Cluichíocht aisteach ar bun ag Leo Varadkar

Is mó, b’fhéidir, an leas a bhainfidh Sinn Féin as caint Leo Varadkar

Cluichíocht aisteach ar bun ag Leo Varadkar

Go dtí go mbíonn dáta toghcháin fógartha nó an baol ann go dtarlóidh ceann go luath is gnách go gcloisfidh tú an freagra céanna ó Theachta Dála i bpáirtí rialtais ar bith.

   ‘Nílim ag smaoineamh ar thoghchán in aon chor. Tá clár mór oibre ag an rialtas agus táimid dírithe ar a chur i bhfeidhm.’

Má chuirtear an cheist chéanna ar Theachta Dála ón bhfreasúra, tugtar leagan éigin den fhreagra seo uirthi:

‘Ba bhreá linn dá bhfógrófaí olltoghchán. Thabharfadh sé deis don phobal drochrialtas a chur as oifig. Ach cuirfidh siad moill ar olltoghchán toisc…’

Agus mar sin de.

Ar ndóigh níl ceachtar de na freagraí thuas fírinneach. Bíonn polaiteoirí ag smaoineamh ar thoghcháin i gcónaí. Ní theastaíonn toghchán gan mhoill ó Theachta Dála ar bith – sa rialtas ná sa bhfreasúra.

Ní hionann sin agus a rá go dtugann siad tosaíocht do chúrsaí toghcháin i gcónaí ach ní féidir neamhaird a dhéanamh den rogha a dhéanfaidh an pobal, rogha ar a mbeidh coinneáil suíocháin agus tuarastail ag brath.

Mura gcuireann easaontas nó timpiste pholaitiúil críoch roimh am le ré an chomhrialtais, ní bheidh olltoghchán á ghairm go dtí mí Feabhra 2025. Ach thug Leo Varadkar le fios go soiléir Déardaoin go bhfuil sé ag ullmhú cheana féin agus comhaontú aistriúcháin á mholadh aige idir a pháirtí féin agus Fianna Fáil.

De ghnáth seachnaíonn ceannairí na bpáirtithe caint ar shocruithe dá leithéid go dtí go mbíonn olltoghchán ar na bacáin. De ghnáth seachnaíonn siad freisin moltaí go dtabharfaí aistriúcháin do pháirtí eile (a) toisc go gceaptar nach maith le vótálaithe treoir dá leithéid agus (b) toisc go mb’fhearr leo aistriúcháin a mhealladh, más féidir, ó gach vótálaí seachas daoine a bhfuil bá acu le páirtí amháin.

Chuir an Tánaiste, a bheidh ina Thaoiseach arís ón 17 Nollaig, an gnáth-thost maidir le haistriúcháin i leataobh le linn comhrá ar phodchraoladh an Irish Independent. Thagair sé do dhá dháilcheantar inar theip ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil oiread agus suíochán amháin a bhuachan san olltoghchán deireanach. Mar gheall ar cheal aistriúcháin, a dúirt sé, fágadh an dá pháirtí gan ionadaí Dála i Ros Comáin-Gaillimh agus i mBaile Átha Cliath Lár-Theas.

Bhí ciall lena thuairim ó thaobh figiúirí de, ach i bhfírinne ní comhoibriú idir an dá phríomhpháirtí sa chomhrialtas a bhí á mholadh ag Varadkar. Go deimhin is dócha nár chuir an freagra diúltach a thug Micheál Martin go pras ar a ndúirt sé aon iontas air.

Is éard a bhí ar bun ag Varadkar ná iarracht eile a pháirtí a chur chun tosaigh sa choimhlint ina dtabharfaidh páirtithe an rialtais aghaidh ar Shinn Féin san olltoghchán. Is léir cheana féin cá mbeidh an bhearna idir an dá pháirtí.

Cáinfidh an dá dhream Sinn Féin ach geallfaidh Fine Gael nach rachaidh siad i gcomhrialtas le Mary Lou McDonald agus a comrádaithe ar choinníoll ar bith. Is cuma cé chomh láidir a bheidh ionsaí Fhianna Fáil ar Shinn Féin, ní chuirfidh an páirtí sin comhrialtas leo as an áireamh go hiomlán.

Ní haon iontas é mar sin gur chuir caint Varadkar olc ar Fhianna Fáil. Ní hamháin toisc go bhfuil seift molta aige nach n-oireann dóibh. Tharraing sé aird an phobail freisin ar bheartaíocht toghcháin nuair nach léir a tábhacht do ghnáthdhaoine, gan trácht ar a chéilí rialtais.

Go deimhin, ní léir ag an bpointe seo an leas a shíleann an Tánaiste a dhéanfaidh caint dá leithéid d’Fhine Gael. B’fhéidir go measann sé go mb’fhearr brú a chur ar Fhianna Fáil sula dtéann sé i gceannas ar an rialtais an mhí seo chugainn.

Is mó b’fhéidir an leas a bhainfidh Sinn Féin as a chuid cainte agus Varadkar ag rá i ndáiríre leis an bpobal gurb iadsan príomhnamhaid an rialtais – ráiteas nach gcuirfidh imní ar dhuine ar bith i Sinn Féin.

Focal Scoir:  D’fhógair an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) Dé Céadaoin nach bhfiosrófaí sceitheadh cáipéise a d’ordaigh Leo Varadkar nuair a bhí sé ina Thaoiseach in 2019. Dúirt sé Dé Céadaoin go bhfuarthas neamhchiontach (‘cleared’) é maidir le haon chion coiriúil nó sárú ar rialacha eitice nó caighdeáin.

Ní hionann áfach cinneadh an Choimisiúin gan gearáin (ón Teachta Paul Murphy agus ó bheirt eile) a fhiosrú toisc gur bhain siad le dualgais an Taoisigh agus cinneadh go raibh sé neamhchiontach.

Is fearr cruinneas ná míchruinneas ó Thánaiste agus ó Thaoiseach.

Fág freagra ar 'Cluichíocht aisteach ar bun ag Leo Varadkar'

  • An Teanga Bheo

    “Is fearr cruinneas ná míchruinneas ó Thánaiste agus ó Thaoiseach “. an ceart ar fad agat anseo.