Clabhsúr curtha ag Éirinn ar shéasúr dochreidte agus bóthar anacair roimh Mhaigh Eo…

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na ceachtanna a bhí le foghlaim ó chluichí móra CLG an deireadh seachtaine agus ó chluiche rugbaí na hÉireann

Clabhsúr curtha ag Éirinn ar shéasúr dochreidte agus bóthar anacair roimh Mhaigh Eo…

Clabhsúr curtha ag Éirinn ar shéasúr dochreidte

Thug foireann rugbaí na hÉireann an bua leo i gcluiche an tSathairn i gcoinne na hAstráile chun sraith cluichí a bhuachan sa tír sin den chéad uair le 39 bliain anuas. Chuir an bua deireadh le séasúr den scoth d’Éireann agus deich gcinn den aon chluiche dhéag a d’imir siad buaite acu.

Chomh maith leis an tsraith seo san Astráil, bhuaigh Éire ar an Afraic Theas agus ar an Airgintín mí na Samhna seo caite agus, ar ndóigh, bhuaigh siad an ilchraobh san earrach. Agus Corn an Domhain ann an bhliain seo chugainn, tá Éire anois sa dara háit ag na húdair don chorn mór agus iad sa dara háit ar chomh maith sa rangú domhanda.

Mar sin féin, is go bhféadfadh foireann na hÉireann tuilleadh feabhais fós a dhéanamh. Ghéill siad go leor ciceanna éirice le linn na sraithe i gcoinne na hAstráile agus cinnte go mbeidh súil á coinneáil ag Joe Schmidt air sin.

Is minic freisin go mbíonn formhór na seilbhe ag Éirinn ach ach n- éiríonn leo a bhforlámhas a léiriú ar chlár na scór. Tharla sé roinnt uaireanta sna trí chluiche i gcoinne na hAstráile gur éirigh le hÉirinn an liathróid a thabhairt chomh fada le líne úid na hAstráile ach gur theip orthu úd a scóráil. Nuair a bhíonn siad ar an ionsaí, bíonn siad beagán rómhall ina gcuid imeartha agus ní bhaineann siad leas as an spás ar na cliatháin.

Beidh barúil láidir ag Schmidt faoin am seo cé hiad na himreoirí a thabharfaidh sé leis chuig Corn an Domhain agus tá am aige réiteach a fháil ar aon fhadhbanna atá ann.

Fear Chiarraí, Paul Geaney. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Greadadh i ndiaidh greadta i gcluichí peile na gcúigí

Imríodh cluichí ceannais na gcúigí i Laighin, Ulaidh agus sa Mhumhain an deireadh seachtaine seo agus cluichí aontaobhacha a bhí sna trí cinn acu. Farasbarr cúig phointe dhéag ar an meán a bhí idir na foirne agus bua bog ag Ciarraí, Dún na nGall agus Áth Cliath.

Ba í an tríú chraobh déag atá buaite ag Áth Cliath le ceithre bliana déag anuas agus ba í an t-ochtú

Craobh na Mumhan atá buaite ag Ciarraí le naoi mbliana anuas.

Ní tada nua é go bhfuil foirne áirithe go mór chun tosaigh sna cúigí ach ní is amhlaidh a chothóidh torthaí an deireadh seachtaine tuilleadh cainte faoin ngá le struchtúr craoibhe nua.

Imríodh dhá chluiche dhéag idir na babhtaí leathcheannais na babhtaí ceannais sna cúigí.

Bhí níos mó ná scór amháin idir na foirne i ngach cluiche acu sin seachas sa cheann inar bhuaigh Fear Manach ar Mhuineachán. Bhí ar a laghad deich bpointe idir na foirne i naoi gcinn de na cluichí sin, trí cinn de na cluichí ceannais san áireamh.

Gortaíodh Séamus O’Shea Dé Sathairn. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Aireoidh Maigh Eo uathu O’Shea ar an mbóthar atá rompu

D’éirigh le Maigh Eo, ar deireadh, an ceann is fearr a fháil ar Thiobraid Árann Dé Sathairn agus cé go mbeidh Stephen Rochford sásta leis an mbua, údar imní dó go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil imreoir tábhachtach eile caillte acu don chuid eile den samhradh.

Bhí ar Shéamus O’Shea an pháirc a fhágáil sa chéad leath sa chluiche i gcoinne Thiobraid Árann agus a ghualainn curtha as alt aige. Bhain an gortú céanna do Lee Keegan i rith na sraithe agus thóg sé trí mhí ar fhear Chathair na Mart teacht chuige féin. Mura n-éiríonn le Maigh Eo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach, gach seans nach bhfeicfear O’Shea arís i gcraobh na bliana seo.

Is cailliúint mhór é, go háirithe agus Tom Parsons gortaithe chomh maith, rud a chiallaíonn nach bhfuil fáil ag Maigh Eo ar an mbeirt a thosaigh i lár na páirce i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh.

Agus an tarraingt déanta ar maidin don chéad bhabhta cáilithe eile, imreoidh Maigh Eo in aghaidh Chill Dara an deireadh seachtaine seo chugainn. Sna cluichí eile, tabharfaidh Liatroim aghaidh ar Mhuineachán, imreoidh An Cabhán i gcoinne Thír Eoghain agus casfaidh Ard Mhacha ar An Clár.

Fág freagra ar 'Clabhsúr curtha ag Éirinn ar shéasúr dochreidte agus bóthar anacair roimh Mhaigh Eo…'