Clár slachtmhar faoi ‘Son of Sam’ ón Sítheach snasta

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: I gclár fuaimintiúil de chuid TG4 thug iriseoir ábalta éachtaint bhreá dúinn ar an gCiarraíoch a chuir an tsúil ribe ar dhuine de na dúnmharfóirí is míchlúití i stair Mheiriceá

Clár slachtmhar faoi ‘Son of Sam’ ón Sítheach snasta

Ba ar an 29 Iúil 1976 in Pelham Bay sa Bronx a lámhach an dúnmharfóir srathach ‘Son of Sam’ duine den chéad uair. As sin go ceann bliana dhúnmharaigh David Berkowitz cúigear eile go dtí, sa deireadh, go ndein ticéad páirceála a chreach.

Sa chlár fuaimintiúil Son of Kerry, Son of Sam (TG4, aréir) tugann an tuairisceoir ábalta ó Chorca Dhuibhne Seán Mac an tSíthigh éachtaint dúinn ar an gCiarraíoch Timothy O’Dowd, an té a bhí mar cheann feadhna ar an meitheal a chuir an tsúil ribe ar an mbithiúnach. Lena chois sin tugtar léargas ar thréimhse chorraitheach, shuaite i stair Nua-Eabhrac.

Tar éis blaiseadh beag de Nua-Eabhrac ag tús an chláir deineadh sinn a thabhairt soir thar farraige go baile fearainn lasmuigh de Chaisleán na Mainge mar ar rugadh agus tógadh Dowd go dtí gur thug a mhuintir an bád bán orthu féin i 1923. Tar éis dreas cainte le Gobnait O’ Mahoney agus Gerard Sheehan, agus tar éis do thábhairneoir áitiúil a rá go raibh an Dubhdach teann as a dhúchas Ciarraíoch, fillimid ar na Stáit Aontaithe.

Dúirt Niall O’Dowd linn go raibh an nasc riamh ag na hÉireannaigh leis an NYPD agus gur Ghaeil nó Gael-Mheiriceánaigh iad 22 de na coimisinéirí a bhí san NYPD i 1940 nuair a chuaigh O’Dowd isteach san eagraíocht. Cé gur bhain O’Dowd le glúin nua a raibh ard-oideachas orthu bhí an nasc ann i gcónaí agus sloinnte Éireannacha cosúil le Coffey, Gallagher, Keenan, O’Connell, Cahill, Gleeson, Donovan agus Shevlin   sa mheitheal 300 duine a bhí páirteach sa tóraíocht is mó riamh i stair Nua-Eabhrac.

Bhí Nua-Eabhrac i ngalar na gcás i 1976; í ar imeall an chlisiúnais, ráta ard dífhostaíochta agus tarrac ar 1,600 duine á ndúnmharú i gcaitheamh na bliana. Shroich an t-anbhá aird láin i samhradh na bliana 1977 le tonn teasa, cliseadh cumhachta agus círéibeacha. Bhí gach n-aon ag breith chucu féin agus file caoch á dhéanamh ag Son of Sam des na póilíní agus na meáin a bhí ag sodar ina ndiaidh.

Mar is dual don Sítheach ina dhea-shaothar iriseoireachta le Nuacht TG4, déanann sé sin a threorú go tomhaiste, deisbhéalach tríd an rud ar fad. Baineann an t-iriseoir agus stiúrthóir Neal Boyle an-adhmad as ábhar cartlainne, athchruthuithe, grafaicí, seatanna aeir agus as an móitíf úd den bhalla lán le leideanna, páipéirí is pictiúirí. Baineadh leas as meitheal chuidsúlach de chloigne cainte; íospartach a mhair, raidhse iarphóilíní a bhí lárnach sa chás mar aon le clann Dowd féin a labhraíonn go heolgaiseach, ionraic agus bródúil ar ghaiscí a n-athar. Mar a bheifí ag súil leis is as Béarla a labhair formhór ar fad de na cloigne cainte.

Clár slachtmhar, snasta é seo a choimeádfadh ar tinneall tú ó thús go deireadh.

Fág freagra ar 'Clár slachtmhar faoi ‘Son of Sam’ ón Sítheach snasta'