CLUICHE LEATHCHEANNAIS CHORN AN DOMHAIN: Foighne ag teastáil ó na Sasanaigh más leo an Chróit a chloí

Seans go mbeidh seilbh na liathróide ag an gCróit don chuid is mó de chluiche leathcheannais Chorn an Domhain i Moscó anocht, fad is nach mbuaileann líonrith iad, tá deis iontach ag Sasana an cluiche ceannais a bhaint amach

CLUICHE LEATHCHEANNAIS CHORN AN DOMHAIN: Foighne ag teastáil ó na Sasanaigh más leo an Chróit a chloí

An uair dheireanach a d’imir Sasana i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain i 1990, ní raibh a leithéid de thír ann agus an Chróit. Ina ainneoin sin, ocht mbliana ina dhiaidh sin sa Fhrainc, d’imir na Crótaigh féin i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain.

Anocht, beidh an dá fhoireann ag iarraidh dul céim eile níos faide.

Is é cluiche na hoíche anocht an cluiche is deacra a bheidh ag Sasana sa chomórtas go dtí seo. Foireann láidir, chumasach, í ceann na Cróite agus caithfidh Sasana a bheith ar a n-aire.

Is imreoirí den scoth iad Ivan Rakitic agus Luka Modric i lár na páirce. Cé nár léirigh Rakitic an mianach atá ann go dtí seo sa Rúis, féach gurbh é a d’aimsigh na ciceanna éirice cinniúnacha i gcoinne na Danmhairge agus i gcoinne na Rúise.

Déanfaidh sé féin agus Modric cinnte go mbeidh seilbh na liathróide ag an gCróit ar feadh cuid mhaith den chluiche anocht. Beidh brú mór ar na Sasanaigh, leithéidí Jordan Henderson agus Dele Alli, gan an iomarca ama a thabhairt dóibh an phasáil chruinn a shamhlaítear leo a chleachtadh.

Tá an-chuid cainte déanta faoin líon cúl atá scóráilte ag Sasana ó mhíreanna seasta go dtí seo sa chomórtas. Tá ocht gcúl aimsithe acu ó chiceanna cúinne, ciceanna éirice nó ceanna saora. Is léir go bhfuil an-chuid oibre déanta ag Gareth Southgate ar an ngné sin den imirt agus tabharfaidh sé misneach dó gur ó mhíreanna seasta a tháinig trí cinn de na cheithre chúl atá géillte ag an gCróit go dtí seo sa chomórtas.

Arís, beidh Southgate ag iarraidh go gcruthóidh a chuid imreoirí níos mó deiseanna ón imirt. As na trí chluiche is deireanaí atá imeartha acu sa Rúis, níor aimsigh imreoirí Shasana an sprioc ach sé huaire.

Ach ní hé go bhfuil cúl i ndiaidh cúil á scóráil ag an gCróit ach an oiread agus níl ach cúl amháin aimsithe ag a bpríomhthosaí Mario Mandzukic go dtí seo sa Rúis.

Gach seans go gcuirfidh Southgate an fhoireann chéanna a d’imir i gcoinne na Sualainne chun páirce tráthnóna. Tá amhras ann faoi bheirt ar fhoireann na Cróite. Níor ghlac an cúl báire, Danijel Subasic, ná an cosantóir, Sime Vrsaljko, páirt i dtraenáil an Luain ach tugadh gach seans dóibh teacht chucu féin roimh chluiche na hoíche anocht.

Ba bheag an t-iontas dá mbeadh tuirse ag cur as d’fhir na Cróite agus am breise imeartha acu sa dá chluiche is déanaí a bhí acu ach nuair is áit i gcluiche ceannais Chorn an Domhain an sprioc, bheadh dul amú ar na Sasanaigh a bheith ag brath ar thuirse na gCrótach.

Is beag atá idir na foirne seo, ach níor mhór do na Sasanaigh foighne a léiriú más fúthu teacht slán agus cluiche ceannais Chorn an Domhain a bhaint amach den chéad uair ó 1966. Ach tá bua na foighne i measc na n-dea-thréithe ag foireann seo Gareth Southgate agus tá deis iontach dá réir acu na cosa a thabhairt leo arís anocht.

Tuar Tuairisc.ie: Sasana

Fág freagra ar 'CLUICHE LEATHCHEANNAIS CHORN AN DOMHAIN: Foighne ag teastáil ó na Sasanaigh más leo an Chróit a chloí'