Clár nua cúrsaí reatha Gaeilge RTÉ le tosú roimh dheireadh na bliana

Bhí an tsraith nua Fóram le craoladh ar dtús anuraidh ach d’fhág fadhbanna léiriúcháin gur cuireadh tús na sraithe siar

Clár nua cúrsaí reatha Gaeilge RTÉ le tosú roimh dheireadh na bliana

Deir RTÉ go bhfuil súil acu tús a chur le clár nua cúrsaí reatha as Gaeilge roimh dheireadh na bliana.

Bhí an tsraith nua Fóram le craoladh ar dtús anuraidh ach d’fhág fadhbanna léiriúcháin gur cuireadh tús na sraithe siar.

Tuairiscíodh gur i mí an Mheithimh 2023 a bhí an tsraith le tosú ach cinneadh ansin gur i mí Dheireadh Fómhair a chuirfí ar an aer í. D’fhág easpa foirne gur sáraíodh an spriocdháta sin chomh maith ach deir RTÉ anois go gcraolfar Fóram den chéad uair i dtreo dheireadh na bliana.

Tugadh an méid sin le fios ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais ina raibh ionadaithe ó RTÉ i láthair aige.

Dúirt Joe Reddington, Príomh-Eagarthóir Nuacht TG4/RTÉ gur clár seachtainiúil a bheadh i gceist le Fóram agus go mbeadh na “mórcheisteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta” á bplé.

Tá an clár le craoladh beo ó stiúideo nuachta RTÉ i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath uair sa tseachtain, maidin Dé Domhnaigh.

Bhí seit nua tógtha do Fóram agus rinneadh cleachtadh den chlár sula ndearnadh an cinneadh an tsraith a chur ar athló arís. Bhí an t-iriseoir le Nuacht TG4 Caoimhe Ní Laighin luaite mar láithreoir ar an gclár.

Fóram beartaithe ag RTÉ mar chuid den phlean don Ghaeilge a d’aontaigh siad leis an gCoimisinéir Teanga nuair a chinn sé go raibh sárú á dhéanamh acu ar a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge.

Faoin Acht Craolacháin 2009, tá dualgas reachtúil ar RTÉ “réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil” agus “cláir nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla”.

Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a foilsíodh in 2021 nach cláracha cúrsaí reatha nó nuachta ach thart ar 4% de na cláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha.

Fág freagra ar 'Clár nua cúrsaí reatha Gaeilge RTÉ le tosú roimh dheireadh na bliana'