Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Céard atá ag cur as do Michael McNamara?
- Cá raibh sé ag labhairt faoi seo?
- Cén fáth a luaitear 30 bliain?
- Céard é an scannal dar leis?
- Cé mhéad iar-bhunscoil Bhéarla atá sa chontae?
- Cén fáth a luaitear Gaelcholáiste an Chláir?
- Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
Chláir “faoi athbhreithniú”. Mar fhreagra ar an ag a roinn agus go méid a bhí le rá ag an McNamara, ní raibh an tAire Oideachais Norma gcoimeádfaí ceist Ghaelcholáiste an Foley sásta a rá ach go raibh an t-iarratas faighte
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
- Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha agus d’ainmfhocal san uimhir iolra.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
-
- lán-Ghaeilge neamhspleách tar éis 30 bliain. “Tá breis agus 20 iarbhunscoil Bhéarla i gContae an Chláir agus
- a chur chun cinn. “I mbeagán focal, is scannal amach agus amach é nach bhfuil freagra faighte ón Roinn ar an iarratas
- tá géarchéim rollacháin in Inis faoi láthair. Níl oiread is ceann amháin de na hiar-bhunscoileanna seo lán-Ghaeilge
- chun freastal ar bhreis agus 600 dalta atá ag freastal ar Ghaelscoileanna tríd an gcontae.
- Dúirt McNamara gur léir nach dtuigeann an Roinn Oideachais an obair a bhí á déanamh in Inis chun an t-oideachas lán-Ghaeilge
- neamhspleáchais a sheol an pátrún, Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir, chuici breis
- agus dhá bhliain ó shin,” ar sé. “Is údar náire é go bhfuil pobal chontae an Chláir fós ag fanacht ar iar-bhunscoil
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féachaigí siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Údar náire nach bhfuil aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge againn i gcontae an Chláir – Teachta Dála'