CLUASTUISCINT: Gaeil sa Teach Bán

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Gaeil sa Teach Bán

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis.

“My parents were emigrants from Galway – from a part of Galway called Connemara.”

Ní ligfeadh Marty Walsh an ócáid ba thábhachtaí ina shaol polaitiúil go dtí seo thairis gan é sin a rá go poiblí.  Bhí sé in Wilmington in Delaware agus é ag glacadh le hainmniúchán an Uachtaráin nuathofa, Joe Biden, le suíochán a thógáil ar bhord Rialtas nua Mheiriceá.  Ní dhearna Marty dearmad ar a dhúchas.

Beidh comhluadar de bhunadh Chonamara aige ag an mbord sin in Washington.  Tá Denis McDonough, arbh as Conamara a sheanmhuintir ar thaobh a athar, ina rúnaí do sheirbhísí iarbhaill fhórsaí míleata Mheiriceá.

Tá Jennifer O’Malley-Dillon, arbh as Conamara a seanmhuintir féin, ceaptha mar Leascheann Foirne an Uachtaráin.

Dá réir sin, tá triúr de shliocht Chonamara – agus gaol sách gar acu leis an áit – ar fhoireann an Uachtaráin Biden in Washington.

Comhtharlú? Nó an bhfuil bua ar leith ag sliocht Chonamara sna Státaí i gcúrsaí polaitíochta?

Creideann Michael Connolly, Ollamh le Stair agus údar as Portland, Maine, go bhfuil.   Buntáiste é, a deir an tOllamh Connolly, atá saothraithe go crua agus go maith ag muintir Chonamara.  Creideann an tOllamh Connolly, arbh as Caladh Mhaínse i gCarna a sheanmhuintir go raibh an saol chomh hanróiteach sin i gConamara fadó gur daingníodh miotal agus misneach sna daoine a lean ar aghaidh ó ghlúin go glúin thar sáile.

Scríobh an tOllamh Connolly an stair is iomláine a bhain le muintir na hÉireann agus a sliocht i stát Maine.  Bhaist sé They Changed Their Skies ar an leabhar sin.

As Munjoy Hill ar imeall chathair Portland é Connolly.  Chuir go leor de mhuintir Chonamara fúthu ansin agus toghadh duine den treibh ina Ghobharnóir ar Stát Maine – Joseph Brennan arbh as Carna i gConamara a athair agus a mháthair.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo?
  2. Cén fheidhm, dar leat, atá leis an gcéad abairt?
  3. Cén bhaint atá ag Wilmington Delaware leis an scéal?
  4. “Ní dhearna Marty dearmad ar a dhúchas.” Cén bhrí atá leis an abairt seo, dar leat?
  5. Cén post atá faighte ag Jennifer O’Malley-Dillon?
  6. Déan cur síos ar rud amháin a bhí le rá ag Michael Connolly.
  7. Déan iarracht an abairt seo ón téacs a chur san ord ceart:

fúthu treibh Chuir go Ghobharnóir de mhuintir Maine  Chonamara ansin agus  duine den ina ar Stát toghadh leor

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. Ina mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball. 

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad chúpla abairt arís agus aimsigh sampla don mhodh coinníollach agus céim chomparáide na haidiachta.  
  • Déan iarracht teacht ar thrí fhocal/fhrása nach dtuigeann tú. Déan iad a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie. Éist le níos mó ná an chéad chúpla abairt más gá.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad chuid eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord. 
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. “Tá ceangal níos láidre ag pobal na tuaithe leis an bpolaitíocht ná atá ag pobail chathrach,” a deir an Teachta Dála 
  2. de chuid Fhianna Fáil. “Ní bhíonn aon choimhthíos ag dreamanna tuaithe le Teach Laighean, cuir i gcás. 
  3. Tiocfaidh siad ann agus cuirfidh siad a gcás i láthair. Ar an taobh eile den scéal, níl mórán ceangail ar chor ar bith 
  4. a raibh gnóthaí na tuaithe faoina chúram go bhfuil cúrsaí na tuaithe le cur sa gcomhaireamh freisin. 
  5. “Bhí an rud ar a dtugann muid ‘street cred’ ag duine ar bith as Munjoy Hill a chuaigh leis an bpolaitíocht,” a deir Connolly. “Tuigeadh ar 
  6. ag pobail faoi mhíbhuntáiste i mBaile Átha Cliath le polaiteoirí ná le Teach Laighean, fiú agus go mbeidís ina gcónaí an taobh eile de dhoras na Dála.” 
  7. fud na cathrach gur beag a bhí le spáráil ag muintir Munjoy Hill ach gur oibrigh siad go dian agus go diongbháilte. D’fhéadfá 
  8. brath orthu.” Creideann Connolly gur mámh i do ghlaic a bheith de shliocht Chonamara i Meiriceá. 
  9. Creideann an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, an polaiteoir is mó a fhaigheann vótaí i gConamara agus iar-aire 

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Gaeil sa Teach Bán'