Coimhlint idir tíreolaíocht agus figiúirí a bhí san obair

Tá an oiread sin tóir ag pobal na hÉireann ar an bpolaitíocht gur cinnte go mbainfear spraoi as cur i bhfeidhm na moltaí a rinne An Coimisiún Toghcháin an tseachtain seo

Coimhlint idir tíreolaíocht agus figiúirí a bhí san obair

Is deacair a mheas cé is mó a bhainfidh tairbhe as na moltaí a d’fhoilsigh an Coimisiúin Toghcháin an tseachtain seo. Tá tráchtairí agus saineolaithe go leor ag ríomh agus ag iniúchadh na moltaí a rinne siad féachaint cén chaoi a rachaidh siad i bhfeidhm ar an bpolaitíocht ag an gcéad olltoghchán eile.

Rud amháin atá cinnte, beidh athbhreithniú eile ann tar éis an chéad daonáirimh eile agus is mithid anois an cheist a chur – an rachfar i ngleic le cuid de na constaicí a chuir bac roimh obair an choimisiúin an babhta seo?

Ba dhíol iontais a chúramaí agus a bhí na moltaí a rinneadh an tseachtain seo. Ainneoin a raibh de chaint ar scór teachtaí breise agus athruithe suntasacha ar líon na suíochán i ndáilcheantair, ba léir ó bhaill an choimisiúin go raibh siad faoi chuing ag téarmaí tagartha a gcuid oibre agus dá réir nach raibh ar a gcumas moltaí níos radacaí a dhéanamh.

Coimhlint idir tíreolaíocht agus figiúirí a bhí san obair, a dúirt Art O’Leary ag an ócáid seolta ar an gCéadaoin. D’fhág sin go bhfuil ceathrar déag breise le bheith sa Dáil agus go bhfuil ceithre dháilcheantar nua le bunú. Go deimhin, tá obair an choimisiúin as dáta cheana féin mar gheall ar a sciobtha agus atá an daonra ag fás. Má bhíonn athruithe suntasacha le déanamh amach anseo caithfear téarmaí tagartha an choimisiúin a athrú agus dar le cuid mhaith, teastaíonn leasú bunreachtúil.

Tá go leor polaiteoirí againn sa tír seo. Tá an coibhneas idir an pobal vótála agus a gcuid ionadaithe tofa an-bheag. Ionadaí in aghaidh gach 95,000 atá ag pobal na Breataine agus tá os cionn 100,000 i gceist sa bhFrainc nuair a chuirtear an líon daoine a chaitheann vóta do gach ionadaí parlaiminte san áireamh. Ar cheart sin a athrú? Braitheann sin ar an gcineál polaitíochta atá uait. Is maith le muintir na hÉireann aithne a bheith acu ar a n-ionadaí áitiúil. Is maith linn bheith in ann a rá go bhfuil fáil againn orthu éasca go leor. An dteastaíonn uainn an méid sin a athrú?

Ní mór smaoineamh freisin go bhfuil sciar den phobal thar a bheith naimhdeach don pholaitíocht agus do pholaiteoirí. Is deacair a shamhlú go mbeadh siad sásta tacú le haon mholadh ón rialtas le polaitíocht na tíre a athrú! Bheadh ar an rialtas a bheith airdeallach ó thaobh aon athrú a mholfaidís.

Bealach amháin nó bealach eile is léir le tamall de mhíonna anois go raibh na polaiteoirí ag fanacht le foilsiú na tuarascála seo mar réiteach don fheachtas olltoghcháin an bhliain seo chugainn.  Cruthóidh na moltaí deacrachtaí agus dúshláin d’iarrthóirí go leor. Níl aon amhras ach go bhfuil an bréagfheachtas faoi lán seoil anois. Tá an oiread sin tóir ag pobal na hÉireann ar an bpolaitíocht agus ar an bhfeachtasaíocht gur cinnte go mbainfear spraoi agus caitheamh aimsire as cur i bhfeidhm na moltaí a rinneadh an tseachtain seo. Scéal do lá eile is ea an dteastaíonn athruithe níos suntasaí a mheas le coimircíocht chóir pholaitiúil a chinntiú.

Fág freagra ar 'Coimhlint idir tíreolaíocht agus figiúirí a bhí san obair'