CLUASTUISCINT: An Bhfuil Uair na Cinniúna Buailte le The Sunday Game

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. “Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh.” Céard atá i gceist ag an údar leis an líne sin meas tú? Brúigh an cnaipe Foclóirí ar bharr an leathanaigh agus beidh tú in ann brí na bhfocal a aimsiú.
  2. Céard a tharla i 1979?
  3. Cén bhaint a bhí ag Seán Óg Ó Ceallacháin leis an gclár?
  4. Cén fáth a luaitear Dara Ó Cinnéide agus Evanne Ní Chuilinn?
  5. An féidir leat ceannlíne eile a chumadh don alt seo?
  6. Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

ceisteanna le bheith ar a soiléir gcuid a fháil orthu má tá fhiosrúcháin rath Tá sraith a gcaithfidh lucht an seo freagra oibre.

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an dá cheist dheireanacha arís. Aimsigh sampla den tuiseal ginideach agus d’aidiacht bhriathartha.
  • An bhfuil aon focal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cuir in ord

  • Seo thíos píosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    1. mar ba cheart go minic. Is léir go bhfuil Seán Cavanagh ag iarraidh a bheith ciotrúnta, achrannach amhail Brolly ach tá aíonna eile ann a
    2. Cé nár ghrás cur chuige Brolly go minic chothaigh sé caint is siamsaíocht. B’amhlaidh a bhí le Spillane. Ba mhinic a taibhsíodh dom, áfach gur conspóid ar mhaithe le conspóid a bhíodh ann.
    3. chuirfeadh codladh ort. Clichéanna agus anailís thanaí á gcaitheamh amach; iad ann don seic agus don chulaith phéacógach.
    4. Ní hé an láithreoir ná na haíonna amháin a athróidh an clár ach tabharfaidh na ceapacháin nod dúinn faoi threo na gaoithe.
    5. An ndíreoidh an clár ar anailís ghrinn nó ar shiamsaíocht? An dtabharfar aghaidh ar chonspóidí agus an gcruthófar conspóidí?
    6. An bhfuil an clár ann leis na cluichí Gaelacha a chur chun cinn nó freastal ar an lucht féachana nó an dá rud? An mbeifear ag siúl ar an tanaí?
    7. An masla gránna in áit na léirmheastóireachta géarchúisí. Dar liom níor dhein Cahill ná Lyster iompar místuama na n-anailísithe a láimhseáil

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: An Bhfuil Uair na Cinniúna Buailte le The Sunday Game'