Cinneadh le déanamh an mhí seo faoi chuid de Choláiste Íosagáin a leagan

Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta an foirgneamh cáiliúil a athfhorbairt mar mhol forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta ach bhí ar an Údarás iarratas a dhéanamh chun an cead pleanála a bhí faighte a leasú

Cinneadh le déanamh an mhí seo faoi chuid de Choláiste Íosagáin a leagan

Is ag deireadh na míosa seo a dhéanfaidh Comhairle Contae Chorcaí cinneadh maidir le hiarratas cuid de Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne a leagan.

Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta an foirgneamh cáiliúil a athfhorbairt mar mhol forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta ach bhí ar an eagraíocht iarratas pleanála nua a chur faoi bhráid Chomhairle Contae Chorcaí chun cead a fháil cuid den fhoirgneamh atá míshocair a leagan.

Bhí cead pleanála faighte cheana ag Údarás na Gaeltachta chun tabhairt faoin athfhorbairt ach cuireadh moill leis an obair thógála nuair a aimsíodh fadhbanna le cuid de dhíon agus de struchtúr an fhoirgnimh.

Caithfear anois cuid den fhoirgneamh, an chuid aon stór a bhí ar chúl an fhoirgnimh a leagan agus tá sé i gceist síneadh nua trí stór a thógáil ina áit ina mbeidh forsheomra iontrála.

Chuir Údarás na Gaeltachta iarratas, chun athruithe a dhéanamh ar an fhorbairt a bhí ceadaithe, faoi bhráid Chomhairle Contae Chorcaí mí Mheán Fómhair seo caite ach d’iarr an Chomhairle tuilleadh eolais maidir leis an iarratas. Cuireadh na sonraí breise ar fáil ag deireadh mhí an Eanáir agus tuigtear go ndéanfaidh oifig phleanála na Comhairle cinneadh faoin iarratas ag deireadh na míosa seo.

Léirigh oifigigh na Comhairle imní maidir le leagan an tseomra bia a bhí sa scoil toisc gur measadh fiúntas ailtireachta a bheith leis, ach san eolas breise a chuir an tÚdarás ar fáil, maíodh nach raibh aon rogha eile ann ach an struchtúr a leagan.

Lorg an Chomhairle tuilleadh eolais freisin faoin éifeacht éiceolaíochta a bheadh ag an bhforbairt, go háirithe maidir leis an sciathán leathair.

Is léir go bhfuil Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, dóchasach go mbronnfar an cead pleanála atá ag teastáil le leanúint ar aghaidh leis an bhforbairt.

Dúirt an tAire Stáit sa Dáil le gairid go raibh tús curtha leis an bpróiseas tairisceana i leith na hoibre agus súil ann go mbeidh deireadh leis an bpróiseas sin faoi Mhárta.

Thosaigh an obair athfhorbartha ar shuíomh Choláiste Íosagáin ag deireadh 2020 ach d’fhág na fadhbanna le struchtúr an fhoirgnimh go raibh moill ar chúrsaí ó shin.

Tá sé i gceist go mbeadh ionad gteic agus oifigí eile á dtógáil sa chéad chuid den togra. Beidh 75 spás oibre san ionad gteic, a bheidh ar an dara hurlár den phríomhfhoirgneamh, nuair a thógfar é. Beidh oifig réigiúnach Údarás na Gaeltachta agus spás oifige eile ar an chéad urlár.

€2.7 milliún a cheadaigh Fiontraíocht Éireann in 2019 d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin. Tá €850,00 curtha ar fáil don fhorbairt ag Údarás Na Gaeltachta. Fuarthas €50,000 ó Chomhairle Chontae Chorcaí agus €190,000 tríd an gCiste Forbartha Eacnamaíochta Réigiúnach chun máistirphlean a chur le chéile don fhorbairt iomlán, plean a bhfuil bailchríoch á chur air agus atá beagnach críochnaithe.

Fuair Údarás na Gaeltachta beagnach €980,000 ó Chiste Spreagtha an Rialtais chun obair a dhéanamh ar shuíomh an choláiste, obair atá curtha i gcrích.

Is mó forbairt agus togra a bhí luaite leis an bhfoirgneamh ó 1989. Fógraíodh i dtús na mílaoise agus arís sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a foilsíodh in 2010, go ndéanfaí Coláiste Íosagáin a fhorbairt mar lárionad oideachais ach níor cuireadh na pleananna sin i gcrích riamh.

Cheannaigh Údarás na Gaeltachta an suíomh 2.5 acra in 2002.

Fág freagra ar 'Cinneadh le déanamh an mhí seo faoi chuid de Choláiste Íosagáin a leagan'