Clár ómóis le craoladh d’Uachtarán na hÉireann agus na ceithre scór bainte amach aige

Beidh an clár ‘Ómós - Michael D @ 80’ le feiceáil ar TG4 oíche anocht agus plúr d’amhránaithe agus ceoltóirí na hÉireann ag ceiliúradh a bhreithlae

Clár ómóis le craoladh d’Uachtarán na hÉireann agus na ceithre scór bainte amach aige

Craolfar clár ceoil speisialta in ómós d’Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, an deireadh seachtaine seo chun a bhreithlá a cheiliúradh agus na ceithre scór bainte amach aige.

Dé Domhnaigh breithlá an Uachtaráin agus beidh an clár Ómós – Michael D @ 80 le feiceáil ar TG4 ag 9.30pm agus plúr d’amhránaithe agus ceoltóirí na hÉireann ag ceiliúradh a bhreithlae.

Tá sraith físeán scaipthe ag TG4 ar na meáin shóisialta freisin agus daoine ag guí breithlá sona ar an Uachtarán Ó hUigínn.

Ina measc siúd a sheol teachtaireacht chuig an Uachtarán bhí an láithreoir teilifíse Hector Ó hEochagáin, an sármharcach Rachael Blackmore, an t-amhránaí Muireanna Nic Amhlaoibh, Leo Moran ón mbanna ceoil The Saw Doctors agus Micheál ‘Toose’ Mac Gearailt.

Beidh Van Morrison orthu siúd a sheolfaidh a mbeannachtaí sa chlár teilifíse, an chéad uair aige le 26 bliain a bheith páirteach i léiriú ar chainéal teilifíse Éireannach. Beidh Iarla Ó Lionáird agus Steve Cooney, beirt a sheinn acu go minic don Uachtarán, ar an gclár agus seinnfidh beirt d’iarcheoltóirí De Dannan, Frankie Gavin agus Máirtín O’Connor cúpla ríl le chéile arís.

Canfaidh beirt de na hamhránaithe óga is mó clú sa tír le chéile, Sibéal Ní Chasaide agus Séamus Ó Flatharta.

Ina dteannta, beidh Tolü Makay, Laoise Kelly, Emma Corbett, Sibéal Davitt, Paddy Keenan agus Thomas McCarthy agus iad ag amhránaíocht, ag seinm agus ag damhsa le linn an chláir.

Chomh maith le tacaíocht an Uachtaráin Uí Uigínn do chúrsaí cultúrtha, tabharfar léargas freisin ar an tacaíocht atá tugtha aige do ghrúpaí a bhíonn ar an imeall sa tsochaí agus a thugtha agus atá sé do chearta an duine, cearta sibhialta, cearta LADT+, cearta an lucht siúil, cearta teanga agus an bhaint a bhí aige leis an gcoimhlint i ndáil le comhionannas inscne ó na 1970idí go dtí an lá atá inniu ann.

Orthu siúd a thráchtfaidh ar obair an Uachtaráin beidh an t-iarUachtarán Mary Robinson, Stiúrthóir Amharclann an Druid, Garry Hynes, an scríbhneoir agus stiúrthóir Darach Mac Con Iomaire, an Seanadóir agus abhcóide Ivana Bacik agus iarLeas-Uachtarán OÉ, Gaillimh Gearóid Ó Tuathaigh.

Fág freagra ar 'Clár ómóis le craoladh d’Uachtarán na hÉireann agus na ceithre scór bainte amach aige'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Clár ag TG4? An clár Gaeilge nó clár Béarla atá ann??

  • An Teanga Bheo

    La maith dho ag 80

  • Bríd Bhreathnach

    An píosa is spéisiúla den chlár nuair a nocht Foras na Gaeilge an plean rúnda a bhï acu le Micheál D a athstruchtúrú agus triúr a cheapadh ina áit.

  • Cluain Sceach

    Clár maith, an Ghaeilge in uachtar mar athrú!