Cíos, caint agus cathú –an Rialtas ag brácáil leis an saol

Fad is a bhí an teocht ag ardú, bhí an costas maireachtála ag ardú leis

Cíos, caint agus cathú –an Rialtas ag brácáil leis an saol

Gach seans go gcuirfidh an rialtas cosc ar fhoilseachán tuarascálacha amach anseo.

Lá i ndiaidh don suíomh idirlín daft.ie tuarascáil a fhoilsiú a thug le fios go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar an meánchíos náisiúnta agus go bhfuil titim shuntasach ar an méid tithíochta atá ar fáil le ligean ar cíos, d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh tuarascáil a léiríonn nach cíos amháin atá ag ardú.

9.1% an ráta boilscithe don mhí seo caite, mar a bhí i mí an Mheithimh. Fad is a bhí an teocht ag ardú, bhí an costas maireachtála ag ardú leis. Nuair a fhéachtar ar na mionsonraí, faightear tuiscint ar an mbrú atá ar theaghlaigh ar fud na tíre – ardú 40% ar an mbille leictreachais le bliain anuas, ardú nach mór 57% ar phraghas an gháis, agus ardú breis agus 90% ar phraghas na hola. 

Tá an ráta boilscithe ag an leibhéal is airde le dhá scór bliain, agus leis an ardú atá anois ar rátaí úis, an chéad ardú a cuireadh i bhfeidhm le breis is deich mbliana, tá morgáistí agus iasachtaí airgid níos costasaí anois orainn ná mar a bhí le fada. Tá sé seo eisceachtúil, a deirtear linn. An rud is annamh is iontach? Ní cheapfainn é.

An freagra atá ag an rialtas air seo ná na rátaí cánach a athrú. Príomhthosaíocht de chuid Fhine Gael atá anseo – an páirtí a sheasann leis na duine a éiríonn go moch ar maidin. 

Dheimhnigh Paschal Donohue, an tAire Airgeadais, go bhfuil an plean cánach seo i measc na roghanna atá aige don Bhuiséad i mí Mheán Fómhair. Bheadh sé i gceist aige an tríú banda a thabhairt isteach, ina d’íocfaí cáin ag 30%, sula ngabhfaí ar aghaidh chuig an ráta is airde cánach. Rinneadh an-chuid cainte le seachtainí anuas ar an bplean seo. Pléadh é i gcúpla grúpa WhatsApp ina bhfuilim. Aon uair a phléitear scéal polaitíochta i ngrúpa WhatsApp mo chairde, ina mbíonn an-chuid daoine nach mbacann ar chor ar bith le cúrsaí polaitíochta, cuirim féin spéis ann. Léiríonn sé go bhfuil éirithe le polaiteoir nó páirtí éigin dul i bhfeidhm ar an bpobal, agus ní hamháin ar na anoraks polaitíochta, ar mo chuma féin.

Cuireadh fáilte roimh an smaoineamh seo, agus measadh go mbeadh sé níos cothroime ar mhuintir na hÉireann. Údar dóchais don rialtas? Ach ansin, fuarthas amach cé mhéad airgid a bheadh i gceist dá gcuirfí an t-athrú i bhfeidhm. Bhí rogha amháin ann a chosnódh €525 milliún, a mbainfeadh 35% de cháiníocóirí tairbhe as agus a thabharfadh €10 eile sa mbreis in aghaidh na seachtaine do dhuine. Bhí rogha eile ann a chosnódh €945 milliún, a mbainfeadh níos mó cáiníocóirí tairbhe as agus a thabharfadh €19 sa mbreis in aghaidh na seachtaine do dhuine. Thit an lug ar an lag ar lucht WhatsApp ansin – ‘ní bheadh ann ach rolla ón deli sa mbreis in aghaidh na seachtaine, mar sin’. Ba léir go raibh an ráta boilscithe ag teacht salach ar phleananna an rialtais – arís!

Más ag iarraidh aird daoine a bhaint ó chúrsaí eacnamaíochta a bhí an rialtas, chabhraigh cinneadh an IRFU cosc a chur ar mhná tras-inscneacha rugbaí teagmhála a imirt leis sin. Níor léir, áfach, go raibh an rialtas ullamh lena aghaidh. Nuair a lorg mé ráiteas ón Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, féachaint ar aontaigh sé le cinneadh an IRFU, dúradh liom éisteacht le hagallamh a rinne sé ar na meáin – sular fógraíodh an cinneadh seo.

Lá níos déanaí, faoi dheireadh, tháinig focal chugainn go bhfuil an polasaí “tugtha faoi deara” ag an Roinn Spóirt – ach go n-aithnítear “íogaire agus castacht na ceiste”. Bí ag caint ar é a bheith I do phota agus do mhála agat.

B’fhéidir, amach anseo, go gcuirfear cosc ar choisc chun go seachnófaí a leithéid.

Fág freagra ar 'Cíos, caint agus cathú –an Rialtas ag brácáil leis an saol'

  • Antóin

    Tá an polasaí “tugtha faoi deara” acu. Aithnítear “íogaire agus castacht na ceiste”. A leithéid de mheatacht. Nach féidir leis freagra a thabhairt gan é a chur faoi bhráid
    coiste a chuirfeas é faoi bhráid fochoiste eile srl.