Clár mionchúiseach corraitheach a rinne cíoradh ar ghné cheilte de Chogadh na Saoirse

Saoirse nó seicteachas? Rinne Marú in Iarthar Chorcaí scagadh ar thátail chonspóideacha an staraí Peter Harte

Clár mionchúiseach corraitheach a rinne cíoradh ar ghné cheilte de Chogadh na Saoirse

Ba i 1998 a foilsíodh an saothar staire The IRA and Its Enemies leis an údar Ceanadach Peter Hart. Do bhain an leabhar creathadh as lucht staire agus chothaigh sé conspóid a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann. Mhaígh Harte go raibh an seicteachas ag éirí thiar as Cogadh na Saoirse agus le tacú leis an tátal sin shín sé a pheann i dtreo Iarthar Chorcaí mar ar maraíodh triúr déag Protastúnach in imeacht trí oíche i 1922.

Cailleadh Harte go hanabaí in 2010 ach d’éirigh leis an iriseoir Jerry O’Callaghan agallamh fada físe a dhéanamh leis díreach roimh sin agus tá an t-agallamh sin lárnach in Marú in Iarthar Chorcaí (TG4, Dé Céadaoin).  Fadscannán faisnéise pointeáilte, tathagach é seo a dhéanann cíoradh ar nithe a bhí á mhaíomh ag Harte agus na tátail a bhain sé as eachtraí.

Is láithreoir suimiúil é Callaghan óir go bhfuil ceangal an-láidir aige leis an gceantar seo agus leis an scéal féin; bhí a athair féin san IRA i rith na tréimhse corraithí sin. Go deimhin úsáideann sé taifeadtaí dá athair féin sa chlár le cur leis an iniúchadh mionchúiseach a dhéanann sé.

Lena chois sin bhí ábhar cartlainne againn mar aon le grafaicí, seatanna aeir agus raidhse cloigne cainte. Chothaigh an leabhar conspóid i measc staraithe agus ní nach ionadh mar sin bhí cleatráil mhaith acu anseo le hionchur ó leithéidí Diarmuid Ferriter, John M. Regan, Andrew Bifelenberg agus John Borgonovo. Fágadh fé leithéidí Mary Harris, Theo Dorgan agus Padraic Ó Ruairc an t-ionchur Gaeilge a thabhairt, rud a dheineadar go paiteanta.

Le comhthéacs a thabhairt do na hoícheanta fuilteacha úd deineadh tochailt ar chúlra staire an cheantair siar chomh fada le ré na bPlandálacha. B’in an uair ar deineadh na Gaeil a dhíbirt agus an talamh a bhronnadh ar Phrotastúnaigh ó Shasana isteach. D’fhág sin gur baile gallda a bhí i nDroichead na Bandan; insíodh dúinn go raibh sé Ord Oráisteach i gCathair Chorcaí tráth, bhí seacht gcinn i nDroichead na Bandan sa tréimhse chéanna. Cinnte mar sin do lean gangaid an díshealbhú seo. Ach is mór an difear idir sin agus Cogadh Seicteach.

Ceann de thátail an chláir seo, dar liom, ná go raibh, cinnte, toise an tseicteachais ag baint le brúidiúlacht na tréimhse; toise nár deineadh an cíoradh agus nochtadh cuí air i gcaitheamh na mblianta. Bhíodh gaiscígh Chogadh na Saoirse á n-adhradh agus níor luigh líomhaintí an tseicteachais leis an meon sin.

Tugadh tríd eachtraí na n-oícheanta sin céim ar chéim sinn agus féachadh go géar ar an bhfianaise. Cuireadh abhaile orainn gur díríodh ar na daoine seo mar go rabhthas den tuairim gur bhrathadóirí is dílseoirí a bhí iontu agus/nó gur thacaigh siad leis gConradh Angla-Éireannach. Ba Phrotastúnaigh iad leis, rud a d’fhág toise seicteachais leis an marú, ach arís ní leor sin le seicteachas ná glanadh eitneach a chur i leith fhórsaí na hÉireann. Níor chuir rannpháirtithe áirithe aon fhiacail ann is iad ag maíomh go gcuaigh insint Harte i muinín na háibhéile.

Rud a chuaigh abhaile orm go mór ná go bhfuil sliocht an dá thaobh fós ag maireachtaint sa cheantar seo ó Dhroichead na Bandan go Cloich na Coillte suas go Dún Mánmhaí. Dhein Jim dreasanna cainte le Josie Buttimer

agus Hazel Baylor ar maraíodh daoine muinteartha leo na hoícheanta sin. Bhraitheas go raibh a n-ionchur siúd an-chorraitheach. Tugadh le fios dúinn ag deireadh an chláir gur imigh an bheirt acu ar shlí na fírinne in 2022.

Clár mionchúiseach corraitheach a dhéanann cíoradh ar ghné cheilte de Chogadh na Saoirse.

Fág freagra ar 'Clár mionchúiseach corraitheach a rinne cíoradh ar ghné cheilte de Chogadh na Saoirse'