuil áit faoi leith i mo chroí aige, ní hamháin mar gheall ar a fheabhas, ach freisin as eachtra a tharla do chúpla chara de mo chuid ceann de na blianta i dtús na 1990idí nuair ba ansiúd a imríodh freisin é.

Bhí an bheirt ag baint lán na súl as an imirt agus iad ag Gaeilgeoireacht leo nuair a chuir an fear seo bleid orthu ag ceann de na poill. Cé a bheadh ann ach Tim Mahony, fear a chaith tamaillín ag obair le hÚdarás na Gaeltachta sula ndeachaigh sé i mbun gnó é féin. 

Faoin tráth sin bhí sé ar dhuine de na fir ghnó ba mhó le rá sa tír. Ba leis an comhlacht Toyota Ireland nuair a tosaíodh ag tabhairt na ngluaisteán sin isteach anseo agus ba ghearr go mba iad ba líonmhaire sa tír.

Bhí an-tóir ar an ngalf agus ar an nGaeilge ag Tim, teach aige gar do Chúrsa Cheann Sibéil agus nuair a cheannaigh sé eastát Chnoc Juliet thug sé cuireadh do Jack Nicklaus cúrsa a leagan amach ann. 

Níor aithnigh mo chairde é, ach nuair a chuala sé ag spalpadh na Gaeilge iad, labhair sé leo sa teanga chéanna. D’fhiafraigh sé díobh cá raibh siad ag fanacht. Míníodh dó gurbh amhlaidh a bhí campa sa gcarr acu agus nach raibh aon áit roghnaithe go fóill agus dúirt seisean: “Ní thiocfaidh sibh níos faide ná seo” gur thug amach i gcoill an eastáit nó gur aimsigh áit fhoscúil, theolaí inar chaith siad cúpla oíche.

Ní shamhlóinn go dtarlódh a leithéid i St. Andrews, áit a mbeidh Comórtas Oscailte Shasana ar bun coicís i ndiaidh an chinn sin againne.

I lár mhí Iúil beidh Craobhacha Lúthchleasaíochta an Domhain ar bun i Eugene, Oregon, áit a mbeidh os cionn 200 tír in iomaíocht. 

Ba sa gcéad choimhlint de na cluichí seo in Heilsincí i 1983 a bhuaigh Éamonn Coghlan bonn óir – is minic feicthe agaibh an meangadh a tháinig ar a bhéal nuair a bhailigh sé an Sóivéadach Dmitry Dimitriyev ag déanamh ar an gcúinne deireanach. Ó shin tá boinn óir buaite ag na craobhacha ag Sonia O’ Sullivan, Olive Loughnane, Robert Heffernan, Marcus O’Sullivan, Frank O’Meara agus Derval O’Rourke.

I Račice, baile beag in Iarthuaisceart Phoblacht na Seice nach bhfuil cónaí ann ach ar 308 duine, a bheas Craobhacha Rámhaíochta an Domhain ar siúl i lár mhí Mheán an Fómhair. 

Bhuail fiosracht mé de bharr ar chomh beag agus a bhí an áit, chuaigh mé ag fiach ar bhreis eolais. Séard a thaispeáin Google Maps dom nach bhfuil an siopa ná an teach ósta féin i Račice – ní fhaca mé ach garáiste a bhí dúnta agus mar a bheadh siopa gruagaire a bhí ag ‘Veronika’ éicint, ach atá anois ‘Prode’ (ar díol)!

Fós níl aon chall imní do Dhonnabhánaigh ná do Chárthach an Sciobairín go bhfaighidh siad ocras ná tart sa gcás gur ann a bheidh a dtriall, ná do Sanita Pušpure ach an oiread. Míle taobh amuigh den bhaile atá ceanncheathrú rámhaíochta na tíre, áiseanna chomh breá agus go bhfuil Craobhacha an Domhain agus na hEorpa eagraithe cheana ann go mion agus go minic. 

Níl Prág ach 40km ó bhaile.

Craobhacha iad seo ina bhfuil 10 mbonn óir, naoi gcinn airgid agus ocht mbonn cré-umha buaite ag Éireannaigh le scór bliain anuas. 

Siad babhtaí ceannais Chraobh Sacair an Domhain sa Chatar idir an 21 Samhain agus an 18 Nollag mórimeacht spórt deireanach na bliana 2022. Beidh 32 foireann sa tóir ar Chorn Jules Rimet, an chéad uair ag an iomaíocht a bheith ar siúl i stát Arabach.

Dhá mhilliún duine atá sa Chatar atá ag réiteach faoi chomhair na hócáide ó 2010, ceann nach bhfuil aon easpa conspóide ina thaobh idir líomhaintí breabaireachta, teocht ard agus ceilt a gcearta ar oibrithe imirce a bhfuil 6,500 acu básaithe ó tosaíodh ar an obair ullmhúcháin.

Orthu siúd a bheas ag brath ar an teilifís is ag 10.00am, 1.00pm, 4.00pm agus 7.00pm (am na hÉireann) a thosós na cluichí réamhbhabhta. Is ag 3.00pm agus ag 7.00pm a thosós na babhtaí ceannais.

Fág freagra ar 'Coinnigh súil ar Tiger Woods agus Tiger Roll i mBliain Nua an Tíogair'