Cluiche ceannais na hÉireann bainte amach arís ag Áth Cliath agus Muineachán sáraithe le dua acu

Lá maith a bhí ann do na Laighnigh i bPáirc an Chrócaigh agus Corn Tailteann buaite ag contae na Mí freisin tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar chontae an Dúin

Cluiche ceannais na hÉireann bainte amach arís ag Áth Cliath agus Muineachán sáraithe le dua acu

Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Áth Cliath 1-17 Muineachán 0-13

Tá peileadóirí Átha Cliath ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair le trí bliana tar éis dóibh teacht slán ó ghéarchoimhlint le Muineachán i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. Bhí dua go leor ag baint leis an mbua ach tugadh spléachadh freisin ar an mianach atá i bhfoireann na príomhchathrach, foireann a bhfuil go leor acu agus a bpócaí lán de bhoinn uile-Éireann.

Choinnigh Muineachán lena gcéilí comhraic d’fhormhór an chluiche agus gan níos mó ná cúpla pointe eatarthu don chéad uair an chloig. Conor McManus – cé eile? – a thug Muineachán ar ais ar comhscór, 0-12 an taobh, lena dhara pointe as a chéile ach bhí freagra Átha Cliath ar fheabhas.

Bhuaigh siad seilbh ó chic amach Stephen Cluxton, chuaigh Brian Fenton ar ruathar faoi Ardán Uí Ógáin agus Gary Mohan á leanúint. Thit Fenton go talamh ach bhí sé ar ais ar a chosa ar an bpointe boise, chas sé isteach i dtreo na bpostaí agus bhí Áth Cliath chun tosaigh arís laistigh de 30 soicind.

Chuir Áth Cliath brú damanta ar Mhuineachán ansin agus iad ag iarraidh an liathróid a thabhairt amach, ghéill Stephen O’Hanlon cic saor agus shlánaigh Paul Mannion é. Brúdh suas arís, chuir Rory Beggan ceann díreach isteach i lámha imreoir Átha Cliath i lár páirce agus tar éis dóibh pasanna a bhabhtáil, aimsíodh Jack McCaffrey sa spás agus chuir seisean iarracht eile thar an trasnán le cúnamh an chuaille. Fágadh Áth Cliath 0-15 in aghaidh 0-13 chun tosaigh agus an ghaoth bainte go hiomlán as seolta Mhuineacháin.

Laghdaigh Jack McCarron an bhearna sa 66ú nóiméad le scór deas ach is ar éigean gur chruthaigh Muineachán aon deis san am a bhí fágtha agus scóráil Fenton cúilín eile agus tháinig Dean Rock isteach le 1-1 a scóráil in am cúitimh, an cúl ag teacht ó phas iontach ó Con O’Callaghan, chun cuma na maitheasa a chur ar chlár na scór.

Pointe amháin chun tosaigh a bhí Áth Claith ag leath ama, 0-8 in aghaidh 0-7, agus gaiscí Chormac Costello ba chúis leis an mbearna bheag sin. Ba é an lántosach an t-imreoir ab fhearr ar an bpáirc sa chéad leath agus sé phointe aimsithe aige agus bheadh Áth Cliath i dtrioblóid mhór murach é.

A bhealach blocáilte do Brian Fenton, BÁC ag an gcúlbáire Rory Beggan. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Shocraigh Muineachán isteach sa chluiche tapa go leor agus cé go raibh mí-ádh orthu le roinnt iarrachtaí (bhuail siad an cuaille faoi dhó agus bhí cúpla iarracht eile blocáilte ag cosantóirí Átha Cliath) bheadh na hUltaigh sásta go maith lena dtaispeántas sa chéad leath. Fuair Gary Mohan, Stephen O’Hanlon agus Michael Bannigan pointí deasa agus fuair Rory Beggan trí chic 45 méadar. Seans nach mbeidh siad sásta gur éirigh le hÁth Cliath an tréimhse 10 nóiméad gan Niall Scully, ar taispeánadh cárta dubh dó, a bhuachan 0-4 in aghiadh 0-3. áfach.

Bhíothas ag fanacht ar rúid ó Áth Cliath théis leath ama, mar a tharla in aghaidh Mhaigh Eo, ach níor tháinig sí agus baineadh laoch na himeartha an lá sin, Colm Basquel, den pháirc tar éis 43 nóiméad. Is faoi na seanfhondúirí a bhí sé an ceann seo a bhuachan ach b’in díreach a rinne siad, mar rinne siad oiread sin uaireanta roimhe seo.

Níos luaithe sa lá, thug contae na Mí Corn Tailteann leo tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar chontae an Dúin. Farasbarr sé phointe a bhí ag fir na Mí ar deireadh, 2-13 in aghaidh 0-13, agus cúl Jack O’Connor ag fíordheireadh na himeartha ag déanamh cinnte den bhua.

Seanmháistrí na Mí: Colm O’Rourke, ar chlé, agus Sean Boylan, ar dheis, ag ceiliúradh. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ba iad an bheirt Jack ar fhoireann na Mí, mac Uí Chonchúir agus Jack Flynn, ba chúis le casadh na taoide agus ba thráthúil gur acusan a bhí an focal scoir, Flynn ag briseadh amach ón gcosaint leis an liathróid in am cúitimh nuair a bhí an Dún sa tóir ar chúl. Thug Flynn pas do O’Connor chun an cúl a fháil, cúl a bhí mar sméar mhullaigh ar an lá don Mhí.

Ba iad gaiscí na beirte a fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine a bhí ag féachaint ar an gcluiche seo, ceann nach raibh thar mholadh beirte ar feadh tréimhsí fada. Chuir an dá fhoireann scata iarrachtaí amú, go háirithe sa chéad leath, ach d’athraigh cúrsaí don Mhí nuair a chuir O’Connor iarracht ghleoite thar an trasnán chun an Mhí a chur pointe chun tosaigh, 1-6 in aghaidh 0-8, théis 50 nóiméad.

D’aimsigh O’Connor scór den scoth eile ocht nóiméad ina dhiaidh sin nuair a d’fhág sé triúr cosantóirí ina dhiaidh ach bhí Jack Flynn díreach chomh cruinn leis agus ceithre phointe den scoth faighte aige nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá.

Choinnigh pointí ó Pat Havern an Dún i bhfoisceacht trí phointe don Mhí ach ní raibh siad in ann an cúl a thabharfadh ar comhscór iad a fháil. Bhí lagiarracht ag Shealan Johnston sa 55ú nóiméad agus deis eile ag Andrew Gilmore sa 67ú nóiméad ach bhí lántosach na Mí, Matthew Costello, san áit cheart chun cos a chur leis an liathróid agus í a ghlanadh amach.

Matthew Costello agus Aaron Lynch, An Mhí. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí na foirne cothrom ag leath ama, 1-3 ag contae na Mí agus 0-6 ag an Dún,. An Dún is fearr a chuir tús leis an gcluiche ach bhí an t-ádh ar na Laighnigh leis an gcúl a fuair siad luath sa chéad leath sin nuair a chríochnaigh an liathróid san eangach tar éis di Ronan Jones í a bhualadh agus gan fhios aige cá raibh sí tar éis d’iarracht Jack Flynn an cuaille a bhualadh.

Ní raibh an t-ádh céanna ar fhir an Dúin a chuir roinnt iarrachtaí ar chúil amú. Dá mbeadh an sprioc aimsithe ag Liam Kerr díreach roimh leath ama, d’fhéadfadh go mbeadh toradh difriúil ann ach níor aimsigh agus is faoin mbeirt Jack a bhí sé an cluiche a bhaint don Mhí ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Cluiche ceannais na hÉireann bainte amach arís ag Áth Cliath agus Muineachán sáraithe le dua acu'