‘My parents came from Connemara…’ – na Gaeil nua sa Teach Bán

An bhfuil cúis ar leith leis an mianach atá léirithe ag Marty Walsh agus daoine eile de bhunadh Chonamara i saol na polaitíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá?

‘My parents came from Connemara…’ – na Gaeil nua sa Teach Bán

“My parents were emigrants from Galway – from a part of Galway called Connemara.”

Ní ligfeadh Marty Walsh an ócáid ba thábhachtaí ina shaol polaitiúil go dtí seo thairis gan é sin a rá go poiblí.  Bhí sé in Wilmington in Delaware agus é ag glacadh le hainmniúchán an Uachtaráin nuathofa, Joe Biden, le suíochán a thógáil ar bhord Rialtas nua Mheiriceá.  Ní dhearna Marty dearmad ar a dhúchas. 

Beidh comhluadar de bhunadh Chonamara aige ag an mbord sin in Washington.  Tá Denis McDonough, arbh as Conamara a sheanmhuintir ar thaobh a athar, ina rúnaí do sheirbhísí iarbhaill fhórsaí míleata Mheiriceá.  

Tá Jennifer O’Malley-Dillon, arbh as Conamara a seanmhuintir féin, ceaptha mar Leascheann Foirne an Uachtaráin.

Dá réir sin, tá triúr de shliocht Chonamara – agus gaol sách gar acu leis an áit – i measc fhoireann an Uachtaráin Biden in Washington. 

Comhtharlú? Nó an bhfuil bua ar leith ag sliocht Chonamara sna Státaí i gcúrsaí polaitíochta? 

Creideann Michael Connolly, Ollamh le Stair agus údar as Portland, Maine, go bhfuil.   Buntáiste é a deir an tOllamh Connolly atá saothraithe go crua agus go maith ag muintir Chonamara.  Creideann an tOllamh Connolly, arbh as Caladh Mhaínse i gCarna a sheanmhuintir go raibh an saol chomh hanróiteach sin i gConamara fadó gur daingníodh miotal agus misneach sna daoine a lean ar aghaidh ó ghlúin go glúin thar sáile. 

Scríobh an tOllamh Connolly an stair is iomláine a bhain le muintir na hÉireann agus a sliocht i stát Maine.  Bhaist sé They Changed Their Skies ar an leabhar sin. 

As Munjoy Hill ar imeall chathair Portland é Connolly.  Chuir go leor de mhuintir Chonamara fúthu ansin agus toghadh duine den treibh ina Ghobharnóir ar Stát Maine –Joseph Brennan arbh as Carna i gConamara a athair agus mháthair.  

 “Bhí an rud ar a dtugann muid ‘street cred’ ag duine ar bith as Munjoy Hill a chuaigh leis an bpolaitíocht,” a deir Connolly.  “Tuigeadh ar fud na cathrach gur beag a bhí le spáráil ag muintir Munjoy Hill ach gur oibrigh siad go dian agus go diongbháilte. D’fhéadfá brath orthu.”  Creideann Connolly gur mámh i do ghlaic a bheith de shliocht Chonamara i Meiriceá. 

Creideann an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, an polaiteoir is mó a fhaigheann vótaí i gConamara agus iar-aire a raibh gnóthaí na tuaithe faoina chúram go bhfuil cúrsaí na tuaithe le cur sa gcomhaireamh freisin.  

 “Tá ceangal níos  láidre ag pobal na tuaithe leis an bpolaitíocht ná atá ag pobail chathrach,” a deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.  “Ní bhíonn aon choimhthíos ag dreamanna tuaithe le Teach Laighean, cuir i gcás.  Tiocfaidh siad ann agus cuirfidh siad a gcás i láthair.  Ar an taobh eile den scéal, níl mórán ceangail ar chor ar bith ag pobail faoi mhíbhuntáiste i mBaile Átha Cliath le polaiteoirí ná le Teach Laighean, fiú agus go mbeidís ina gcónaí an taobh eile de dhoras na Dála.” 

Míníonn Ó Cuív gur thug muintir na tuaithe an tuiscint sin ar an saol poiblí leo go Meiriceá agus gur thuig siad go raibh cumhacht ag baint leis an bpolaitíocht agus bhaineadar úsáid aisti, a deir sé.  Maidir le polaitíocht agus  gníomhaíocht pholaitiúil i gConamara, bhí sé ina chineál creideamh ag na daoine, a deir Éamon Ó Cuív. 

“Cuimhnigh go raibh traidisiún fíorláidir polaitíochta sa gcuid de Chonamara as a dtáinig sinsear na ndaoine atá i gceist againn in Washington anois.  Ó aimsir an Teacha Dála Josie Mongan, bhíodh coimhlint ghéar ann agus bhíodh an pobal páirteach ann.  Mar shampla, scaitheamh sular bhásaigh sí, bhí mé ag caint le Bríd Uí Bhéartha i gCarna agus d’inis sí dom faoi chruinniú poiblí i Ros Muc i 1958 agus an halla lán go doras ann.  Taispeánann sé sin go raibh daoine ag baint leas as brú polaitiúil agus go raibh a fhios acu cén chaoi lena dhéanamh.” 

Míníonn Jimmy Mac an Ríogh i mBoston, col ceathrar leis an Rúnaí Saothair nua,  gur ag an mbord i Sráid Taft in Dorchester a thosaigh Marty Walsh sa bpolaitíocht.  Bhíodh díospóireacht ansin chuile Dhomhnach agus athair Mharty – John Mháirtín Tom – agus uncail Mharty agus ceannasaí ceardchumainn na bhfear oibre, Pat Walsh (Pádraig Mháirtín Tom) ag cur agus ag cúiteamh go láidir faoi chúrsaí ceardchumainn agus polaitíochta.  Bhí Marty ag éisteacht agus níos deireanaí ag cur ceisteanna agus ag tabhairt a thuairimí, de réir a chéile. 

“Bhíodh sé ina pharlaimint acu,” a deir máthair Marty Walsh – Mary Joe Pheadair as Ros Cíde. Le  himeacht na haimsire tháinig uncail le Marty ar thaobh a mháthar, Peter Joe Pheadair (Ó Máille) go Boston agus bhí seisean an-ghníomhach i bhfeachtais Marty Walsh freisin. 

Polaitíocht ceardchumainn, polaitíocht an lucht oibre, polaitíocht Chonamara – 3,000 míle ó bhaile.  Tá bá lena gcúlra ag Jen O’Malley-Dillon, ag Denis McDonough agus ag Marty Walsh agus suim acu sa téad ghinealaigh a thugann ceangal dóibh le saol an lae inné ar imeall rite chósta thiar na hÉireann.  Tá a lorg sin greanta ar a bpearsantacht agus ar a gcroí. 

Chuala muid sin an lá cheana ó Marty Walsh in Wilmington agus an tUachtarán nua ag éisteacht go grinn leis: 

“My parents emigrated from Galway – from a part of Galway called Connemara…” 

Fág freagra ar '‘My parents came from Connemara…’ – na Gaeil nua sa Teach Bán'

  • Séamas Mac Coitir

    Go maire Marty Walsh agus a chairde go léir a nuacht.

    Guím athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise dóibh agus nár bhfaighidh siad blas den anró choíche!

    Is mór an chreidiúint iad dá muintir, agus gura fada buan iad in aice na sláinte!

  • S. Mac Muirí

    Caithfidh sé go bhfuil Máirtín bail ó Dhia air, nó duine éicint, ár ngriogadh don méarchlár leis an ‘Gaeil Nua’ a tugadh ar na Meiriceánaigh thuas.
    Ba fíre, measaim, ‘Iar-Ghaeil’ nó ‘Éireannaigh’ (nó eile) a thabhairt ar gach éinne dár mbunadh nach labhraíonn an teanga.
    Mura srianfaimid muinn féin beidh óstóir an Chláir, an sTrompach, ag maíomh gaoil linn mar Ghael as líofacht a mháthar.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Níos mó cumhachta ag muintir Chonamara ar thodhchaí Mheiriceá anois ná mar a bhí acu ar thodhchaí na hÉireann riamh!