Cill Charthaigh ag iarraidh deireadh a chur le gorta 23 bliain i gcluiche ceannais peile Dhún na nGall

Tabharfaidh Cill Charthaigh agus Gleann tSúilí aghaidh ar a chéile tráthnóna i gcluiche ceannais Sinsir A Dhún na nGall agus foireann Bhaile an Droichid ag iarraidh a gcéad chraobh a bhuachan ó 1993

Cill Charthaigh ag iarraidh deireadh a chur le gorta 23 bliain i gcluiche ceannais peile Dhún na nGall

Mark McHugh, imreoir Chill Chartha. Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beirt de bhoic mhóra na peile i nDún na nGall, Naomh Adhamhnán agus Gaoth Dobhair a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Sinsir B an chontae tráthnóna ach is dhá fhoireann iad nach mbíodh an rath céanna orthu, Cill Charthaigh agus Gleann tSúilí, a bheidh san iomaíocht sa chluiche mór inniu.

Lena gceart a thabhairt dóibh, tá Gleann tSúilí ag déanamh go maith le blianta beaga anuas. Agus iad á spreagadh ag ceannaireacht leithéidí Michael Murphy agus Neil Gallagher, seo é an cúigiú cluiche ceannais atá sroichte acu le deich mbliana anuas agus péire acu sin buaite acu, in 2011 agus 2013.

Malairt scéil é ag Cill Charthaigh nár bhain cluiche ceannais an chontae amach le 23 bliain: craobh na bliana 1993 an ceann is deireanaí atá buaite acu. Beirt de laochra na foirne sin, Martin McHugh agus a dheartháir James, atá á stiúrú anois.

Is mór an tionchar a bheidh ag clann Mhic Aodha ar chluiche an Domhnaigh mar, chomh maith le Martin agus James ar an taobhlíne, is iad triúr mac na bhfear céanna, Mark, Ryan agus Eoin, triúr de na himreoirí is tábhachtaí atá ag Cill Charthaigh.

Is iad an triúr sin is mó a léiríonn stíl thapa, ghéar Chill Charthaigh ach níl aon locht ar na himreoirí atá timpeall orthu ach an oiread. Ar ndóigh, beidh aithne mhaith ag daoine ar imreoir contae eile atá ag Cill Charthaigh, Paddy McBrearty, ach is mór é an tionchar a bhíonn  Stephen McBrearty, Ciarán McGinley agus Conor Doherty chomh maith,

Cé go bhfuil sé ag tarraingt ar an dá scór, tá an chuma ar Michael Hegarty ní aithneofá é ar na taispeántais atá tugtha aige i lár na páirce i mbliana.

Agus leithéidí na McHughs agus na McBreartys tagtha chun cinn do Chill Charthaigh, bhí daoine ag súil le rudaí móra uathu sa chraobh le cúpla bliain anuas ach, ar chúis amháin nó cúis eile, níor tharla sé go dtí an bhliain seo.

Is cinnte go bhfuil a mianach léirithe acu in 2016, áfach, agus an fód seasta acu i gcoinne na bhfoirne is láidre sa chontae sa bhfeachtas go dtí seo.

Is iad rogha láidir na coitiantachta iad do chluiche an lae inniu agus is é an greadadh a thug siad do churaidh na bliana seo caite, Naomh Conall, an t-údar is mó leis sin. Ba iad fir na nGleannta a dhíbir Chill Charthaigh ón gcraobh anuraidh ach bhain foireann Bhaile an Droichid díoltas amach i mbliana agus bua aon phointe dhéag acu ar Naomh Conall coicís ó shin, 5-10 in aghaidh 1-11.

I bhfianaise an taispeántais sin, tá daoine den tuairim gur córas cosantach a bheidh i bhfeidhm ag Gleann tSúilí tráthnóna chun Cill Charthaigh a stopadh. Ní raibh súil ag mórán ag tús na bliana go sroichfidís an babhta deireanach den chraobh ach tá siad imithe ó neart go neart ó thús an tsamhraidh.

Chaill siad a gcéad chluiche sa chraobh in aghaidh Ard an Rátha ach chríochnaigh ar bharr Grúpa A sa chraobh. Ní raibh siad i mbarr a maitheasa ach an oiread sa chluiche leathcheannais in aghaidh Mhálanna ach rinne siad a ndóthain le teacht slán, tréith a thaispeáin siad go minic  agus ceann a bheadh ag teastáil arís inniu.

Ní haon iontas é go bhfuil  borradh faoi Ghleann tSúilí agus Michael Murphy agus Niall Gallagher fillte. Bhí séasúr Murphy i mbaol nuair a bhain gortú de i gcluiche sraithe ach d’éirigh leis teacht ar ais agus ba é a spreag a fhoireann sna cluichí ceathrú ceannais agus leathcheannais. D’aimsigh sé 2-9 idir an dá chluiche sin.

Beidh taispeántas den chineál céanna, nó níos fearr b’fhéidir, ag teastáil, áfach, má tá Gleann tSúilí chun bliain eile a chur le gorta Chill Charthaigh.

Fág freagra ar 'Cill Charthaigh ag iarraidh deireadh a chur le gorta 23 bliain i gcluiche ceannais peile Dhún na nGall'