Labhrás Finneadha
Leabhar Breac
Creideadh riamh go raibh seacht mbás i ndán don chat agus dá réir seacht n-aiséirí! Tá sórt imní orm féin faoin intinn a chumfadh naoi mbás anabaí cait ach tá sin déanta ag an údar seo chomh snoite filiúnta sin dá mba chat mise gur fear é a sheachnóinn.
Tá faitíos orm a rá gur bhain mé an pléisiúr a gealladh dom as an leabhar seo cé nach lú liom an sioc ná an t-ainmhí slítheánta sin. Ach a dheaidín go deo, naoi mbás! Thuas sa gcrann nó amuigh sa scioból ag fiach a chuid próitéine féin is fearr liomsa cat, go háirithe an treallchogaí tríchosach a bhíonn ag faire ar altú na n-éan ag mo bhoirdín.
Caithfidh mé a rá gur catscéalaí é an beadaí seo a thuilleann colún sna hirisí móra bia as a bhua cur síos ar ghreim blasta. Fáthscéalaí cruthanta é freisin a bhfuil an-ghrinniú déanta aige ar na cait agus a n-intinn agus tuigim óna shaothar nach mór idir muid fhéin agus an cat – an dís againn ar ár mine ghéire ag iarraidh ár dtóin fhéin a choinneáil ón neantóg agus an diabhal ag chuile thóin eile! Caith slám den íoróin ar an mias agus plac ort!
Más plíoma de chaitín mánla a bhíonn in aon leaba leatsa nó más é Tom [agus Gerry] do rogha pléisiúir, tá go leor le foghlaim agat faoi chait!
Chuala mé riamh gur iomaí bealach le cat a mharú seachas é a thachtadh leis an im agus tá naoi gcinn de na bealaí sin sna naoi ngearrscéal atá sa leabhar seo. Fios a mharaigh an cat, a deirtí freisin ach ceacht é sin nár fhoghlaim an cat seo faraor.
Leisce na scéalta a mhilleadh ort, fágfaidh mé fútsa do shásamh a bhaint as an inseacht a thugann an cat ar an bhfiach, a léamh ar na déchosaigh agus a gcuid céapar, agus más suim leat corpoideachas, an staidéar ar aclaíocht is gothaí an chait i mbun fiaigh. Níl féitheog dá gcorraíonn sé nach bhfuil a cúram féin uirthi – ba bheag bídeach nár chuir sé an catséantóir seo go YouTube ag breathnú ar chait.
Ach ná bíodh aon imní ort gur fuil is sléacht atá sa leabhar seo mar seachas putóga éisc lá iascaigh, amuigh faoin ngréin atá an cat seo agus an áit chomh glan ar an mbás leis na málaí sin a bhíonn ag Taylor Swift dá cuid cat!
An cat féin atá ag inseacht faoina chuid eachtraí agus cúraimí agus mise á rá leat gur boc stuama, meabhrach é a bhfuil an-tabhairt faoi deara ann. Is iontach go deo na cosúlachtaí atá idir domhan seo na gcat agus domhan an duine. Nach beag a cheap mé go mbíonn cait [agus an t-údar] ag breathnú ar an saol uilig ar fiar mar ba nós linne ar an sconsa inár ngasúir. Tá na suáilcí is na duáilcí céanna againn – ach rachmall, bradaíl is éad ár gcur dár dtreoir. Tá geasa, pisreoga, creideamh, taibhsí samhlaíochta, oileán draíochta is gnásanna eile cait ann nach mbíonn glúin óg na gcat buíoch astu ná dílis dóibh scaití.
Tá cliarlathas, searmanais is liodáin acu agus mura bhfuil seanfhocail acu atá lán le gaois chatúil. Gheobhaidh catghráthóirí Gaelacha ainmneacha breátha sna scéalta seo dá gcatchlann agus tá jóc aige duit do dhinnéar na Nollag: ‘cén fáth a ndeachaigh an ceaircín beag rua trasna an bhóthair?’
Scéalta nach fada iad na gearrscéalta seo a d’fhág síoraí ag tochailt i mo chloigeann agus i sean-amhráin mé ag iarraidh a dhéanamh amach cár chuala mé línte cuid de nathanna is ráitis an chait – iad lomlán le macallaí dhuanaireacht an dúchais idir chiall is friotal.
Géarchúis an chatscéalaí seo a shlog Orwell lena chéad phroinn, an tréith eile a mheallfas thú – Solamh cait atá againn a thuigeann geáitsí an duine agus an chomhluadair níos fearr ná go leor ach ar feasach dó go dtuigeann cat léinn leathfhocal agus nach áit gearrscéal don phápaireacht. Is beag an t-iontas gur bronnadh Duais Oireachtais ar na gearrscéalta seo in 2011.
Más ait liomsa grinneolas an ghearrscéalaí ar intinn is meon cait, údar aoibhnis dom an mhuinín atá aige as a theanga féin, ise agus eisean inniúil ar chuile ghné den saol catúil seo a léiriú gan an siolla fhéin ar sliobarna agus na glúnta d’eagna is seanchas a chine a fhuint in aon saothar snoite amháin. Míorúilt eile fós nach bhfuil an lorg is fánaí dá cheird mar aistritheoir gairmiúil ar an saothar – is léir gur iomaí seomra in inchinn an dea-scríbhneora. Briseann dúchas is dúch an Locháin Bhig trí bhéarlagair an riaracháin féin!
I m’óige bhíodh paidir ina suantraí ag mamó a chuireadh scéin ionam mar nach raibh i ndán dom ach an tine san áit siúd nach mbeadh ach “gearradh agus céasadh” agus an chonairt ag faire ar mo chnámha. Nach beag an chuimhne a bhí agam go raibh Na Críocha Déanacha céanna i ndán do na cait lá an bhreithiúnais agus gach maith is olc dá ndearna siad sa leabhar dubh ansiúd rompu go fileata.
An cat bocht, naoi mbás agus ansin lá an bhreithiúnais. Is fiú an leabhar seo a cheannach ar son an dáin fhada sin. Cuir ceol leis don Oireachtas.
Ar oscail an Naomh-Chat Mac Catprainn na geataí dó? Mí-eabha!
Fág freagra ar 'Cnuasach gearrscéalta don chatghráthóir is don chatséantóir'