Citylink le glacadh le ‘saorthaisteal’ ar sheirbhís i gConamara

Bíonn an bus ag freastal ar Mhaigh Cuilinn, Uachtar Ard, an Teach Dóite, Sraith Salach, an Clochán, an Cloigeann agus Leitir Fraic

Citylink le glacadh le ‘saorthaisteal’ ar sheirbhís i gConamara

Tá sé fógartha ag an gcomhlacht bus Citylink go mbeidh siad ag glacadh feasta le pasanna saorthaistil ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil i gConamara.

Ón lá inniu amach, is féidir le daoine a bhfuil pasanna saorthaistil acu an tseirbhís bus a théann idir cathair na Gaillimhe agus an Clochán a úsáid saor in aisce. Freastalaíonn an tseirbhís 923 ar Mhaigh Cuilinn agus Sraith Salach sa Ghaeltacht agus téann an bus siar chomh fada le Leitir Fraic agus An Cloigeann.

Deich n-uaire in aghaidh an lae a théann bus Citylink siar as Gaillimh agus tagann ceann aniar deich n-uaire freisin.

Cé go nglacfar le daoine nach bhfuil suíochán curtha in áirithe acu roimh ré, deir Citylink go dtabharfar tús áite i gcónaí dóibh siúd a bhfuil suíochán in áirithe acu. Is féidir le daoine a bhfuil pas saorthaistil acu suíochán a chur in áirithe ar shuíomh Citylink ach caithfear táille €5 a íoc.

Tá Citylink le glacadh le pasanna saorthaistil ar an tseirbhís idir Caisleán an Bharraigh agus Baile Átha Cliath ón 1 Márta chomh maith agus an comhlacht anois ag glacadh leis na pasanna saorthaistil ar chuile cheann dá gcuid seirbhísí idir bhusanna Citylink, GoBus agus Eireagle.

Fág freagra ar 'Citylink le glacadh le ‘saorthaisteal’ ar sheirbhís i gConamara'