Údar náire nach bhfuil aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge againn i gcontae an Chláir – Teachta Dála

Tá contae an Chláir ar cheann de 13 contae sa stát nach bhfuil aon Ghaelcholáiste lán-Ghaeilge iontu

Údar náire nach bhfuil aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge againn i gcontae an Chláir – Teachta Dála

Michael McNamara

Tá ráite ag Teachta Dála ó chontae an Chláir go bhfuil sé náireach nach bhfuil aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa chontae go fóill.

Dúirt an Teachta Dála Michael McNamara sa Dáil go raibh obair ar bun le 30 bliain anuas chun oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do dhaltaí sa Chlár agus go raibh fás mór tagtha ar líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna an chontae.

Thug an Teachta Dála Neamhspleách le fios go raibh iarratas déanta ar an Roinn Oideachais breis is dhá bhliain ó shin chun Gaelcholáiste a bhunú ach nach raibh aon fhreagra faighte go fóill. “Scannal amach is amach é,” dar le McNamara.

Dúirt McNamara go raibh os cionn 20 iarbhunscoil a fheidhmíonn trí Bhéarla sa chontae ach nach raibh Gaelcholáiste neamhspleách amháin ann chun freastal ar an mbreis is 600 dalta a théann chuig Gaelscoileanna sa chontae.

Bhí an Teachta McNamara ag tagairt d’iarratas atá déanta ag Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir an t-aonad lán-Ghaeilge atá i gColáiste Pobail na hInse, ar a dtugtar Gaelcholáiste an Chláir, a bhunú mar scoil neamhspleách.

Mar fhreagra ar an méid a bhí le rá ag an McNamara, ní raibh an tAire Oideachais Norma Foley sásta a rá ach go raibh an t-iarratas faighte ag a roinn agus go gcoimeádfaí ceist Ghaelcholáiste an Chláir “faoi athbhreithniú”.

Dúirt McNamara gur léir nach dtuigeann an Roinn Oideachais an obair a bhí á déanamh in Inis chun an oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn.

“I mbeagán focal, is scannal amach agus amach é nach bhfuil freagra faighte ón Roinn ar an iarratas neamhspleáchais a sheol an pátrún, Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir, chuici breis agus dhá bhliain ó shin,” ar sé.

“Is údar náire é go bhfuil pobal chontae an Chláir fós ag fanacht ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách tar éis 30 bliain.

“Tá breis agus 20 iarbhunscoil Bhéarla i gContae an Chláir agus tá géarchéim rollacháin in Inis faoi láthair. Níl oiread is ceann amháin de na hiar-bhunscoileanna seo lán-Ghaeilge chun freastal ar bhreis agus 600 dalta atá ag freastal ar Ghaelscoileanna tríd an gcontae. Tá deireadh foighne sroichte ag tuismitheoirí agus scoláirí agus iad ag fanacht le gníomh ón Roinn Oideachais.”

Dúirt McNamara gur Gaelscoil Mhichíl Cíosóg in Inis is mó a sholáthraíonn daltaí don aonad lán-Ghaeilge i gColáiste Pobail na hInse agus go raibh líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar an nGaelscoil méadaithe ó 200 dalta go dtí 470 ó 2005.

Tá contae an Chláir ar cheann de 13 contae sa stát nach bhfuil aon Ghaelcholáiste lán-Ghaeilge iontu.

I dtuarascáil de chuid na Roinne Oideachais a foilsíodh anuraidh, dúradh gur ar éigean go mbeidh mórán gaelscoileanna nó gaelcholáistí nua á mbunú sna blianta amach romhainn mar go dtiocfadh laghdú ar bhunú scoileanna go ginearálta mar gheall ar athruithe déimeagrafacha.

Tá gearán déanta ag Conradh na Gaeilge leis an gCoimisinéir Teanga gur sárú ar an dlí é a laghad iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge atá ann.

Fág freagra ar 'Údar náire nach bhfuil aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge againn i gcontae an Chláir – Teachta Dála'

  • Seán

    Cad atá ar siúl ag an ETB faoi seo????

  • Cláiríneach

    Níl aon Ghaelscoil in Oirthear An Chláir ach an oiread.