Cinneadh fós le déanamh ag Rialtas na hÉireann faoi thacú le ‘stádas oifigiúil’ do thrí theanga eile san AE

Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go bhfuil sé róluath cinneadh críochnúil a dhéanamh faoi iarratas na Spáinne ach go raibh Éire i gcónaí ar son na héagsúlachta teangacha

Cinneadh fós le déanamh ag Rialtas na hÉireann faoi thacú le ‘stádas oifigiúil’ do thrí theanga eile san AE

Níl aon chinneadh déanta go fóill ag Rialtas na hÉireann faoi iarratas rialtas na Spáinne go mbronnfaí an stádas céanna san AE is atá ag an nGaeilge ar an gCatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis.

Tá leid láidir tugtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin, áfach, go mbeifear ag tacú le hiarratas na Spáinne ar stádas oifigiúil do na trí theanga.

Mar chuid d’idirbheartaíocht iarthoghcháin a rinne Rialtas na Spáinne an t-iarratas ar stádas oifigiúil do na trí theanga.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go raibh sé róluath cinneadh críochnúil a dhéanamh faoi iarratas na Spáinne.

Tá an Spáinn ag iarraidh go bpléifí a gcás ag cruinniú de Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an AE Dé Máirt seo chugainn, an 19 Meán Fómhair.

“Tá sé róluath d’Éirinn faoi láthair seasamh críochnúil a ghlacadh faoi mholadh rialtas na Spáinne gan na sonraí ar fad a bheith againn agus gan aon chur i láthair foirmeálta a bheith déanta go fóill,” arsa Micheál Martin.

“Mar sin féin, bhí Éire i gcónaí go láidir ar son an iolrachais i gcúrsaí teanga agus ar son tacú le saoránaigh an AE teacht ar an oiread eolais agus is féidir faoin Aontas agus a chuid institiúidí agus cuirfear an méid sin san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ag Éirinn faoin seasamh a bheidh againn sa phlé a dhéanfar ag an gComhairle.”

Tuairiscítear go bhfuil ballstáit áirithe de chuid an AE ag cur cos i bhfeac mar gheall ar an iarratas agus iad buartha faoi chostas aistriúcháin agus go spreagfaí a thuilleadh iarratas dá leithéid.

Chun go mbeadh an stádas céanna ag teangacha comhoifigiúla na Spáinne, chaithfeadh Comhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh a dhéanamh d’aon ghuth a rialacháin a leasú.

Is faoin Spáinn a bheadh sé tacaíocht na mballstát eile go léir a fháil don phlean stádas oifigiúil a bhronnadh.

Bhí freagra á thabhairt ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin ar cheist a chuir Marc Ó Cathasaigh, Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, air.

Chuir Rialtas na Spáinne an t-iarratas faoi bhráid an AE mar chuid den iarracht atá ar siúl ag Pedro Sánchez tacaíocht a mhealladh ó pháirtithe eile chun rialtas a bhunú agus fanacht ina Phríomh-Aire.

D’fhág toradh neamhchinnte olltoghchán na Spáinne mí Iúil go raibh ar Sánchez, ceannaire an PSOE, na sóisialaithe, margadh a dhéanamh le páirtithe na Catalóine agus Thír na mBascach agus tá an t-éileamh ar stádas do na trí theanga mar chuid den mhargadh sin.

I litir a sheol Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, José Manuel Albares, chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh an mhí seo caite, dúirt sé gur chóir teangacha oifigiúla eile na Spáinne a chur leis an liosta 24 teanga a bhfuil stádas oifigiúil san AE acu.

In 2005, tar éis feachtas fada, lorg Rialtas na hÉireann stádas mar theanga oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus bronnadh an stádas sin ar an teanga in 2007.

Fógraíodh, áfach, go mbeadh teorainn ag baint le líon na n-ábhar agus na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge i gcomparáid le teangacha eile go dtí 2010.

Maolú na Gaeilge a tugadh ar an socrú sin ar cuireadh síneadh cúig bliana eile leis ina dhiaidh sin, go dtí an 31 Nollaig 2016.

In 2015 d’iarr Rialtas na hÉireann ar an AE go gcuirfí deireadh leis an maolú de réir a chéile nó go mbeadh deireadh ar fad leis ón 1 Eanáir 2022.

Fág freagra ar 'Cinneadh fós le déanamh ag Rialtas na hÉireann faoi thacú le ‘stádas oifigiúil’ do thrí theanga eile san AE'

  • Donncha O hEallaithe

    Tá ‘stádas oifigiúil’ na Gaeilge bunaithe ar bhréag. Tá sé in am deireadh a chur leis. Nil de thoradh air ach scoth na nGaeilgeoiri ag cur a gcuid talainn amu ag aistriú cáipéisiocht nach léifear go deo.

  • jpmorley0@gmail.com

    An ceart ag Donncha. Léim féin é anois is arís ar an idirlíon agus is diomailt ama & airgid amach is amach é. Scam.

  • Iomlán nó bearnach?!

    Measaim gur ar a chuid mothúchán atá tuairim Dhonncha Uí Éallaithe bunaithe. Cén fhianaise atá aige nach léitear nó nach léifear cáipéisí Gaeilge an Aontais Eorpaigh? Cén bhréag í sin a maíonn sé gur bunaíodh stádas oifigiúil na Gaeilge uirthi?

    Maidir le scoth na nGaeilgeoirí, is iomaí áit a bhfostaítear iad, in Éirinn agus thar lear, ach ní mórán áiteanna a bhfaigheann siad an deis a gcuid Gaeilge a úsáid ina gcuid oibre.

    Bunaítear na háiteanna sin in Éirinn agus ná bíodh amhras ar Dhonncha nó gheofar scoth na nGaeilgeoirí le bheith ag obair iontu.

    Ach ba mhaith le Donncha go gcaithfimis rud maith uainn, rud fiúntach ar troideadh go crua lena bhaint amach (ar an leibhéal polaitiúil) agus ar oibríodh go crua lena chur ar fáil (ar an leibhéal praiticiúil).

    Bheadh ar Dhonncha argóint níos eolaí a chur chun tosaigh sula n-éistfí lena chomhairle.

    Is í an normáltacht a theastaíonn – an normáltacht atá ag pobail na dteangacha slána. Teastaíonn sí i ngach réimse de shaol an Ghaeilgeora. Gnóthaí an Aontais Eorpaigh san áireamh.

    An é rud nach bhfuil ó Dhonncha ach giota anseo agus giota ansiúd? Béarla ar feadh an lae agus giota beag Gaeilge ar maidin agus giota beag san oíche.

    Cad é atá uaidh?

  • jpmorley0@gmail.com

    Tá dhá eisceacht ann, mar atá, Diarmuid Johnson agus Feargall Ó Béarra (nach maireann). Éacht oibre thar beart déanta acu sin beirt i dtaca le litríocht ársa na hÉireann a chur ar fáil in athuair i bhfoirm mhealltach, sholéite do mhuintir na tíre seo. Táimid fé mhórchomaoin acu beirt gan aon agó. Is mór an scanradh Dé áfach nach ndearnadh a leithéid fadó riamh seachas a bheith ag diomailt airgid ar thuraireacht ‘nach léitear agus nach léifear go deo’. Ní hamháin sin ach glantar cuid mhór de na haistriúcháin den gcóras t’réis an áirithe sin aimsire, d’réir mar thuigim. Cén mhaith a dhéanfaidh an duainéis sin uile chun ‘normáltacht’ a chur chun cinn nuair atá an teanga i nguais chinniúnach in Éirinn? Tuigeann na haistritheoirí féin é sin go dianmhaith ach leanfaidh siad orthu ag sniogadh na bó faid a thálann sí. Ní nach ionadh. Spéis dá laghad níl ag a lán acu san obair, cuir malairt ar fáil dóibh a fhóinfidh don teanga i slite praiticiúla agus tabhair tuarastal dá réir dóibh.

  • Seán Mag Leannáin

    Cuireann an obair atá idir lámha sa Bhruiséil go mór le hinfreastruchtúr na Gaeilge. Is obair cheannródaíoch í an obair atá ar siúl ag an bhfoireann s’againne ansin. Tá siad ar thús cadhnaíochta i bhforbairt na teanga, í á leathnú agus á haclú le haghaidh réimsí nua. Tá siad i bhfad chun tosaigh sna cúrsaí seo ar a gcomhghleacaithe i státseirbhís na hÉireann, agus deirim sin mar iar-Phríomhoifigeach sa tseirbhís anseo. Is íoróin cheart í go bhfuil aitheantas chuí ag an teanga sna hInstitiúidí Eorpacha agus gan ach áit na leathphingine di sa státseirbhís ag baile. Ba chóir go mbeadh sé ina chúis náire do Rialtas na hÉireann gurb amhlaidh atá an scéal ach b’fhéidir go gcuideoidh sé linn – an chodarsnacht seo idir an scéal thall agus an scéal abhus – le náire a chur ar na polaiteoirí faoin gceist sa deireadh.

  • Indrek Ois

    Diomailt an ama agus sníogadh na bó? Ní mar sin a chuirfinn síos ar an obair chrua atá á déanamh ag aistritheoirí na Gaeilge san AE lena dteanga a chur chun cinn agus ar chomhchéim le teangacha eile na hEorpa. Moladh atá tuillte acu, seachas cáineamh.

  • Bíodh ciall againn

    Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach fós á cheistiú ag leithéidí ‘JP Morley’ agus Donncha thuas. Is chun leas na teanga trí chéile atá an stádas sin – ní gá ach breathnú ar an obair mhór mhaith atá ar bun ag aistritheoirí an Aontais; an fhorbairt atá á déanamh ar an nGaeilge dá réir; an gradam ard a bhaineann leis na poist; an spreagadh a thugtar do dhaoine óga leanúint leis an teanga; an mórtas cultúir a bheith taobh le cultúir eile na hEorpa; an ionadaíocht atá ag ár dtír agus ag ár dteanga i gcroílár an Aontais. Tá an stádas againn agus is rímhaith ann é. Ná pléitear ábhar atá socraithe le tamall fada agus a bhfuil an iliomad buntáistí ann don Ghaeilge agus dá pobal cainteoirí.

  • Donncha O hEallaithe

    Narbh fhearr an talann a chaitheamh leis ‘an teanga a chur chun cinn’ sa mbaile na a bheith ag cur dallamullog orainn fein gur feidir an Ghaeilge a bheith ar ‘comhcheim le teangacha eile na hEorpa’?

  • John Woods

    ‘Ní hamháin sin ach glantar cuid mhór de na haistriúcháin den gcóras t’réis an áirithe sin aimsire, d’réir mar thuigim’, a deir jpmorley thuas. Ní fíor sin. An t-ábhar a aistrítear go Gaeilge in institiúidí an Aontais, foilsítear in áiteanna éagsúla é (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, suíomhanna idirlín na n-institiúidí féin, cuir i gcás), is bíonn fáil ag an bpobal air feasta. Ní hé go ‘scriostar den chóras é’.

    Níor mhiste an pointe áirithe sin a cheartú, ó tharla gurb in cuid den údar a bhí ag jp thuas le heaspa fiúntais a chur i leith obair na n-aistritheoirí in institiúidí an Aontais, talamh slán a dhéanamh dá réir dá thuairim féin maidir lena spreagann chun na hoibre sin iad, agus an méid sin a chur i láthair ar nós is dá mba é glan na fírinne é.

  • Donncha O hEallaithe

    Nil aon easpa stadais na gradaim ag an nGaeilge. Ach ta easpa deiseanna ag daoine an teanga a usaid. Ta tabhacht Eorpach leis an nGaeilge mar chuid den chultur is den oidhreacht iltheangach. An e an bealach is fearr le aitheantas a thabhairt den ghne Eorpach dar dteanga a bheith ag aistriu na mile caipeisi teicniula go Gaeilge, nach leifear is da leifi nach dtuigfi?₩

  • Seán Ó Conghaile

    Dar liom fèin gur gà éisteacht le réasún. Níl ionamsa ach duine aonair ar Inis Oírr ach is gá éisteacht leis na réigiúin. Sin an fáth ar chuir mé cúpla aighneacht isteach le Coiste na Réigiún. D’éist an dream úd san Eoraip liom nuair nach n-éistfeadh dream ar bith in Éirinn liom agus d’éirigh le m’aighneacht. Ní fear mór léinn mé ach tuigim conas gnó a dhéanamh. Sin an chúis gur cheart dúinn tairbhe a bhaint as an AE a fhad is atá sé ann. Ní bheidh sé ann go deo. Sin go cinnte.