Cleamhnas ceoil álainn Zoë Conway agus John Mc Intyre

Port eile! Tá ár léirmheastóir an-tógtha le halbam beo Zoë Conway agus John Mc Intyre agus leis an gcéad albam aonair Bernadette Nic Gabhann

Cleamhnas ceoil álainn Zoë Conway agus John Mc Intyre

Zoë Conway agus John Mc Intyre, Live in Concert

Is bean í Zoë Conway a bhfuil aithne mhaith uirthi ó thaobh a cuid ceoil.  Is bean ildánach í a chasann ceol traidisiúnta agus ceol clasaiceach ar an veidhlín. Tá albam álainn nua dá cuid tagtha ar an margadh le tamall anuas Live in Concert agus tá  Zoë agus a fear céile, an giotáraí John Mc Intyre, le cloisteáil ag casadh beo ar stáitse.  Ní raibh an taifead seo beartaithe acu ar chor ar bith roimh ré.  Ba é a bhfear fuaime Michael Meinel Ó Munchen a thaifead gach coirm cheoil go rúnda ar feadh bliana agus bhí breis agus 30 uair an chloig de cheol ann nuair a bhronn sé an taifeadadh orthu.  Nuair a d’éist Zoë agus John leis bhí siad chomh tógtha sin leis gur shocraigh siad é a roinnt agus is é an CD breá seo Live in Concert an toradh atá air.

Tá meascán de stíleanna ceoil ann ó cheol dúchasach na hÉireann, snagcheol, ceol clasaiceach, ceol Meiriceánach agus ceol ó thíortha eile agus sníomhann siad ar fad go hálainn lena chéile agus faigheann muid léargas iontach ar cheol iontach na lánúine ceolmhaire seo. Tá píosaí breátha traidisiúnta cosúil le Paddy’s ‘Rambles Through the Park’ ann agus ‘The Boys of Malin’ agus ansin píosa breá bríomhar ‘Tiger Rag’, port a bhíodh á chasadh ag Django Reinhardt agus Stéphane Grappelli blianta fada ó shin.  Tá cúpla amhrán casta ag Zoë agus John freisin, ina measc ‘An Ghaoth Andeas’ agus ‘Dúlamán’.   Beidh Zoë agus John ar stáitse ag Féile Traidphicnic 2017.

Tuilleadh eolais

Bernadette Nic Gabhann, Here to Play

Is duine de chlann cheolmhar Mhic Gabhann as an mBaile Trasna, Cill Dhéagláin i gCo. na Mí í an bhean óg Bernadette Nic Gabhann.  Tá aithne mhaith againn ar a hathair Antóin agus a deirfiúr Caitlín a bhfuil taifead dá gcuid le fáil cheana féin ach seo an chéad albam aonair uaidh Bhernadette. D’fhoghlaim Bernadette a cuid ceoil óna hathair sa mbaile agus fuair sí rithim bhreá óna máthair Bernie freisin, bean atá ina damhsóir den scoth. Chaith Bernadette roinnt blianta ag taisteal le Lord of the Dance Michael Flatley agus tá ceol casta aice ar fud an domhain mhóir.  Tá sí ina ball freisin den ghrúpa trasatlantach NicGaviskey lena deirfiúr Caitlín agus beirt Mheiriceánach, Seán McComiskey agus Seán Gavin. 

Tá tionlacan cláirsí ag Bernadette ar an taifead nua seo ó bhean St. Louis Mheiriceá, Eileen Gannon, agus tá meascán breá air – ríleanna, poirt, cornphíopaí, válsa agus foinn mhalla.  I measc na bport, tá ceann a chum Antóin do Bhernadette, ‘Rós Baltrasn’a, ceann a chum sé nuair a roghnaíodh í mar Rós Fódhla roinnt blianta ó shin.  Tá leagan álainn aice den fhonn mall ‘Cois Abhann na Séad’ a chuala sí cá chasadh mar amhrán ag Muireann Nic Amhlaoibh agus tá na ríleanna, ‘The Boyne Hunt’, ‘The Piper’s Despair’, ‘The Enchanted Lady’ agus ‘The Wind the Shakes the Barley’ thar barr. Ina theannta sin ar fad tá leagan iontach ceithre pháirt den ‘Graf Spey’ aici i dteannta a hathar, Antóin.  Seo taifead álainn ó thús go deireadh.

Tuilleadh Eolais

Fág freagra ar 'Cleamhnas ceoil álainn Zoë Conway agus John Mc Intyre'

  • Liam

    Bi linn i nGleann Cholm Cille sa samhradh le Zoë agus John ag seinm i gceann de ceolchoirmeacha an tSamhraidh in Oideas Gael. Dála an scéil, Gaeilge den scoth ag an bheirt acu.