Cill Chainnigh agus an Clár sna sála ar Luimneach

Bhí cúpla cluiche taitneamhach againn sa tsraith, cúpla cluiche a bhí lán le teannas, agus roinnt maith cluichí a bhí leamh go leor

Cill Chainnigh agus an Clár sna sála ar Luimneach

Bhuel níl ach dhá fhoireann fágtha ina seasamh agus feachtas na sraithe ag druidim chuig ceann scríbe. Cad is féidir a scríobh faoi roinn 1A? Bhuel bhí cúpla cluiche taitneamhach againn, cúpla cluiche a bhí lán le teannas, agus roinnt maith cluichí a bhí leamh go leor.

Cuireadh tús leis an tsraith iomána an chéad deireadh seachtaine d’Fheabhra. Dar ndóigh caithfidh go raibh meon difriúil ag baint le prapáil dos na cluichí de bharr an athrú atá beartaithe ar leagan amach na sraithe an bhliain seo chugainn. Ní bheidh ach seacht bhfoireann ag imirt i Roinn 1A in 2025, rud a chiallaíonn go mbeadh cúig chontae dícháilithe ó phríomhroinn na bliana seo.

An phríomhsprioc a bhí ag foirne an t-earrach seo mar sin ná críochnú sna chéad trí áit i Ranna 1A agus 1B. É sin déanta bheidís sa phríomhroinn arís an bhliain seo chugainn, mar a bheidh an fhoireann is fearr a chríochnóidh sa cheathrú háit i mbliana.

Ní féidir a rá go raibh na cluichí sa chéad babhta go hiontach ach bhí an-bhrú ar na foirne a chaill agus iad ag déanamh ar an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin.

Ar an dara lá chaill Aontroim in aghaidh Átha Cliath, a scóráil cúl an bhua in am cúitimh gortuithe. Bhí an Clár agus iad as baile níos fearr ná Port Láirge agus bhí bua an deireadh seachtaine ag Tiobraid Árann i gcoinne na Gaillimhe.

Sa chéad bhabhta eile bhuaigh Corcaigh a gcéad phointí, bhí a dtríú comhscór ag Loch Garman agus bhí trí chluiche an-aontaobhach i roinn 1B mar a raibh Luimneach, Tiobraid Árann agus an Ghaillimh buacach go héasca.

Coicís ina dhiaidh sin, bhí Luimneach an-suntasach ina mbua i gcoinne Thiobraid Árann, scóráil Corcaigh cúig chúl i gcoinne Uíbh Fhailí, bhuaigh Loch Garman cluiche an-tábhachtach i gcoinne Phort Láirge (a chinntigh go mbeadh Port Láirge i Roinn 1B in 2025), cuireadh triúr d’imreoirí na Gaillimhe den pháirc i gcoinne Átha Cliath agus bhí bua iontach ag An Clár i gcoinne Cill Chainnigh in Inis.

An tseachtain ina dhiaidh sin scóráil Alan Connolly trí chúl eile do Chorcaigh don dara cluiche i ndiaidh a chéile. Chríochnaigh an cluiche idir an Ghaillimh agus Luimneach ar comhscór agus faoi dheireadh an Domhnaigh bhí a fhios againn go raibh Luimneach, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann agus an Clár cáilithe do na cluichí leathcheannais agus go raibh Aontroim, an Iarmhí, Port Láirge agus Baile Átha Cliath dícháilithe go dtí roinn 1b in 2025.

An Satharn seo caite chuas go Supervalu Páirc Uí Chaoimh agus tharla an rud nach raibh mórán daoine ag súil leis nuair a buadh ar Luimneach. Agus buadh go slachtmhar orthu. B’in an chéad uair le cúig bliana ar chaill Luimneach cluiche díbeartha and ba iad na Cait a rinne an beart an uair sin freisin in 2019 i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Agus bhí an bua sin ar an Satharn seo caite ag teastáil go géar uathu.

Sna trí craobh dheireanacha a bhí eatarthu, dar ndóigh, ba iad fir na ngeansaithe glasa a bhailigh na coirn. B’in craobh 2022 agus dhá chúilín le spáráil acu, craobh na sraithe anuraidh agus aon chúilín déag sa bhreis acu, agus craobh 2023 agus naoi gcúilín d’fharasbarr acu.

Beidh mórán plé i Luimneach ar an gcailliúint sin sna seachtainí amach romhainn.

Ach is iad Cill Chainnigh a bheidh sa chluiche ceannais an Domhnach seo chugainn agus an Clár rompu mar fhreasúra. Tá an dá fhoireann seo sna sála ar Luimneach le cúpla bliain agus is maith an rud go mbeidh ceann acu ag bailiú corn náisiúnta.

Bhí an Clár i bhfad níos fearr ná Tiobraid Árann sa chluiche leathcheannais eile, cé go raibh tréimhsí sa chluiche sin inar tharraing na Tiobraid Árannaigh iad féin ar ais sa chluiche. Tá roinnt fadhbanna ag Liam Cahill agus mí aige anois chun iad a réiteach.

Bhí an bua ag An Clár ar na Cait sa chluiche babhta a bhí eatarthu cúpla seachtain ó shin. Beidh tuilleadh le plé againn an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Cill Chainnigh agus an Clár sna sála ar Luimneach'

  • JP

    Nach leor Páirc Uí Chuív mar ainm? An gá bheith chomh géilliúnach sin? Tá faobhar ar ingne na gCat anois, iad ag borradh is ag at. Mo mhórthuairim go mbéarfaidh siad gach seilg dá bhfuil ann abhaile leo. Fainic!