An bhfuil uair na cinniúna buailte le The Sunday Game?

Caillfidh ‘The Sunday Game’ an stádas atá aige mura ndéanfar na cinntí cearta sna míonna atá romhainn amach

An bhfuil uair na cinniúna buailte le The Sunday Game?

Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh. Na seanfhondúirí Des Cahill, Colm O’Rourke, Pat Spillane agus Kevin McStay ag bailiú leo ó The Sunday Game. Aíonna níos óige, amhail Tomás Ó Sé, ag caitheamh a gcaipíní le hallagar caide is iománaíochta an Domhnaigh chomh maith. An bhfuil uair na cinniúna buailte leis ar an gclár seo ar chuid de dhlúth agus d’inneach na tíre é?

Tá sé á chraoladh ó 1979 agus é ar cheann de na cláir is seanbhunaithe i nDomhnach Broc. Jim Carney agus Seán Óg Ó Ceallacháin a bhíodh ina bhun i dtosach aimsire ach do mhórán againn siad Michael Lyster agus Des Cahill a shamhlaímid leis an gclár. Bímid á cháineadh agus á mholadh ar a seal. Cuimhnigh ar an mbús a bhí ann faoi cheol suaitheantais an chláir in 2004.

Tá cad é bús anois ann faoi cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Des  agus cé hiad na haíonna nua a bheidh le feiscint. Tá beirt chainteoirí Gaeilge á lua le post an láithreora –  Dara Ó Cinnéide agus Evanne Ní Chuilinn. B’fhéidir nár cheart ach oiread Gráinne McElwain a chur as an áireamh. Tá craoltóirí eile amhail Jacqui Hurley agus Darragh Moloney á lua chomh maith. Céard faoi Tommy Martin TV3? Cad a cheapfadh tú do Colin Parkinson? Céard faoi dhuine de mheitheal Second Captains, nó an mheitheal ar fad?

An ndíreoidh an clár ar anailís ghrinn nó ar shiamsaíocht? An dtabharfar aghaidh ar chonspóidí agus an gcruthófar conspóidí? An bhfuil an clár ann leis na cluichí Gaelacha a chur chun cinn nó freastal ar an lucht féachana nó an dá rud? An mbeifear ag siúl ar an tanaí? Cé nár ghrás cur chuige Brolly go minic chothaigh sé caint is siamsaíocht. B’amhlaidh a bhí le Spillane. Ba mhinic a taibhsíodh dom, áfach gur conspóid ar mhaithe le conspóid a bhíodh ann. An masla gránna in áit na léirmheastóireachta géarchúisí.

Dar liom níor dhein Cahill ná Lyster iompar místuama na n-anailísithe a láimhseáil mar ba cheart go minic. Is léir go bhfuil Seán Cavanagh ag iarraidh a bheith ciotrúnta, achrannach amhail Brolly ach tá aíonna eile ann a chuirfeadh codladh ort. Clichéanna agus anailís thanaí á gcaitheamh amach; iad ann don seic agus don chulaith phéacógach.

Ní hé an láithreoir ná na haíonna amháin a athróidh an clár ach tabharfaidh na ceapacháin nod dúinn faoi threo na gaoithe.

Dúshlán eile atá roimh an gclár ná go bhfuil múnla nua na gcomórtas (breis cluichí i dtréimhse ama níos gaire) ag cur an-bhrú ar an gclár. Cluichí agus dreasanna cainte á ngreadadh chugainn ar dalladh. Le breis cluichí caide chugainn an bhliain seo chugainn tosóidh an bhróg ag teannadh tuilleadh. An bhfuil gá le dhá chlár ag an deireadh seachtaine? An dtosófar ag cantáil a gcoda ar TG4 trí bhogadh isteach go dtí an Luan?

D’fhéadfaí a mhaíomh chomh maith go bhfuil gá le clár irise i rith na seachtaine leis an ngoile a ghéarú do choimhlintí an deireadh seachtaine. Táthar fós ag trácht go geanúil ar an gclár irise Breaking Ball, cé go bhfuil sé imithe den scáileán le tarrac ar fhiche bliain. Gan amhras bheadh impleachtaí aige seo do TG4 óir nach bhfuil a gclár irise féin, Spórt Iris, ach bliain ar an bhfód. Ba chinneadh ait é deireadh a chur le Seó Spóirt roinnt blianta ó shin agus tá ar an leagan nua an lucht féachana a mhealladh arís. Céard a tharlódh dá dtosnódh RTÉ á fhéachaint leo ar an Aoine?

Beidh lucht féachana breá ag The Sunday Game i gcónaí ach mura ndéanfar na cinntí cearta sna míonna atá romhainn amach b’fhéidir go dtosódh an clár ag cailliúint an stádais ar leith atá aige.

Fág freagra ar 'An bhfuil uair na cinniúna buailte le The Sunday Game?'